Treochtaí oiliúna aistriúcháin, ag speisialtóirí i líonra na Máistreachta Eorpaí san Aistriúchán (EMT) – léargais ar nuálaíochtaí, ar theicneolaíocht agus ar infhostaitheacht tar éis céim a bhaint amach
Fáilte chuig Blag EMT
Anseo tiocfaidh tú ar bhailiúchán alt le hollúna, oiliúnóirí, mic léinn agus céimithe ó chláir Mháistreachta Eorpaí san Aistriúchán (EMT) atá mar chuid de líonra EMT agus atá á bhainistiú ag Ard-Stiúrthóireacht Aistriúcháin an Choimisiúin Eorpaigh (DGT).
Leis an mblag is féidir léargais, taithí agus nuálaíochtaí a chomhroinnt
Déanann sé feasacht a mhúscailt agus léargas a thabhairt ar ghairm aistriúcháin an lae inniu agus ar ghairm aistriúcháin na todhchaí.
Gheobhaidh tú ábhar ann freisin ó shaineolaithe ar thionscal na dteangacha. Cuirtear na postálacha ar fáil i gceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais, mar aon le haistriúchán i mBéarla.
Baineann na hábhair a phléitear le gairm an aistriúcháin mar a mhúintear agus a chleachtar í sa lá atá inniu ann ar fud na hEorpa.
Baineann gach blagphostáil le catagóir ar leith:
Gníomhaíochtaí líonra EMT: cruinnithe, imeachtaí agus comhoibriú líonra.
Taithí ghairmiúil/infhostaitheacht: cén cineál/cé na cineálacha taithí gairmiúla atá ar fáil agus atá fiúntach d’oiliúnaithe? Cad a tharlaíonn do dhaltaí i ndiaidh dóibh céim a bhaint amach?
Tionscnaimh oideolaíocha: na conairí gairme éagsúla atá i ngairm an aistriúcháin sa lá atá inniu ann.
Teicneolaíocht an aistriúcháin: cad iad na huirlisí is fearr a oibríonn in earnáil na seirbhísí teanga agus chun oiliúint a chur ar mhic léinn?
Inniúlachtaí aistriúcháin: cad iad na hinniúlachtaí atá ag teastáil do mhargadh an aistriúcháin? Conas a mhúintear iad?
Saincheisteanna aistriúcháin: plé ar straitéisí aistriúcháin, roghanna, cáilíocht...
Ailt is déanaí de bhlag EMT
|
7 April 2026 When Burgundy welcomes accessibility By Tara Waternaux, Mathilde Ribon and Cédric Deplanque, Master 1 TA2M (Multimedia Translation and Accessibility), Université Bourgogne Europe Languages: English, French |
|
![]() |
9 January 2026 A multilingual magazine produced entirely by translation students at the University of Liège By Patricia Janssens , Valérie Maris and Mathilde Mergeai, Translation and Interpreting program in the Department of Modern Languages at the University of Liège Languages: Dutch, English, French |
![]() |
3 December 2025 By Francesco Laurenti, Director of the International Center for Research on Collaborative Translation (IULM University), and Federica Villareale, Doctoral researcher at IULM University, Milan Languages: English, Italian |
![]() |
25 June 2025 By Marco Agnetta, Department of Translation Studies at the University of Innsbruck Languages: Dutch, English, French, German |
![]() |
28 May 2025 By Georgette Fragaki and Eleni Paximadaki, Master students at the Aristotle University of Thessaloniki Languages: English, Greek |



