Skip to main content
Knowledge Centre on Translation and Interpretation

Tionscadail taighde faoin aistriúchán a mhaoiníonn an tAontas Eorpach

Faigh tuilleadh eolais faoi thionscadail taighde a mhaoiníonn an tAontas Eorpach

Tá roinnt tionscadail taighde a bhaineann leis an aistriúchán maoinithe ag an Aontas Eorpach. Tá na tionscadail sin ábhartha go háirithe d’ollscoileanna i líonra na Máistreachta Eorpaí san Aistriúchán (EMT), toisc go bhfuil scoláirí de chuid a gclár ar staidéar an aistriúcháin rannpháirteach mar chomhordaitheoirí agus mar bhaill araon.

Meaisínaistriúchán (MT) agus Litearthacht IS

LT-LiDER

Teanga agus Aistriúchán: Litearthacht i dTimpeallachtaí Digiteacha agus Acmhainní Digiteacha

Tá sé mar aidhm ag tionscadal LT-LiDER an méid seo a leanas a dhéanamh: i) mapáil a dhéanamh ar na cumais theicneolaíocha a theastaíonn ó shaineolaithe teanga agus aistriúcháin, agus ii) ábhair oiliúna a chruthú chun cabhrú le hoiliúnóirí a gcuid scileanna a threisiú agus straitéisí oideolaíocha éifeachtacha a ghlacadh chun an teicneolaíocht a chomhtháthú ina seomraí ranga. 

Tá trí phríomhchuspóir ag an tionscadal, is iad sin: 

  • feasacht a mhúscailt i measc saineolaithe teanga agus aistriúcháin maidir leis an tábhacht a bhaineann leis na teicneolaíochtaí atá ann faoi láthair a thuiscint agus a chur i bhfeidhm
  • ábhair oiliúna a chruthú do ghairmithe agus do mhic léinn
  • torthaí luathchéime a chur in iúl chun an spriocphobal a mhealladh agus a n-aiseolas a chur san áireamh sula dtabharfar an tionscadal chun críche. 

Tugtar aird ar leith ar oiliúnóirí teanga agus aistriúcháin, teagascóirí ollscoile agus oideachasóirí foghlama ar feadh an tsaoil ina measc, agus cuirtear acmhainní ar fáil chun na teicneolaíochtaí seo a chomhtháthú i léachtaí. 

Leathanach bail LT-LiDER 

Tionscadail LT-LiDER

ProMut: Ardán LT-LiDER maidir le Meaisínaistriúchán Néarach

UP-TRANS

Scileanna aistritheoirí a fheabhsú i réimse na hiareagarthóireachta ar an meaisínaistriúchán

Cuireann an tionscadal seo cúrsaí foghlama ar feadh an tsaoil ar fáil i mBéarla, i nGearmáinis, i bhFraincis, i Spáinnis, i Rúisis agus i Seicis i réimse na hiareagarthóireachta ar an meaisínaistriúchán

Is é is aidhm dó borradh a chur faoi scileanna na n-aistritheoirí maidir le téacsanna meaisínaistrithe a ndearnadh iareagarthóireacht orthu. I measc na scileanna sin, tá: 

  • cruinneas a fheabhsú: cinnte a dhéanamh de go bhfuil téacsanna meaisínaistrithe cruinn agus oiriúnach ó thaobh an chomhthéacs de
  • leanúnachas a choinneáil: an téarmaíocht agus an stíl a choinneáil leanúnach ó thús go deireadh an doiciméid.
  • inléiteacht a mhéadú: cinnte a dhéanamh de go bhfuil an téacs deiridh soiléir agus éasca le léamh. 

Tionscadal a mhaoiníonn an tAontas Eorpach laistigh de scéim de chuid na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) de chuid an Aontais 

An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta - An Coimisiún Eorpach 

Leathanach baile UP-TRANS

MultiTraiNMT 

Oiliúint i réimse an mheaisínaistriúcháin do shaoránaigh ilteangacha

Díríonn tionscadal MultiTraiNMT ar oiliúint i réimse an mheaisínaistriúcháin (MT) do shaoránaigh ilteangacha. 

