Skip to main content
Knowledge Centre on Translation and Interpretation

Ateangaireacht chomhdhála

An bhearna idir teangacha a dhruidim ag cruinnithe institiúidí de chuid an Aontais Eorpaigh

Reachtaíocht, caighdeáin agus eitic   Ateangaireacht chomharthaíochta ag comhdhálacha

Cad is ateangaireacht chomhdhála ann?

Is é an sainmhíniú a thugann Cumann Idirnáisiúnta na nAteangairí Comhdhála (AIIC) ar an ateangaireacht cleachtas a chuireann in iúl, ó bhéal agus i dteanga eile, an bhrí atá le teachtaireacht cainteora d’éisteoirí nach dtuigfeadh an teachtaireacht murach sin. Déantar ateangaireacht chomhdhála ag cruinnithe ina labhraítear roinnt teangacha idir ionadaithe ó rialtais náisiúnta, eagraíochtaí idirnáisiúnta nó eagraíochtaí neamhrialtasacha, gan ach beagán samplaí a lua.

Sa Choimisiún Eorpach, is féidir le hateangairí comhdhála a bheith ina mbaill foirne nó ina n-ateangairí comhdhála ar conradh. Is féidir leo a bheith ag obair don Choimisiún, do Chomhairle na nAirí, don Chomhairle Eorpach, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, do Choiste na Réigiún agus do ghníomhaireachtaí éagsúla de chuid an Aontais. Is sa Bhruiséil a bhíonn formhór na hoibre ar siúl, ach bíonn go leor turas ann freisin ina dtéann ateangairí in éineacht le hairí nó le hoifigigh chuig cruinnithe i dtíortha eile.

Cruinniú seachtainiúil Choláiste na gCoimisinéirí agus bothanna ateangaireachta le feiceáil i gcúlra an chruinnithe.

Scileanna ateangaireachta

Cad iad na scileanna a bhíonn ag teastáil ó ateangaire? Tá cumas láidir ina mháthairtheanga, mar aon le sárthuiscint ar dhá nó trí cinn ar a laghad de theangacha eile, de dhíth ar ateangaire. Chomh maith leis sin, is gá go leor scileanna agus cáilíochtaí eile a bheith aige, cuir i gcás an cumas teachtaireacht a mheas go tapa agus í a chur in iúl go maith. Ba cheart dóibh a bheith athléimneach freisin, agus a bheith in ann déileáil le brú agus le strus, uirlisí digiteacha agus intleachta saorga a úsáid go hinniúil agus a bheith fiosrach i gcónaí, ó tharla go bhféadfadh ateangairí a bheith ag obair i gcruinnithe ar aon ábhar ar bith.

Tá roinnt físeán déanta ag Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta, físeáin a fhéachann le míniú a thabhairt ar an ateangaireacht agus ar a bhfuil ag teastáil le bheith i d’ateangaire rathúil.

Tá dhá phríomhchineál ateangaireachta á gcleachtadh sna hinstitiúidí Eorpacha, is iad sin:

  • ateangaireacht leantach – is gnách go ndéantar é sin i suíomhanna níos lú, agus éisteann an t-ateangaire, breacann sé nótaí agus cuireann sé an méid a dúradh in iúl
  • ateangaireacht chomhuaineach – nuair a shuíonn an t-ateangaire i mbothán ag obair i bhfíor-am

Is í an ateangaireacht chomhuaineach an modh ateangaireachta is coitianta.

Grianghraf gar-amhairc d’ateangaire, é ag breacadh nótaí.Ateangairí i mbothán, iad ag cur ateangaireacht chomhuaineach ar fáil ag cruinniú

Déanann na hinstitiúidí Eorpacha roinnt imeachtaí a shruthú beo ar líne freisin agus is féidir leat éisteacht leis na hateangairí agus iad i mbun oibre:

Conas a bheith i d’ateangaire comhdhála

Teastaíonn scileanna agus cáilíochtaí áirithe uait chun go n-éireoidh leat i réimse na hateangaireachta. Is féidir iad sin a fhoghlaim ag go leor cúrsaí iarchéime san ateangaireacht chomhdhála atá ar fáil in ollscoileanna san Aontas agus níos faide i gcéin.

Oibríonn an Coimisiún Eorpach agus Parlaimint na hEorpa i ndlúthchomhar leis an gcuibhreannas Máistreachta Eorpaí san Ateangaireacht Chomhdhála. Déanann an cuibhreannas na cláir iarchéime sin san ateangaireacht chomhdhála a ghrúpáil le chéile, cláir a chomhlíonann caighdeáin áirithe.

Poist leis an Aontas Eorpach

Is féidir eolas a fháil faoi bheith ag obair do na hinstitiúidí Eorpacha mar ateangaire ar conradh agus mar ateangaire atá ina bhall foirne.