Skip to main content
Knowledge Centre on Translation and Interpretation

Tionscadail taighde faoin ateangaireacht a mhaoiníonn an tAontas Eorpach

<p>Faigh tuilleadh eolais faoi thionscadail taighde a mhaoiníonn an tAontas Eorpach</p>

An chian-ateangaireacht agus an intleacht shaorga

Tionscadal taighde in Ollscoil Ghent maidir le huirlisí IS sa bhoth agus an t-ualach cognaíoch

In 2024 ghlac 12 ateangaire de chuid Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta páirt i staidéar chun a chinneadh conas a théann uirlisí tacaíochta IS-bhunaithe i bhfeidhm ar ateangairí sa bhoth agus chun an t-ualach cognaíoch ar ateangairí a thomhas agus iad ag obair leis na huirlisí sin agus gan iad.

SmarTerp

Le SmarTerp, comhtháthaítear cúnamh meaisín i sreabhadh oibre na hateangaireachta daonna agus cuireann sé réiteach cian-ateangaireachta comhuainí atá cumhachtaithe ag an intleacht shaorga ar fáil. Cuidíonn an réiteach sin le hateangairí déileáil le gníomhaíocht dhúshlánach na hateangaireachta comhuainí agus cuireann sé an tseirbhís in oiriúint do riachtanais téarmaíochta an chustaiméara.

Uathaithint Cainte (ASR)

Ba thionscadal taighde é ASR a chómhaoinigh Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta. Bhí sé ar siúl idir Meán Fómhair 2020 agus Lúnasa 2021. Is í Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta, Ollscoil Gent agus Ollscoil Johannes Gutenberg Mainz a rinne é. Leis an tioscadal, rinneadh measúnú ar na tairbhí agus an úsáideacht a d’fhéadfadh a bheith ag baint le teicneolaíocht uathaitheanta cainte sa bhoth. D’fhéadfadh uathaithint cainte obair na n-ateangairí sa bhoth a éascú toisc go mbaineann an córas eolas as fuaim an chainteora, agus taispeánann sé uimhreacha, ainmneacha agus téarmaíocht.

Ateangaireacht trí mheán físeáin

AVIDICUS – Assessment of Video-Mediated Interpreting in the Criminal Justice System [Measúnú ar Ateangaireacht Trí Mheán Físeáin sa Chóras Ceartais Choiriúil]

Is tionscadal é AVIDICUS a chuirtear i gcrích i dtrí chéim ina ndearnadh measúnú ar iontaofacht agus ar cháilíocht na hateangaireachta trí mheán físe in imeachtaí coiriúla chun feabhas a chur ar an gcomhar breithiúnach ar fud na hEorpa. Tá rannóg oiliúna ag AVIDICUS freisin maidir le hateangaireacht trí mheán físe d’ateangairí agus do chleachtóirí dlí.

SHIFT – SHaping the Interpreters of the Future and of Today [Fabhrú Ateangairí na Todhchaí agus an Lae Inniu]

Ba thionscadal 3 bliana Erasmus+ é SHIFT a mhaoinigh an Coimisiún Eorpach in 2015. Ba é sprioc an tionscadail réiteach cuimsitheach a fhorbairt le haghaidh oiliúint sa chianateangaireacht san ardoideachas agus san fhoghlaim ar feadh an tsaoil. Baineadh é sin amach trí chomhoibriú idir ateangairí agus líonra Eorpach ollscoileanna a chuireann cláir ateangaireachta ar fáil.

Tuilleadh eolais faoi thionscadal SHIFT

Ateangaireacht sa réaltacht fhíorúil

IVY – Interpreting in Virtual Reality [Ateangaireacht i Réaltacht Fhíorúil] 

D’úsáid IVY gnéithe spreagúla theicneolaíocht na timpeallachta fíorúla tríthoisí (3T).