Tá sé d’aidhm aige na nithe seo a leanas a dhéanamh: 

  • siollabas cothrom le dáta a chur ar fáil maidir leis an meaisínaistriúchán
  • ardán meaisínaistriúcháin néaraigh (NMT) a fhorbairt atá dírithe ar an oideolaíocht. 

Is é Prompsit, i gcomhar le comhpháirtithe tionscnaimh MultiTraiNMT, a d’fhorbair an tionscadal agus féachann sé le hábhair rochtana oscailte a fhorbairt, a mheas agus a chomhroinnt chun an teagasc agus an fhoghlaim i réimse an mheaisínaistriúcháin a fheabhsú. 

Ina theannta sin, tá sé d’aidhm aige siollabas nuálach a chruthú i réimse an mheaisínaistriúcháin, ag díriú go háirithe ar NMT bunaithe ar theicnící domhainfhoghlama. 

Leathanach baile Multitrainmt 

UPSKILLS

Scileanna Mac Léinn Teangeolaíochta agus Teanga a Uasghrádú

Is é is aidhm do thionscadal UPSKILLS bearnaí scileanna agus mímheaitseálacha i gcláir a bhaineann le teanga agus leis an aistriúchán a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu.

Díríonn sé ar thaighde tionscalbhunaithe a chomhtháthú sa teagasc maidir le conas mic léinn a dhéanann staidéar ar chúrsaí teanga a ullmhú níos fearr don mhargadh fostaíochta, go háirithe i dtionscal na teanga

Trí chomhchuid churaclaim nua agus ábhair tacaíochta a fhorbairt, tugann an tionscadal peirspictíocht atá dírithe ar thaighde isteach chun infhostaitheacht na mac léinn a threisiú. Tugann an tionscnamh seo na scileanna is gá do mhic léinn chun freastal ar éilimh athraitheacha an mhargaidh fostaíochta, ag cinntiú go bhfuil siad ullmhaithe go maith do ghairmeacha sa teangeolaíocht agus i réimsí a bhaineann le teanga. 

Leathanach baile thionscadal Upskills 

RESONANT 

Comhar taighde i réimse oiliúna aistritheoirí institiúideacha

Díríonn an tionscadal RESONANT ar chineálacha éagsúla aistriúcháin, go háirithe i gcomhthéacs oiliúint aistritheoirí institiúideacha don Aontas Eorpach. Seo iad na príomhchineálacha aistriúcháin a mbíonn na hollscoileanna rannpháirteacha ag plé leo:

  • aistriúchán dlí: doiciméid dlí, conarthaí agus ábhar eile atá ceangailteach ó thaobh an dlí de a aistriú, rud atá ríthábhachtach d’institiúidí an Aontais
  • aistriúchán teicniúil: doiciméid theicniúla, lámhleabhair agus tuarascálacha a aistriú, agus cruinneas agus leanúnachas a chinntiú maidir le saintéarmaíocht
  • aistriúchán riaracháin: doiciméid riaracháin agus ábhar cumarsáide a aistriú laistigh d’institiúidí an Aontais agus d’institiúidí náisiúnta
  • téarmeolaíocht: bunachair téarmaí le haghaidh úsáid institiúideach a chruthú agus a bhainistiú, agus aonfhoirmeacht agus soiléireacht a chinntiú i ndoiciméid oifigiúla. 

Cuireann gach ollscoil a saineolas leis na réimsí sin chun oiliúint agus inniúlachtaí aistritheoirí atá ag obair in institiúidí an Aontais agus in institiúidí náisiúnta a threisiú. 

Tionscadal RESONANT 

Foilseachán eolaíoch: 

Oiliúint Aistritheoirí Institiúideacha | Tomáš Svoboda, Łucja Biel, Vilelmini Sosoni 

DigiLing 

Teangeolaithe a chumhachtú le scileanna digiteacha don mhargadh fostaíochta nua-aimseartha

Tionscadal Comhpháirtíochta Straitéisí Erasmus+ (2016-2019) ab ea DigiLing, a raibh sé mar aidhm aige freastal ar éilimh mhéadaitheacha i margadh fostaíochta na hEorpa ar theangeolaithe a bhfuil scileanna digiteacha acu. Ba é príomh-aschur an tionscadail mol ríomhfhoghlama DigiLing, ina raibh croí-mhodúil ar líne a chumhdaíonn na scileanna agus na hinniúlachtaí riachtanacha sa teangeolaíocht dhigiteach. 

