Conas cumarsáid shoiléir a dhéanamh i gcruinnithe agus comhoibriú go rathúil le hateangairí
Labhair amach go húdarásach
Agus cead cainte agat, cuir an micreafón díreach os do chomhair, bain díot na cluasáin agus cuir i bhfad ón micreafón iad. Ansin las é. Nuair a bhíonn tú ag caint, cuimhnigh ar na pointí seo a leanas:
- labhair i do theanga dhúchais más féidir é
- má athraíonn tú ó theanga amháin go teanga eile, cuir é sin in iúl go soiléir
- labhair go nádurtha, agus ar luas intuigthe
- is fearr a bheith ag caint ná ag léamh; más gá duit léamh, labhair ar luas intuigthe agus glac sos go rialta
- déan uimhreacha, ainmneacha agus acrainmneacha a fhuaimniú go soiléir
- agus tagairt á déanamh do dhoiciméad, luaigh go soiléir a uimhir thagartha agus a leathanach
- má léann tú óráid, déan deimhin de go bhfuil an téacs ag na hateangairí
- labhair leis na hateangairí agus tabhair aiseolas dóibh
Físeán: Faigh tuilleadh eolais faoi dhea-chleachtais agus tú ag labhairt ag comhdháil ilteangach.
Ag labhairt i gcruinnithe ar líne
Déan an méid seo a leanas chun go bhfeicfear, go gcloisfear agus go dtuigfear thú:
- roimh an gcruinniú, tástáil an nasc agus an fhuaim
- téigh isteach sa chruinniú ó thimpeallacht atá cosúil le hoifig
- déan a chinntiú go bhfuil ceangal idirlín cobhsaí agat
- cuir do cheamara ar siúl i gcónaí
- bain úsáid as micreafón oiriúnach
- balbhaigh do mhicreafón nuair nach bhfuil tú ag labhairt
Físeán: Faigh eolas maidir le conas do theachtaireacht a chur in iúl go soiléir i gcruinniú hibrideach.