- Is éard atá i gceist le teangacha a fhoghlaim teangacha nua a shealbhú agus teangacha a bhfuil leibhéal ard inniúlachta ag duine iontu cheana féin a chothabháil. Is é an réimse forbartha gairmiúla is tábhachtaí d’ateangairí atá ag obair d’Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta.
- Bíonn ateangairí in Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta ag plé le réimse leathan ábhar casta agus teastaíonn tacaíocht shaincheaptha uathu chun cur amach a fháil ar réimsí éagsúla saineolais (dlí, eacnamaíocht, talmhaíocht, iascach, etc.).
- Díríonn cúrsaí scileanna gairmiúla ar theicnící ateangaireachta (e.g. oiliúint ghutha) agus ar réimsí ina n-oibríonn ateangairí lasmuigh den bhoth (e.g. páirt a ghlacadh i mbord scrúdaithe, óráidí a scríobh nó ateangaireacht a theagasc do mhic léinn ollscoile).
- Leis an ríomhfhoghlaim, is féidir foghlaim ar bhealach solúbtha. Coiméadann Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta catalóg speisialta de chúrsaí ríomhfhoghlama dá hateangairí. Dearadh na cúrsaí sin go hinmheánach nó cuireann institiúidí eile de chuid an Aontais nó institiúidí idirnáisiúnta ar fáil iad.
Share this page