Foirne téarmaíochta an Choimisiúin Eorpaigh
CÉ MUID FÉIN
Cuireann foirne téarmaíochta sheirbhísí aistriúcháin agus ateangaireachta an Choimisiúin ábhar téarmaíochta cothrom le dáta ar fáil chun cur ar chumas ár n-aistritheoirí agus ár n-ateangairí aistriúchán agus ateangaireacht ar ardchaighdeán a chur ar fáil le linn próisis chinnteoireachta ilteangacha. Cuidímid freisin chun uirlisí téarmaíochta a fhorbairt agus chun oiliúint a bhaineann le téarmaíocht a chur ar fáil.
Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin (ASA)
Tá Rannóg um Chomhordú Téarmaíochta ag Aonad um Bainistiú Sonraí ASA, agus oibríonn sí go sonrach ar théarmaíocht choiteann.
Tá pobal téarmaíochta ag ASA freisin ina bhfuil téarmeolaithe in aonaid aistriúcháin (go lánaimseartha agus go páirtaimseartha) agus comhordaitheoirí téarmaíochta san Aonad um Bainistiú Sonraí.
Tagann an pobal le chéile go rialta chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
- obair théarmaíochta atá ar siúl faoi láthair a phlé
- taithí a chomhroinnt
- na comhaltaí a chur ar an eolas maidir le dul chun cinn teicneolaíoch agus forbairtí ábhartha idirinstitiúideacha.
Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta (AS SCIC)
Tá foireann bheag lárnach téarmaíochta ag AS SCIC, foireann ina bhfuil téarmeolaí lánaimseartha amháin agus roinnt téarmeolaithe rothlacha ar ateangairí foirne SCIC iad. Tá líonra comhfhreagraithe téarmaíochta aige freisin ar a dtugtar Terminologica, agus tá sé comhdhéanta d’ionadaithe ó gach aonad ateangaireachta. Feidhmíonn comhaltaí Terminologica ina mbothanna faoi seach mar phointí teagmhála maidir le téarmaíocht agus tagann siad le chéile i seisiún iomlánach 4 huaire sa bhliain.
AN MÉID A DHÉANAIMID
- Táimid tiomanta ábhar IATE (córas um bainistiú téarmaíochta an Aontais) a fheabhsú agus a leathnú trí thionscadail téarmaíochta ilteangacha.
- Coimeádaimid an líonra téarmeolaithe laistigh dár seirbhísí.
- Molaimid uirlisí agus teicneolaíocht a úsáid san obair théarmaíochta.
- Oibrímid i gcomhar lenár gcomhghleacaithe idirinstitiúideacha maidir le téarmaíocht agus uirlisí téarmaíochta.
- Roinnimid ár n-eolas trí chúrsaí oiliúna, ceardlanna agus cuir i láthair a bhaineann leis an téarmaíocht, iad ceaptha chun na scileanna agus an t-eolas atá de dhíth ar aistritheoirí, ar ateangairí agus ar théarmeolaithe a thabhairt dóibh.
- Oibrímid i gcomhar le saineolaithe seachtracha chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí scileanna i réimsí éagsúla.
- Glacaimid páirt ghníomhach i raon meithleacha, chomh maith le himeachtaí agus comhdhálacha náisiúnta agus idirnáisiúnta, agus cuirimid leo.
ÁBHAR OILIÚNA IATE
- Téarmaíocht an Aontais do chách (pdf)
- Bróisiúr IATE: Amharc caighdeánach
- Bróisiúr IATE: Amharc na n-ateangairí
- Bunleideanna IATE d’ateangairí (60 nóiméad)
UIRLISÍ TEANGA AN AONTAIS
| Uirlisí teanga an chláir don Eoraip Digiteach |
Seirbhísí teanga atá bunaithe ar an intleacht shaorga, a chuirtear ar fáil san Aontas faoin gclár don Eoraip Dhigiteach lena n-úsáid ag institiúidí an Aontais, ag riaracháin phoiblí, ag an saol acadúil, ag fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), ag eagraíochtaí neamhrialtasacha, ag tionscadail an chláir don Eoraip Dhigiteach agus ag iarrthóirí EPSO. Cuireann siad leathanaigh ghréasáin agus APInna araon ar fáil le haghaidh rochtain meaisín-le-meaisín. |
ACMHAINNÍ TÉARMAÍOCHTA AN AONTAIS
| IATE | Téarmaíocht oifigiúil an Aontais |
| EUROSTAT | Gluaiseanna téamacha éagsúla |
| EuroVoc | Catalóg de stór focal an Aontais |
| Gluais an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia | Gluais maidir le sábháilteacht bia |
| Ainmneacha tráchtála éisc | Bunachar sonraí sonrúchán tráchtála an Choimisiúin Eorpaigh |
| Trealamh iascaireachta | Bunachar sonraí trealaimh iascaireachta an Choimisiúin Eorpaigh |
| Gluais BCE | Gluais an Bhainc Ceannais Eorpaigh |
| Bunachar sonraí EUNIS | Bunachar sonraí bithéagsúlachta ar líne |
| TARIC | Bunachar sonraí chustaim an Aontais |
| Bunachar téarmaí ECHA | Bunachar téarmaí na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán |
UIRLISÍ AGUS ACMHAINNÍ SEACHTRACHA
Uirlisí téarmaíochta seachtracha
Acmhainní téarmaíochta seachtracha