Skip to main content
Knowledge Centre on Translation and Interpretation

Eolas téamach

Tacaíocht shaincheaptha d’ábhair tosaíochta

Pléann ateangairí Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta le raon leathan ábhar casta gach lá. Chuige sin, bíonn orthu coincheapa sonracha a thuiscint agus a chur in iúl go comhuaineach agus go mionsonrach le téarmaí beachta ina dteanga féin.

Sin é an fáth a dteastaíonn tacaíocht shaincheaptha uathu lena gcuirtear comhthéacs ginearálta ar fáil dóibh, ach sonraí sonracha faoi thopaic freisin. D’fhéadfadh sé nach mbeadh i gceist le hábhar ar leith ach cuid amháin de réimse beartais i bhfad níos mó atá á phlé ar fud na n-institiúidí.

Eagraíonn Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta cúrsaí téamacha lena ndírítear ar na sonraí sonracha sin agus lena bhféachtar ar thopaicí tosaíochta ó dhearcadh an ateangaire.

Le cúrsaí ginearálta ar an dlí, ar an eacnamaíocht agus ar an airgeadas, tugtar bonn maith eolais agus tuisceana d’ateangairí sna réimsí sin. Ina theannta sin, eagraítear cúrsaí agus seimineáir maidir le saincheisteanna tráthúla a bhaineann le tosaíochtaí an Aontais, e.g. clár oibre na gCeannairí, tosaíochtaí institiúideacha, cláir oibre an Choimisiúin.

Pleanáiltear cuid de na cúrsaí roimh ré. Mar sin féin, eagraítear roinnt cúrsaí agus cur i láthair eile le linn na bliana chun na riachtanais a thagann chun cinn a chomhlíonadh de réir mar a chuirtear tionscnaimh éagsúla faoi chaibidil agus eolas cúlra ag teastáil ina leith.

Tugtar cur síos ar an dá phríomhchineál cúrsaí atá le fáil thíos.

Cúrsaí téamacha faoi stiúir saineolaithe seachtracha

Tugann cúrsaí a chlúdaíonn réamhrá ginearálta ar an dlí, ar an ngeilleagar agus ar an airgeadas mionanailís ar na bunghnéithe agus tá siad riachtanach d’fhormhór na n-ateangairí nach bhfuil cúlra speisialaithe acu i gceann de na réimsí sin.

Déanann saineolaithe cúrsaí téamacha níos speisialaithe a ullmhú agus a chur ar fáil go cúramach chun freastal ar riachtanais shonracha na n-ateangairí. I measc na samplaí tá cúrsaí an-teicniúil maidir le cánachas, beartas airgeadaíochta, an tAontas Fuinnimh agus dlí an chomhshaoil, iad bunaithe ar thosaíochtaí na dtrí Uachtaránacht de chuid an Aontais.

Imeachtaí comhroinnte eolais nó ‘cuir i láthair téamacha’

Comhroinneann saineolaithe ón gCoimisiún agus ón gComhairle agus foireann na mbuanionadaíochtaí (misin taidhleoireachta tíortha den Aontas) a gcuid eolais le hateangairí Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta maidir le hábhair nó comhaid shonracha. Is féidir le hateangairí foirne a bhfuil saineolas acu a gcuid saineolais a chomhroinnt freisin.

Díríonn cuir i láthair téamacha ar thosaíochtaí agus ar thograí reachtacha sonracha an Choimisiúin agus na Comhairle, agus déantar iad i mBéarla, i bhFraincis nó i nGearmáinis nó i dteanga dhúchais na saineolaithe. Is deis iontach iad na himeachtaí comhroinnte eolais d’ateangairí idirghníomhú go dlúth le húsáideoirí seirbhísí ateangaireachta freisin.