Skip to main content
Knowledge Centre on Translation and Interpretation

Aistriúchán institiúideach/dlíthiúil

Baineann an t-aistriúchán le cineálacha éagsúla ábhair a chur ar fáil ó theanga amháin go teanga eile, rud a fhágann go mbeidh an t-aschur curtha in oiriúint go hiomlán nó curtha in eagar. Go traidisiúnta, tagraíodh don aistriúchán mar théacs a thiontú ó theanga amháin go teanga eile. Ach leathnaíodh é ó shin chun aistriú téacs chuig formáidí eile cuir i gcás bogearraí, físeáin agus ábhar ilmheán eile a chur san áireamh.

Tá cineálacha éagsúla aistriúcháin ann:

  • aistriúchán institiúideach/dlíthiúil
  • meaisínaistriúchán a ndéantar iar-eagarthóireacht air
  • aistriúchán closamhairc 

Tá cineálacha eile aistriúcháin ann freisin, cuir i gcás aistriúchán leighis, teicniúil agus liteartha. 

Is in institiúidí poiblí, idir náisiúnta agus idirnáisiúnta, a dhéantar an t-aistriúchán institiúideach. Is minic a bhíonn oibríochtaí ilteangacha i gceist leis agus is le beartais aistriúcháin agus oibríochtaí institiúideacha a rialaítear é. Sa chás sin, is iondúil go ndéantar an t-aistriúchán a chaighdeánú, agus treoraithe stíle agus uirlisí áirithe á n-úsáid, agus béim á leagan ar chomhsheasmhacht stíle. 

Bíonn aistritheoir in institiúid ag plé go príomha le haistriúchán dlíthiúil, le téacsanna ó réimsí teicniúla, talmhaíochta agus airgeadais, mar shampla. 

Tá Ard-Stiúrthóireacht Aistriúcháin an Choimisiúin Eorpaigh ar cheann de na comhlachtaí aistriúcháin institiúideacha is mó ar domhan le breis agus 2,500 teangeolaí agus foireann tacaíochta. Molann an Coimisiún reachtaíocht maidir le réimsí éagsúla agus déanann sé aistriúcháin i dteangacha oifigiúla uile an Aontais.