D’fhéadfadh aistriúcháin a bheith déanta ag daoine nó ginte ag meaisín. Is éard atá i gceist le hathbhreithniú an dara súil a chaitheamh ar aistriúchán a rinne duine.
Is éard atá i gceist le hiar-eagarthóireacht go sonrach an dara súil a chaitheamh ar aistriúcháin arna ngineadh ag meaisín. Baineann sé le:
- iar-eagarthóireacht éadrom, ag díriú ar thuiscint bhunúsach
- iar-eagarthóireacht iomlán, ag díriú ar ábhar níos soiléire agus níos snasta a chur ar fáil.
Tá sé mar aidhm ag an dá cheann acu sin cáilíocht an aistriúcháin a fheabhsú agus a chinntiú go gcomhlíonann sé caighdeáin shonracha. Chuige sin, déantar an méid seo a leanas:
- earráidí a cheartú
- líofacht a fheabhsú
- an t-ábhar a chur in oiriúint don spriocphobal.