EVIVA - Evaluating the Education of Interpreters and their Clients through Virtual Learning Activities [Meastóireacht ar Oideachas Ateangairí agus a gcuid cliant] 

Le EVIVA, rinneadh meastóireacht ar na deiseanna oideachasúla a bheidh ar fáil d’ateangairí agus dá gcliaint amach anseo le trí chineál timpeallachta fíorúla foghlama, is iad sin timpeallachtaí fíorúla 3T, timpeallachtaí bunaithe ar fhíschomhdháil agus timpeallachtaí bunaithe ar fhíseán.

Ateangaireacht dhlíthiúil, dhaonnúil agus seirbhíse poiblí

Chuir Ollscoil Autònoma de Barcelona sraith físeán ar fáil maidir le hAteangaireacht Seirbhíse Poiblí agus Dúshláin na Mílaoise Nua, le tacaíocht airgeadais ó Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta.

Bhí sé d’aidhm ag an bhfísthionscadal obair agus oiliúint ateangairí gairmiúla i seirbhísí poiblí Eorpacha a chur chun cinn agus a fheabhsú. Is iad seo a leanas na príomhchuspóirí a bhí leis:

  • ábhar closamhairc a bhfuil rochtain oscailte air a fhorbairt d’oiliúnóirí agus d’oiliúnaithe san ateangaireacht seirbhíse poiblí agus do lucht spéise ginearálta
  • infheictheacht a thabhairt d’obair ateangairí seirbhíse poiblí san Aontas agus don tábhacht a bhaineann le cláir oiliúna ateangaireachta seirbhíse poiblí
  • ateangaireacht seirbhíse poiblí a chur i láthair do mhic léinn ateangaireachta comhdhála mar bhealach chun cur lena n-eolas ar mhodhanna ateangaireachta, ar réimsí gníomhaíochta agus ar chomhthéacsanna cumarsáide.

Féach ar an tsraith físeán

ImPLI - Improving Police and Legal Interpreting [Ateangaireacht na bPóilíní agus Ateangaireacht Dhlíthiúil a Fheabhsú]

Staidéar comparáideach a bhí in ImPLI ar chleachtais cheistithe agus ateangairí mar idirghabhálaithe, go háirithe ag na póilíní, sa Bheilg, sa tSeicia, sa Fhrainc, sa Ghearmáin, san Iodáil agus in Albain. Bhí dhá chuspóir i gceist leis an tionscadal:

  • plé i measc gairmithe a spreagadh nó a leathnú
  • eolas agus dea-chleachtais a chomhroinnt i measc chomhpháirtithe ImPLI.

CO-Minor-IN/QUEST

Dhírigh an tionscadal sin ar íospartaigh, daoine atá faoi amhras agus finnéithe atá leochaileach agus faoi 18 mbliana d’aois, agus ar an dóigh ar cheart an t-eolas, an tacaíocht agus an chosaint is gá a chur ar fáil dóibh. Rinneadh taighde luachmhar sa tionscadal agus táirgeadh ábhar chun cuidiú le hateangairí cúnamh a thabhairt dá ‘gcliaint’ óga ar an mbealach is fearr is féidir.

CO-Minor-IN/QUEST I - Leathanach Tionscadail KU Leuven

CO-Minor-IN/QUEST II - Leathanach Tionscadail KU Leuven

CO-Minor-IN/QUEST - Leanaí agus Ceartas: Bacainní Teanga a Shárú

CO-Minor-IN/QUEST - Moltaí

CO-Minor-IN/QUEST - Lámhleabhar d’Oiliúnóirí    

SOS-VICS – Speak Out for Support [Labhair amach chun tacaíocht a fháil]

Bhí sé d’aidhm ag an tionscadal píolótach seo, arna chómhaoiniú ag clár an Aontais um cheartas coiriúil agus ag ollscoileanna comhpháirtíochta, feabhas a chur ar oiliúint ateangairí atá ag obair i réimse an fhoréigin inscne.