Mar thoradh gaolmhar ar an tionscadal, forbraíodh Comhchlár Máistreachta nua sa Teangeolaíocht Dhigiteach ina raibh 3 chomhpháirtí ollscoile páirteach, is iad sin: Ollscoil Liúibleána, Ollscoil Shágraib agus Ollscoil Masaryk. 

Cad is teangeolaíocht dhigiteach ann? 

Is réimse idirdhisciplíneach nua í a fhorbraíonn eolas agus scileanna chun ábhar teanga a thuiscint, a phróiseáil agus leas a bhaint as sa ré dhigiteach. Is meascán den teangeolaíocht agus den ríomhaireacht é an disciplín nua seo, agus cruthaíonn sé uirlisí cumhachtacha ag crosbhóthar idir an staidéar traidisiúnta teanga agus na teicneolaíochtaí faisnéise.

Leathanach baile DigiLing

InterReal 

Iniúchadh córasach ar aistriúcháin idir-réalaíocha in ilchruinne na meán

Tugtar le fios i dtionscadal InterReal go bhfuil tírdhreach na meán ag forbairt i dtreo ilchruinne na meán, lena gcuimseofar sraith ilghnéitheach de ‘réaltachtaí’ malartacha a ghineann na meáin, ó réaltacht fhíorúil thumthach (VR) go sraitheanna den réaltacht bhreisithe (AR) a léirshamhlaítear ar fud an domhain fhisiciúil agus shaol fíorúil na gcluichí digiteacha. 

Tá meicníochtaí an aistriúcháin idir-réalaíoch le fáil go forleathan in ilchruinne na meán. Is éard atá i gceist leo aistrithe idirshéimeolaíocha rudaí, ábhar agus spásanna iad ó chineál amháin réaltachta go cineál eile. 

Tá an tionscadal á mhaoiniú ag an gComhairle Eorpach um Thaighde agus beidh sé ar siúl ar feadh 5 bliana, ó 2025 go 2030.

Iniúchadh Córasach ar Aistriúcháin Idir-réalaíocha in Ilchruinne na Meán | InterReal | Tionscadal | Bileog eolais | HORIZON | CORDIS | an Coimisiún Eorpach 

MaTIAS 

Feabhas a chur ar inrochtaineacht eolais d’iarrthóirí tearmainn tríd an ard-meaisínaistriúchán

Is é is aidhm do thionscadal MaTIAS teicneolaíochtaí meaisínaistriúcháin a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun feabhas a chur ar inrochtaineacht eolais d’iarrthóirí tearmainn san Eoraip. 

Trí leas a bhaint as ardteicnící próiseála teanga nádúrtha, féachann an tionscadal le haistriúcháin chruinne iontaofa a chur ar fáil ar eolas riachtanach, rud a chuideoidh le hiarrthóirí tearmainn eolas a fháil faoi sheirbhísí dlí, leighis agus sóisialta ar bhealach níos éifeachtaí. 

Tá an tionscnamh sin mar chuid de chlár comhaltachta iardhochtúireachta Ghníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie (MSCA) an Aontais, clár a thacaíonn le taighde agus oiliúint nuálach. 

MaTIAS: An meaisínaistriúchán chun eolas a chur ar fáil d’iarrthóirí tearmainn 

Foilseacháin: 

MaTIAS: An meaisínaistriúchán chun eolas a chur ar fáil d’iarrthóirí tearmainn, an staidéar 

Ollscoil Ghent – Leabharliosta acadúil 

DUAL-T

Cineálacha cur chuige atá dírithe ar an úsáideoir a fhorbairt maidir le nuálaíocht theicneolaíoch san aistriúchán liteartha

Díríonn tionscadal DUAL-T ar chineálacha cur chuige atá dírithe ar an úsáideoir a fhorbairt maidir le nuálaíocht theicneolaíoch san aistriúchán liteartha. Is é is aidhm dó dlús a chur le próiseas an aistriúcháin trí ardteicneolaíochtaí a fhreastalaíonn ar riachtanais aistritheoirí agus úsáideoirí deiridh a chomhtháthú. Tá an tionscadal sin mar chuid de chlár comhaltachta iardhochtúireachta Ghníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie (MSCA) an Aontais, clár a thacaíonn le taighde agus oiliúint nuálach. 

