Ní liosta uileghabhálach é liosta na gcomhlachas thíos. Mar chuid den liosta tá gnáth-chomhpháirtithe an Choimisiúin san ateangaireacht chomhdhála agus san aistriúchán. I gcás comhpháirtithe eile, féach an ateangaireacht chomharthaíochta comhdhála, an ateangaireacht seirbhíse poiblí, an comhar le hollscoileanna, agus an Grúpa Saineolaithe um an Tionscal Teanga (LIND).
Comhlachais ghairmiúla
Association Internationale d’Interprètes de Conférence (AIIC)
Is é AIIC an t-aon chumann domhanda d’ateangairí comhdhála. Tugtar le chéile ann breis agus 3,000 gairmí ó gach mór-roinn. Le breis agus 60 bliain, tá AIIC ag cur ardchaighdeáin cáilíochta chun cinn sa ghairm agus ag déanamh ionadaíochta do leasanna a chleachtóirí. Is é aidhm ghníomhaíochtaí agus thionscadail AIIC cuidiú le cleachtóirí agus leis an bpobal domhanda ateangairí aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a ghabhann le domhan a bhíonn ag athrú go mear.
An Chónaidhm Idirnáisiúnta Aistritheoirí (FIT)
Is grúpáil idirnáisiúnta de chomhlachais aistritheoirí, ateangairí agus téarmeolaithe í FIT. Tá breis agus 100 comhlachas gairmiúil agus institiúid oiliúna cleamhnaithe ann, agus iad ag déanamh ionadaíochta do bhreis agus 000 aistritheoir in 55 tír. Is é an sprioc atá ag FIT ná gairmiúlacht a chur chun cinn sna disciplíní a ndéanann sí ionadaíocht orthu.
Is comhalta de Shainghrúpa LIND é FIT.
An Cumann Eorpach um Staidéar Aistriúcháin (EST)
Bunaíodh EST i Vín in 1992 agus is líonra idirnáisiúnta scoláirí aistriúcháin agus ateangaireachta é a bhfuil comhaltaí aige i mbreis agus 46 thír. Is líonra taighde, fóram malartuithe, agus lárionad le haghaidh acmhainní taighde é. Is é is aidhm dó taighde san aistriúchán agus san ateangaireacht a chothú, breisoideachas do mhúinteoirí aistriúcháin agus ateangaireachta a chur chun cinn, comhairle a thabhairt maidir le hoiliúint a chur ar aistritheoirí agus ar ateangairí agus teagmhálacha a éascú idir cleachtóirí aistriúcháin agus ateangaireachta agus institiúidí acadúla.
Líonra agus comhlachais idirnáisiúnta
An Cruinniú Bliantúil Idirnáisiúnta maidir le Socruithe Teanga, Doiciméadacht agus Foilseacháin (IAMLADP)
Is iad na Náisiúin Aontaithe a chuir IAMLADP ar bun in 1980. Is fóram idirnáisiúnta agus líonra bainisteoirí é le haghaidh eagraíochtaí idirnáisiúnta a fhostaíonn soláthraithe seirbhíse comhdhála agus teanga – aistritheoirí agus ateangairí den chuid is mó. Is deis é cruinniú bliantúil IAMLADP d'eagraíochtaí IAMLADP bualadh le chéile, amharc siar ar an obair atá déanta ag a ngrúpaí oibre agus tascfhórsaí, eolas, smaointe agus na cleachtais is fearr a mhalartú agus líonrú a dhéanamh le chéile.
Tá ardcháil ar Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta agus ar Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin i measc chomhaltaí IAMLADP agus tá siad ina gcathaoirligh ar chuid dá mheithleacha agus dá thascfhórsaí.
Is é an tAontas a d’óstáil IAMLADP 2019. Ar cheann de thorthaí an chruinnithe bhí Ráiteas na Bruiséile maidir leis an ilteangachas. Tá an ráiteas ar fáil i 24 theanga oifigiúla an Aontais agus i 6 theanga oifigiúla na Náisiún Aontaithe.
Cruinniú ar líne a bhí in IAMLADP 2025 agus rinne an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus an Banc Domhanda comhóstáil air idir an 30 Meitheamh agus an 2 Iúil 2025.
Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh, an Coimisiún Eorpach, Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus Comhairle na hEorpa IAMLADP 2026 a chomhóstáil agus tionólfar é i Strasbourg na Fraince.
Conférence Internationale Permanente d'Instituts Universitaires de Traducteurs et Interprètes (CIUTI)
Ba sa bhliain 1960 a cuireadh CIUTI ar bun, agus tá sé ar an gcomhlachas idirnáisiúnta is sine agus is mó le rá d'institiúidí ollscoile ag a bhfuil cláir aistriúcháin agus ateangaireachta. Is gá dianchritéir cháilíochta a chomhlíonadh chun ballraíocht a bhaint amach, ballraíocht ar séala cáilíochta ar leith í.