JUSTISIGNS – Sign Language Interpreting in the Legal Context [Ateangaireacht Chomharthaíochta i gComhthéacs Dlíthiúil]

Is minic a chuireann an t-aitheantas teoranta ar theangacha comharthaíochta srian ar rochtain daoine bodhra ar eolas ag gach céim den phróiseas dlíthiúil. Dhírigh JUSTISIGNS ar scileanna a aithint le haghaidh ateangaireacht chomharthaíochta i dtimpeallachtaí dlíthiúla agus ar oiliúint a sholáthar d’ateangairí comharthaíochta atá cáilithe, agus dóibh sin atá le cáilíocht a bhaint amach sa réimse sin.

ReACTMe – Research, Action and Training in Medical Interpreting [Tionscadal Taighde, Gníomhaíochta agus Oiliúna san Ateangaireacht Leighis]

Le ReACTMe, tugadh 6 institiúid le chéile ón Rómáin (Ollscoil Babe-Bolyai agus Ollscoil Leighis agus Cógaisíochta Iuliu Haţieganu), ón Iodáil (Ollscoil Bologna agus ó Ollscoil Staidéar Idirnáisiúnta na Róimhe) agus ón Spáinn (Ollscoil San Jorge agus Ollscoil Murcia).

Bhí sé d’aidhm aige uirlisí a chur ar fáil chun oiliúint a chur ar ateangairí leighis, oiliúnóirí agus foghlaimeoirí ardoideachais, agus chun curaclam a dhearadh le haghaidh modúl seach-churaclaim.

ReTrans

Bhí sé d’aidhm ag an tionscadal Erasmus+ ReTrans feasacht a mhúscailt maidir le hateangaireacht i gcásanna daonnúla agus imirce trasteorann agus aird a tharraingt ar na dúshláin a bhaineann le hidirghabháil teanga i limistéir idirthurais dídeanaithe. Rinneadh é sin trí ábhair teagaisc atá éasca le húsáid a chur ar fáil do dhaltaí agus do mhúinteoirí ó institiúidí ateangaireachta ardoideachais.

Tháinig comhpháirtithe sa tionscadal ó cheithre thír ar na bealaí imirce Eorpacha le cheile, i gceithre phacáiste oibre, chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais na ndaoine a oibríonn i limistéir idirthurais agus chun tuiscint ar na dúshláin a bhaineann, ní amháin leis an eadráin ina leithéidí de thimpeallacht, ach le soláthar seirbhísí teanga a bhainistiú go sásúil le haghaidh gach páirtí lena mbaineann, a thabhairt do mhic léinn agus teagascóirí i dtimpeallachtaí ardoideachais. Ach guth a thabhairt d’ateangairí, d’ionadaithe institiúideacha agus do dhídeanaithe, tá sé i gceist leis an tionscadal ReTrans an plé a chothú idir gníomhairí ar an láthair agus i saoráidí ardoideachais.

Ateangaireacht go teanga chomharthaíochta

SignAll 

Aistríonn an córas SignAll teanga chomharthaíochta go díreach, rud a chabhróidh ní amháin le daoine bodhra, ach a mhúinfidh do dhaoine eile conas iad féin a chur in iúl trí theanga chomharthaíochta.

SiMAX – the Sign Language Avatar [An tAbhatár Teanga Chomharthaíochta

D’fhorbair taighdeoirí a fuair maoiniú ón Aontas abhatár a chuideoidh chun ábhar digiteach agus eolas poiblí a dhéanamh níos inrochtana don phobal bodhar.

EASIER

Tionscadal de chuid ‘Fís 2020’ ab ea EASIER a raibh sé mar aidhm aige córas iomlán ilteangach meaisínaistriúcháin a dhearadh, a fhorbairt agus a bhailíochtú. Feidhmeoidh an córas mar chreat le haghaidh cumarsáid saor ó bhacainní i measc daoine bodhra agus éisteachta.

SignON – Sign Language Translation Mobile Application and Open Communications Framework [Feidhmchlár Soghluaiste Aistriúcháin Teanga Comharthaíochta agus Creat Cumarsáide Oscailte]

Nascann SignON an deighilt teanga i measc úsáideoirí teanga comharthaíochta bodhra, daoine a bhfuil deacrachtaí éisteachta acu agus daoine éisteachta trí na bacainní faisnéise atá ann cheana a shárú.