DUAL-T: Cineálacha cur chuige atá dírithe ar an úsáideoir a fhorbairt maidir le nuálaíocht theicneolaíoch san aistriúchán liteartha 

AI Write

Comhtháthú na hardteicneolaíochta sa scríbhneoireacht acadúil laistigh de churaclaim ollscoile agus de struchtúir tacaíochta mac léinn

Tá tionscadal AI Write á mhaoiniú le deontas Erasmus+ (159450), agus is é is aidhm dó arduirlisí IS a leabú i gcúrsaí ollscoile agus i seirbhísí tacaíochta do mhic léinn chun feabhas a chur ar scríbhneoireacht acadúil.

Díríonn an tionscadal ar scileanna scríbhneoireachta mac léinn a neartú trí theicneolaíochtaí IS a ghiaráil chun aiseolas pearsantaithe a sholáthar, próisis scríbhneoireachta a fheabhsú, agus tacú leis an scríbhneoireacht acadúil ilteangach. Tá na nithe seo a leanas i measc na bpríomhchuspóirí atá leis:

  • uirlisí IS a fhorbairt: uirlisí atá bunaithe ar IS a chruthú a chuidíonn le mic léinn ag céimeanna éagsúla den phróiseas scríbhneoireachta, ó thobsmaointeoireacht go heagarthóireacht deiridh
  • comhtháthú curaclaim: na huirlisí IS sin a ionchorprú i gcuraclaim ollscoile chun tacú le cúrsaí agus ceardlanna scríbhneoireachta acadúla
  • tacaíocht do mhic léinn: acmhainní breise agus struchtúir tacaíochta a chur ar fáil chun cabhrú le mic léinn uirlisí IS a úsáid go héifeachtach
  • taighde agus meastóireacht: taighde a dhéanamh chun meastóireacht a dhéanamh ar thionchar uirlisí IS ar thorthaí scríbhneoireachta mac léinn agus na huirlisí a bheachtú bunaithe ar aiseolas.

Leathanach baile AI Write

Hack-IT 

Modheolaíochtaí haiceatóin agus nuálacha san ardoideachas

Is é is aidhm don tionscadal comhpháirtíochta straitéisí Erasmus seo modheolaíochtaí nuálacha a chur i bhfeidhm, cuir i gcás haiceatóin, réaltacht bhreisithe, intleacht shaorga, smaointeoireacht deartha chomh maith le modheolaíochtaí eile don fhoghlaim ar líne agus don fhoghlaim chumaisc.

Díríonn an tionscadal ar líonra inbhuanaithe institiúidí oideachais a chruthú a oibríonn ar líne agus duine le duine, lena gcuirtear feabhas ar ullmhacht dhigiteach agus modheolaíochtaí nuálacha teagaisc.

Leathanach baile HACK-IT
HACK-IT: Modheolaíochtaí Haiceatóin agus Nuálacha bunaithe ar TFC san Ardoideachas | Haaga-Helia
HACK-IT: Modheolaíochtaí Haiceatóin agus Nuálacha san Ardoideachas - Ollscoil Teicneolaíochta Kaunas | KTU
University West - HACK-IT - Líonra um institiúid oideachasúil

Oiliúint aistritheoirí a nua-aoisiú

OTCT 

Oiliúint aistritheoirí a bharrfheabhsú trí aistriúchán teicniúil comhoibríoch agus fíorchleachtais

Is comhpháirtíocht straitéiseach Erasmus+ é tionscadal OTCT arb é is aidhm dó feabhas a chur ar oiliúint aistritheoirí trí chleachtais atá dírithe ar ábhair ghairmiúla a chomhtháthú i gcláir chéime aistriúcháin ollscoile. Is seachtháirge é an tionscadal seo ó thionscadal ‘Oiliúint Aistritheoirí Gairmiúla a Bharrfheabhsú in Eoraip Ilteangach’ (OPTIMALE).

