Anseo thíos tá liosta tionscnamh a léiríonn na dóigheanna a bhfuil an tAontas ag cothú obair i réimse na dteicneolaíochtaí teanga
Tionscnaimh an Aontais
Tá dul chun cinn tapa á dhéanamh sna líonraí néaracha, sa mheaisínfhoghlaim agus san anailísíocht sonraí, agus dá bharr sin tá méadú ag teacht ar an tábhacht a bhaineann le próiseáil teanga nádúrtha mar phríomhréimse taighde agus nuálaíochta. Tá an tAontas cheana féin ag féachaint leis na teicneolaíochtaí sin a chur chun cinn, agus tá sé ag cur maoiniú ar fáil dóibh, go háirithe tríd an gclár taighde Fís 2020 agus tríd an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa. Tá an tseirbhís meaisínaistriúcháin ar líne, eTranslation, ar na gaiscí atá déanta ag an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa.