Skip to main content
Knowledge Centre on Translation and Interpretation

Aistriúchán closamhairc

Is éard atá i gceist leis an aistriúchán closamhairc ábhar meán closamhairc a aistriú ó theanga nó ó fhormáid amháin go teanga eile trí chleachtais aistriúcháin éagsúla. Bíonn obair le fuaim agus le híomhánna i gceist le haistriú an ábhair seo.

Tá cineálacha éagsúla cleachtas aistriúcháin closamhairc ann, a chuirtear ar fáil beo nó as líne:

 

  • fotheidealú (idirtheangach)

  • dubáil 

  • guthú

  • reacaireacht 

  • ateangaireacht sna meáin 

  • fotheidealú iata agus fotheidealú do dhaoine bodhra nó daoine a bhfuil deacrachtaí éisteachta acu

  • ateangaireacht go teanga chomharthaíochta

  • fotheidealú fuaime do dhaoine dalla nó do dhaoine lagamhairc

  • tráchtaireacht fuaime do dhaoine dalla nó do dhaoine lagamhairc.