Is iad seo a leanas cuspóirí an tionscadail:

  • Oiliúint aistritheoirí a bharrfheabhsú trí aistriúchán teicniúil comhoibríoch: bíonn dianseisiúin chomhoibritheacha aistriúcháin theicniúil (Tradutech) i gceist leis an tionscadal, agus oibríonn mic léinn faoi dhálaí gairmiúla ionsamhlaithe. Cabhraíonn na seisiúin sin le mic léinn eolas a chur ar na céimeanna éagsúla de thionscadal aistriúcháin, ó iarratais ó chustaiméirí go tionscadail a sheachadadh
  • Cleachtais atá dírithe ar an ngairm a chomhtháthú: trí fhíorchásanna ó thionscal an aistriúcháin a ionchorprú sa churaclam, tá sé mar aidhm ag an tionscadal infhostaitheacht na mac léinn a mhéadú agus an caidreamh idir ollscoileanna Eorpacha a neartú.

Cúlra agus Cuspóirí OTCT

Líonra Comhair Philotrans

Conairí solúbtha foghlama a chruthú sa teangeolaíocht fheidhmeach agus i léann an aistriúcháin

Tá sé mar aidhm ag an tionscadal líonra cuimsitheach de mhodúil theagascacha fhileolaíocha agus aistritheacha a chruthú. D’fhágfadh siad sin go bhféadfaí conairí foghlama solúbtha éagsúla a bheith ann a mbeadh comhchéimeanna mar thoradh orthu, lena gcomhcheanglófaí príomhinniúlachtaí ó fhileolaíocht teangacha iasachta (agus béim níos láidre á leagan ar an litríocht) agus ó léann an aistriúcháin (agus béim níos láidre á leagan ar theanga chun críoch sonrach agus ar theicneolaíocht shonrach).

Féachann an tionscadal sin ar chineálacha éagsúla aistriúcháin laistigh dá chreat. Is iad seo a leanas roinnt de na príomhréimsí:

  • sainteangacha agus téacsanna teicniúla: cuimsítear leis sin aistriúchán ar théacsanna a bhaineann le réimsí sonracha, cuir i gcás an leigheas, an dlí agus an teicneolaíocht
  • aistriúchán liteartha agus cultúrtha: díríonn sé sin ar an litríocht agus téacsanna cultúrtha a aistriú, rud a éilíonn go minic tuiscint dhomhain ar na cultúir fhoinseacha agus ar na sprioc-chultúir
  • aistriúchán téarmaíochta: baineann sé sin le bunachair téarmaí le haghaidh tascanna aistriúcháin a chruthú agus meastóireacht a dhéanamh orthu agus coibhéisí aistriúcháin i gcorpais a shainaithint.
  • Meaisínaistriúchán (MT) atá bunaithe ar IS: Comhtháthaíonn sé sin taighde ar mheaisínaistriúchán atá bunaithe ar IS, agus fiosraíonn sé conas is féidir le IS cabhrú le tascanna aistriúcháin.

Comhghuaillíocht 4EU+
Tionscadal Philotrans de chuid an Líonra Comhair

Clár METS (Mobilité Européenne en Traduction Spécialisée) 

Feabhas a chur ar shainscileanna aistriúcháin trí chomhar acadúil agus soghluaisteacht Eorpach

Is MA ar leith é clár METS (Mobilité Européenne en Traduction Spécialisée) a mhaireann ar feadh dhá bhliain le bliain amháin i dtír eile. Caitear an dá bhliain sin ag staidéar in dhá ollscoil chomhpháirtíochta éagsúla sa chuibhreannas METS.

Bunaíodh clár METS in 2004 agus is é is aidhm dó borradh a chur faoi shainscileanna aistriúcháin trí chomhar acadúil agus trí shoghluaisteacht i measc ollscoileanna na hEorpa.

