Tacaíocht Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta do chúrsaí máistreachta san ateangaireacht chomhdhála
Is éard is cúnamh teagaisc ann, nó ‘cúnamh oideolaíoch’ mar a thugtar air in Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta, cúnamh a chuirtear ar fáil do na hollscoileanna lena gcomhoibrímid agus atá ag cur oiliúint ar ateangairí comhdhála.
Is féidir le hollscoileanna incháilithe iarratas a dhéanamh chun modúil oiliúna shonracha a iarraidh.
Cur chuige uathúil
Tá cur chuige oideolaíoch dá cuid féin forbartha ag Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta chun oiliúint a chur ar ateangairí de réir na gcaighdeán is gá chun oibriú in institiúidí an Aontais. Is mian linn an saineolas sin a chomhroinnt le hollscoileanna chun cuidiú le céimithe a ullmhú chun tabhairt faoinár gcomórtais earcaíochta le bheith ina n-ateangairí foirne agus trialacha creidiúnaithe d’ateangairí ar conradh, sin agus pas a fháil iontu.
Físeáin maidir le tástálacha ionsamhlaithe
Tugann cúnamh oideolaíoch an deis dúinn freisin chun caighdeáin ghairmiúla agus ionchais ghairmiúla a phlé leis na hollscoileanna a chuireann an oiliúint ar fáil. Cé gur minic a chuireann ateangairí gairmiúla oiliúint ar mhic léinn, is deis luachmhar é cuntas pearsanta a fháil ó ateangaire foirne atá ag obair sa Choimisiún Eorpach. Is féidir le mic léinn foghlaim faoi rudaí, cuir i gcás beartais an Aontais, ionchais fostaíochta agus an saol laethúil mar ateangaire comhdhála in institiúid de chuid an Aontais.
Na cineálacha cúnaimh
Is féidir le hollscoileanna 3 chineál cúnaimh oideolaíoch a iarraidh, is iad sin:
- oiliúint do mhic léinn
- oiliúint d’oiliúnóirí
- Freastal Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta ar thrialacha infheidhmeachta nó ar scrúduithe meántéarma nó deiridh
I gcás oiliúint do mhic léinn, tá go leor modúl ann as ar féidir rogha a dhéanamh. Ar an leathanach ‘Cúnamh Oiliúna’, íoslódáil an comhad faoi ‘Cúnamh ar an láthair agus ar líne’.
Oiliúnóirí agus ábhar oiliúna
Is ateangairí foirne iad oiliúnóirí cúnaimh oideolaíocha ar cuireadh oiliúint orthu go hinmheánach chun mic léinn agus oiliúnóirí a theagasc. Tá rochtain acu ar ábhar oiliúna a d’fhorbair ár n-oiliúnóirí a bhfuil ardtaithí acu.
Tionchar
Le 3 bliana anuas, tá thart ar 350 lá de chúnamh oideolaíoch tugtha ag Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta do bhreis agus 50 ollscoil i dtíortha den Aontas agus i dtíortha is iarrthóirí.
Déan teagmháil linn
Dá mba mhaith leat tuilleadh a fháil amach faoinár gcóras cúnaimh oideolaíoch, nó dá mba mhaith leat insint dúinn faoin gcaoi a dtacaíonn tú le hoiliúint d’ateangairí comhdhála, ba mhaith linn cloisteáil uait. Chun é sin a dhéanamh, cruthaigh pobal agus comhroinn do chuid eolais.
Acmhainní