Tugtar cuireadh go rialta d’Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta agus d’Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin freastal ar chruinnithe CIUTI.
Comhdháil Sheirbhísí Aistriúcháin na Stát Eorpach (COTSOES)
Bunaíodh COTSOES in 1982 agus is líonra gníomhach é ina bhfuil thart ar 50 seirbhís aistriúcháin lárnach rialtais ó thart ar 20 tír Eorpach. Is iad seo a leanas na cuspóirí atá leis:
- comhar agus malartú eolais agus taithí a chothú i measc gairmithe teanga na seirbhíse poiblí.
- cuidiú lena chomhaltaí i dtaca le ceisteanna aistriúcháin, ateangaireachta, téarmaíochta agus teicneolaíochta teanga.
Is comhalta de Shainghrúpa LIND é COTSOES.
Cinn Seirbhísí Ateangaireachta (HINTS)
Is líonra domhanda de chinn seirbhísí ateangaireachta é HINTS, a cruthaíodh in 2006 agus a bhfuil sé d’aidhm aige dea-chleachtais a mhalartú.
Cuireann na comhaltaí comhairle ar fáil, tugann siad tacaíocht dá chéile maidir le hábhair phráinneacha agus fanann siad i dteagmháil rialta le chéile.
Cuireann rannpháirtíocht Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta in HINTS ar a cumas comhoibriú le seirbhísí teanga eagraíochtaí idirnáisiúnta eile, go háirithe i réimse na hateangaireachta.
Cónaidhm Eorpach na nInstitiúidí Náisiúnta Teanga (EFNIL)
Bunaíodh EFNIL ag comhthionól ginearálta a bhallinstitiúidí in 2003. Is iad baill EFNIL na hinstitiúidí sin i ngach tír den Aontas a bhfuil sé de chúram orthu monatóireacht a dhéanamh ar theanga oifigiúil nó ar theangacha oifigiúla a dtíre féin, comhairle a thabhairt maidir le húsáid teanga nó beartas teanga a fhorbairt.
Cuireann EFNIL fóram ar fáil do na hinstitiúidí sin chun eolas a roinnt faoina gcuid oibre agus chun eolas a bhailiú agus a fhoilsiú maidir le húsáid teanga agus beartas teanga san Aontas.
Tá EFNIL freagrach freisin as an Monatóir Eorpach ar Theangacha (ELM), a bhfuil sé mar aidhm aige forléargas a thabhairt ar reachtaíocht teanga agus ar phleanáil san Eoraip. Déanann sé é sin trína bhunachar sonraí de thorthaí taighde cháilíochtúil agus chainníochtúil. In 2017 sheol EFNIL tionscadal nua ar a dtugtar ELIPS (Teangacha Eorpacha agus a dTuigtheacht sa Sféar Poiblí). Féachtar sa tionscadal ar úsáid teangacha Eorpacha mar ionstraimí cumarsáide don rialtas, don reachtaíocht agus don riarachán poiblí.
Comhlachas Thionscal na dTeangacha Eorpacha (ELIA)
Is é ELIA comhlachas trádála seachbhrabúsach na hEorpa de chuideachtaí seirbhíse teanga. In 2005 a bunaíodh é agus tacaíonn sé le soláthraithe Eorpacha seirbhísí teanga trí imeachtaí, oiliúint agus deiseanna líonraithe a eagrú a bhaineann le cuideachtaí atá páirteach san aistriúchán, sa logánú agus i seirbhísí gaolmhara.
Is comhalta de Shainghrúpa LIND é ELIA.
Aontas Eorpach Chumainn na gComhlachtaí Aistriúcháin (EUATC)
Is bratchomhlacht de chomhlachais náisiúnta cuideachtaí aistriúcháin ar fud na hEorpa é EUATC, a bhfuil baill aige san Aontas agus níos faide i gcéin araon.
Feidhmíonn EUATC mar ghuth aontaithe do chuideachtaí seirbhísí teanga agus cuireann sé na caighdeáin is airde cáilíochta agus cleachtais ghnó chun cinn. Cuidíonn sé freisin chun feabhas a chur ar oiliúint na dteangeolaithe ar fud na hEorpa.
Is comhalta de Shainghrúpa LIND é EUATC.
An Comhlachas um Dhomhandú agus Logánú (GALA)
Is comhlachas trádála neamhbhrabúsach idirnáisiúnta é GALA a fhreastalaíonn ar phobal idirnáisiúnta eagraíochtaí agus daoine aonair atá ag obair i dtionscal domhanda na dteangacha chun cumarsáid ilteangach agus gnó domhanda a éascú. Is é misean GALA cabhrú lena chomhaltaí agus forbairt an tionscail a chur chun cinn trí phobail ghairmiúla a fhorbairt agus trí eolas agus dea-chleachtais a chomhroinnt.
Is comhalta de Shainghrúpa LIND é GALA.