Oibríonn na hinstitiúidí sin le chéile chun eispéireas oideachais cuimsitheach tumthach a chur ar fáil, lena gcuirtear leis an tuiscint idirchultúrtha agus an saineolas gairmiúil san aistriúchán speisialaithe.

Díríonn METS ar shainscileanna aistriúcháin a fhorbairt i réimsí éagsúla, na réimsí seo a leanas ina measc:

  • aistriúchán dlí
  • aistriúchán teicniúil
  • aistriúchán leighis
  • aistriúchán airgeadais
  • aistriúchán liteartha
  • aistriúchán closamhairc

Forbraítear na scileanna seo trí mheascán d’obair chúrsa, oiliúint phraiticiúil, agus soghluaisteacht idir na hollscoileanna comhpháirtíochta.

Clár METS (Mobilité Européenne en Traduction Spécialisée)

Ateangaireacht agus aistriúchán don tseirbhís phoiblí (PSIT)

TRAMIG 

Cuimsiú imirceach a chur chun cinn trí idirghabháil idirchultúrtha agus an ateangaireacht cúraim sláinte

Díríonn tionscadal TRAMIG ar ateangaireacht cúraim sláinte agus idirghabháil idirchultúrtha, agus ar an gcaoi sin, cumasaítear cumarsáid idir soláthraithe cúraim sláinte agus imircigh chun a chinntiú nach gcuireann bacainní teanga bac ar rochtain ar sheirbhísí leighis ná ar thacaíocht leighis.

Díríonn an tionscadal ar thograí a chruthú le haghaidh caighdeáin ghairme agus cáilíochtaí gairmiúla do na gairmeacha sin. Ina theannta sin, déanann sé an méid seo a leanas freisin:

  • modúil oiliúna do mhúinteoirí a fhorbairt bunaithe ar dhea-chleachtais ó chomhpháirtithe cuibhreannais
  • oiliúint a chur ar imircigh chun teagasc comhoibríoch a dhéanamh i gcláir oiliúna d’ateangairí pobail agus d’idirghabhálaithe idirchultúrtha i réimse an chúraim sláinte. 

Tá an tionscnamh sin á mhaoiniú ag clár Erasmus+ an Choimisiúin Eorpaigh.

Leathanach baile TRAMIG

DIALOGOS  

Aghaidh a thabhairt ar bhacainní cumarsáide d’imircigh trí ateangaireacht agus aistriúchán don tseirbhís phoiblí

Díríonn an tionscadal ar ateangaireacht agus aistriúchán don tseirbhís phoiblí, agus béim á leagan ar theangacha ar lú idirleata iad (LLD).

Is é sprioc an tionscadail aghaidh a thabhairt ar bhacainní cumarsáide d’imircigh, go háirithe dóibh siúd a labhraíonn teangacha nach labhraítear go forleathan i dtíortha óstacha, cuir i gcás an Ghréig, áit a bhfuil ganntanas gairmithe cáilithe aistriúcháin agus ateangaireachta i saoráidí poiblí.

Tá sé mar aidhm aige modúil foghlama agus ábhair oideachais a chruthú a bheidh dírithe go príomha ar dhaoine a oibríonn i seirbhísí poiblí.

Leathanach baile Dialogos

DIALOGOS: Cumarsáid san Ateangaireacht agus Aistriúchán don tSeirbhís Phoiblí Seirbhíse do Theangacha ar lú Idirleata iad (KA220-HED: COMPHÁIRTÍOCHTAÍ COMHAIR SAN ARDOIDEACHAS) – Ateangaireacht Chomhdhála agus Aistriúchán JPSP

MHEALTH4ALL

Feabhas a chur ar rochtain ar chúram meabhairshláinte d’imircigh trí réitigh dhigiteacha ilteangacha agus atá íogair ó thaobh an chultúir de

Bhí sé mar aidhm ag tionscadal MHEALTH4ALL ardán digiteach a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun rochtain ar chúram meabhairshláinte a chur chun cinn do náisiúnaigh nach náisiúnaigh den Aontas iad san Aontas a bhfuil inniúlacht íseal acu i dteanga na tíre óstaí.

Bhí an tionscadal sin ar siúl ó 2022 go 2024, agus bhí sé á mhaoiniú ag Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (AMIF) an Choimisiúin Eorpaigh.

Bhí an t-ardán ilteangach agus íogair ó thaobh cultúir de, agus dearadh é chun bacainní teanga agus cultúrtha a bhíonn roimh imircigh agus dídeanaithe i suíomhanna meabhairshláinte a shárú. Cuimsíodh air acmhainní le haghaidh cumarsáid idirchultúrtha, ateangaireacht agus aistriúchán, lenar cinntíodh go raibh seirbhísí cúraim meabhairshláinte inrochtana agus éifeachtach do na grúpaí sin.

Mental Health for All

Aistriúchán Oideachasúil

APATCHE

Cur chuige ilteangach a chur le hinniúlachtaí múinteoirí teanga san ardoideachas

Bhí tionscadal APATCHE á mhaoiniú faoi chlár Erasmus+ KA 220, agus bhí sé mar aidhm aige inniúlachtaí múinteoirí teanga san ardoideachas a neartú trí chur chuige ilteangach a chomhtháthú ina gcleachtais teagaisc.

Bhí an tionscadal ar siúl ó 2021 go 2023, agus dhírigh sé ar mhodheolaíochtaí nuálacha agus ábhair oiliúna a fhorbairt a thacaíonn le húsáid teangacha iomadúla sa seomra ranga. Tríd an ilteangachas a chur chun cinn, bhí sé mar aidhm ag an tionscadal an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • feabhas a chur ar chaighdeán an oideachais teanga
  • tuiscint idirchultúrtha a mhéadú
  • mic léinn a ullmhú ar bhealach níos fearr do dhomhan ilteangach.

Leathanach baile APATCHE

Unlock: Cruthaitheacht trí fhoghlaim bunaithe ar chluichí san ardoideachas

Cruthaitheacht agus infhostaitheacht a chothú san ardoideachas trí fhoghlaim bunaithe ar chluichí

Is é is aidhm do thionscadal ‘Unlock’ cruthaitheacht a spreagadh san ardoideachas trí mhodheolaíochtaí foghlama bunaithe ar chluichí.

Díríonn an tionscadal ar na huirlisí agus na modheolaíochtaí is gá a thabhairt d’institiúidí ardoideachais chun seomraí éalaithe oideachasúla (EERanna) agus gníomhaíochtaí foghlama eile bunaithe ar chluichí a dhearadh agus a éascú. 

Tá sé mar aidhm ag an gcur chuige nuálach sin cruthaitheacht, scileanna fiontraíochta agus infhostaitheacht a mhéadú i measc mac léinn. Mar chuid den tionscadal freisin, leagtar béim ar fhorbairt scileanna digiteacha agus ar úsáid na réaltachta breisithe, na hintleachta saorga agus na smaointeoireachta dearaidh i suíomhanna oideachasúla.

Leathanach baile UnLock

ColLab

Ardán comhoibritheach chun nuálaíocht a theagasc san ardoideachas

Tá sé mar aidhm ag tionscadal ColLab an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • ardán oideachasúil a chruthú ar ar féidir le múinteoirí ardoideachais ó thíortha éagsúla eolas agus taithí a mhalartú
  • eolas a chomhroinnt faoi na treochtaí is déanaí sa teagasc agus san fhoghlaim
  • tionscnaimh agus nuálaíochtaí nua a fhorbairt. 

Dearadh an t-ardán chun comhoibriú agus comhroinnt dea-chleachtas a chumasú i measc oideoirí, rud a chuireann feabhas ar chaighdeán an ardoideachais ar deireadh.

Suíomh Gréasáin Thionscadal ColLab
ColLab: Ardán Comhair chun an Nuálaíocht a theagasc san Ardoideachas - Ollscoil Teicneolaíochta Kaunas | KTU

Aistriúchán Socheolaíoch

RAINBOW

Taighde a dhéanamh ar steiréitíopaí i leith baill den phobal LGBTQIA+ le próiseáil ilteangach teanga nádúrtha

Tá sé mar aidhm ag tionscadal RAINBOW imscrúdú a dhéanamh ar steiréitíopaí atá dírithe ar bhaill den phobal LGBTQIA+ trí theicnící ilteangacha próiseála teanga nádúrtha (NLP) a úsáid. Féachann an taighde seo le claontachtaí sa teanga agus sa chumarsáid a théann i bhfeidhm ar dhaoine LGBTQIA + a thuiscint agus aghaidh a thabhairt orthu.

Trí ardmhodhanna NLP a úsáid, déanfar anailís agus maolú sa tionscadal ar steiréitíopaí díobhálacha, rud a chuirfidh cumarsáid níos cuimsithí agus níos measúla chun cinn.

Tá an tionscadal sin mar chuid de chlár comhaltachta iardhochtúireachta Ghníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie (MSCA) an Aontais, clár a thacaíonn le taighde agus oiliúint nuálach.

Leathanach baile thionscadal RAINBOW

Tionscadal ARENAS

Anailís ar insintí antoisceacha agus freagairtí orthu

Pléann tionscadal ARENAS go príomha le haistriúchán agus le cumarsáid thraschultúrtha. Díríonn sé ar aghaidh a thabhairt ar insintí radacacha agus antoisceacha trí iarrachtaí aistriúcháin agus cumarsáide traschultúrtha.

Tionscadal ARENAS – acmhainní


Aistriúchán a thacaíonn le scileanna nua agus le cuimsiú

CUDIS – Eolas Cultúrtha agus Scileanna Digiteacha maidir leis an Saol Oibre a Dhomhandú

Inniúlachtaí cultúrtha agus digiteacha a fheabhsú le bheith rathúil, Karelia Thuaidh

Is é is aidhm do thionscadal CUDIS, dar teideal ‘Eolas Cultúrtha agus Scileanna Digiteacha maidir leis an Saol Oibre a Dhomhandú’, borradh a chur faoi inniúlachtaí cultúrtha agus digiteacha cuideachtaí in Karelia Thuaidh na Fionlainne.

Díríonn an tionscadal ar na scileanna riachtanacha a thabhairt do ghnólachtaí chun dul i ngleic le timpeallacht oibre dhomhandaithe agus chun go mbeidh rath orthu trí fheabhas a chur ar a dtuiscint ar éagsúlacht chultúrtha agus ar uirlisí digiteacha.

Eolas faoi CUDIS – CUDIS – Eolas Cultúrtha agus Scileanna Digiteacha maidir leis an Saol Oibre a Dhomhandú

NewWorkTech

Ón imeall go lár an aonaigh: cleachtais chaighdeánacha agus úsáidí nuálacha na teicneolaíochta chun cumas éagsúil daoine i saol na hoibre a mhéadú

Díríonn tionscadal NewWorkTech go príomha ar dheiseanna fostaíochta a mhéadú do dhaoine faoi mhíchumas trí thaighde eimpíreach agus trí úsáid nuálach na teicneolaíochta.

Tá sé mar aidhm aige cleachtais agus idirghníomhaíocht san ionad oibre a fheabhsú, agus níos mó deiseanna fostaíochta a sholáthar trí theicneolaíochtaí cúnta a ghiaráil.
Ní bhaineann an tionscadal seo go sonrach le hateangaireacht ná le haistriúchán. Ina ionad sin, díríonn sé ar inrochtaineacht, ar chuimsiú, agus ar chumais éagsúla a mhéadú san ionad oibre.

Tá an tionscadal á mhaoiniú ag clár Fís Eorpach an Aontais Eorpaigh, agus tá sé mar aidhm aige cleachtais nuálacha a shainiú le haghaidh úsáid na teicneolaíochta do chách.

Ón imeall go lár an aonaigh: Cleachtais chaighdeánacha agus úsáidí nuálacha na teicneolaíochta chun cumas éagsúil daoine i saol na hoibre a mhéadú | NewWorkTech | Tionscadal | Bileog eolais | HORIZON | CORDIS | an Coimisiún Eorpach