Rochtain chomhionann ar sheirbhísí a chumasú
Mol comhoibríoch Caighdeáin, rialáil agus eitic Fothú acmhainneachta Teanga chomharthaíochta
Cad is ateangaireacht seirbhíse poiblí ann?
Is é seo a leanas an sainmhíniú a thugtar ar an ateangaireacht seirbhíse poiblí sa chaighdeán idirnáisiúnta i dtaca le ceanglais agus moltaí le haghaidh Ateangaireacht phobail (ISO 13611:2024):
Ateangaireacht a chuireann ar chumas daoine rochtain a fháil ar sheirbhísí atá ar fáil don tsochaí ina hiomláine, seirbhísí nach mbeidís in ann rochtain a fháil orthu murach sin mar gheall ar bhacainn chumarsáide a eascraíonn as teangacha éagsúla a úsáid.
Forbraíodh caighdeán ISO mar fhreagairt ar an ngá domhanda atá ann freastal ar éagsúlacht teanga, chultúrtha agus eitneach na ndaoine a dhéanann cumarsáid trí theangacha labhartha nó chomharthaíochta, éagsúlacht atá ag dul i méid. Cinntíonn ateangaireacht seirbhíse poiblí rochtain chomhionann ar sheirbhísí pobail do dhaoine aonair nach dtuigeann an teanga ina bhfuil seirbhís á soláthar. Cuirtear ateangaireacht seirbhíse poiblí ar fáil i raon leathan suíomhanna, iad seo a leanas ina measc:
- institiúidí poiblí: údaráis áitiúla, seirbhísí imirce, scoileanna, ollscoileanna agus ionaid phobail
- seirbhísí sóisialta: boird a phléann le dídeanaithe, ionaid féinchabhrach agus oifigí leasa
- seirbhísí gnó agus tionscail: tithíocht, réadmhaoin, árachas agus seirbhísí airgeadais
- eagraíochtaí creideamhbhunaithe: deasghnátha, searmanais agus cruinnithe pobail
- eagraíochtaí meán: craoltaí teilifíse, ardáin idirlín agus meáin eile
- seirbhísí éigeandála: freagairt ar thubaistí, bainistiú paindéime agus cumarsáid géarchéime
Oibríonn ateangairí seirbhíse poiblí, nó ateangairí pobail, sna suíomhanna sin, agus ní mór dóibh cloí le rialacha agus rialacháin shonracha. Go háirithe, is minic a chaitear leis an ateangaireacht dhlíthiúil agus leis an ateangaireacht cúraim sláinte mar réimsí ar leith a dteastaíonn oiliúint speisialaithe ina leith. Cé go ndéanann roinnt tíortha ateangaireacht dhlíthiúil agus ateangaireacht cúraim sláinte a chatagóiriú faoi ateangaireacht seirbhíse poiblí, caitheann tíortha eile leo mar dhisciplíní ar leithligh.
Tá an ateangaireacht seirbhíse poiblí tagtha chun bheith ina gairm aitheanta agus tá sí faoi réir caighdeáin agus rialacháin áirithe.
Trí pháirtí a bhíonn i gceist le hateangaireacht seirbhíse poiblí de ghnáth:
- úsáideoirí seirbhíse: daoine aonair a bhfuil rochtain ar sheirbhísí riachtanacha de dhíth orthu ach a bhfuil bacainní teanga rompu, cuir i gcás tuismitheoir a dhéanann cumarsáid le múinteoir
- soláthraithe seirbhíse: daoine aonair a sholáthraíonn seirbhísí i dteanga na hinstitiúide nó na heagraíochta, cuir i gcás fostaí seirbhíse poiblí, comhairleoir nó múinteoir
- ateangairí seirbhíse poiblí gairmithe oilte a bhfuil dhá theanga nó níos mó ar a dtoil acu (teanga labhartha, teanga chomharthaíochta nó teanga scríofa) agus atá in ann oibriú le réimeanna teanga éagsúla
Tá ról ríthábhachtach ag ateangaireacht seirbhíse poiblí chun a chinntiú go mbeidh rochtain chomhionann ag gach duine ar sheirbhísí riachtanacha i sochaithe ilteangacha agus ilchultúrtha. Is gairm dhinimiciúil ateangaireacht seirbhíse poiblí, gairm atá ag athrú, agus leanann sí d’aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann leis an éagsúlacht teanga, rud a léiríonn an gá atá le hoiliúint, comhar agus caighdeánú leanúnach.
Díriú ar an imirce
I gcomhthéacs an Lárionad Eolais um Aistriúchán agus Ateangaireacht (KCTI), tagraíonn ateangaireacht seirbhíse poiblí d’ateangaireacht lena gcumasaítear cumarsáid shoiléir dhá threo idir údaráis náisiúnta nó réigiúnacha agus daoine aonair a bhfuil cúlra imirceach nó dídeanaí acu agus nach labhraíonn nó nach dtuigeann go leordhóthanach an teanga náisiúnta nó na teangacha náisiúnta. Tá ról ríthábhachtach ag an gcineál seo ateangaireachta i dtaca leis an méid seo a leanas:
- measúnú a dhéanamh ar stádas iarrthóirí tearmainn agus iarrthóirí tearmainn féideartha
- rochtain ar sheirbhísí poiblí fíor-riachtanacha a chinntiú, cuir i gcás cúram sláinte, tacaíocht shóisialta agus seirbhísí póilíneachta
Le blianta beaga anuas, tá méadú suntasach tagtha ar an éileamh ar ateangaireacht seirbhíse poiblí ar fud an Aontais, rud atá á spreagadh ag méadú suntasach ar líon na n-imirceach. Mar fhreagairt ar an tírdhreach sin atá ag teacht chun cinn, dírítear anseo ar ateangaireacht seirbhíse poiblí i gcomhthéacs na himirce, go háirithe i ndáil le hiarrachtaí caighdeáin a leagan síos.
Dúshláin agus freagairtí
D’ainneoin an éilimh mhéadaithigh ar ateangaireacht seirbhíse poiblí, tá deis shuntasach fós ann caighdeáin aonfhoirmeacha a fhorbairt i bpríomhréimsí lena gcuimsítear cáilíocht, oiliúint, eitic agus pá. Thairis sin, níl aon sainmhíniú ar ateangaireacht seirbhíse poiblí a nglactar leis go huilíoch fós. I gcás go leor ateangairí seirbhíse poiblí, níl rochtain acu ar oiliúint ghairmiúil fhoirmiúil nó ní bhfuair siad ach páirtoiliúint. Bhí an ganntanas ateangairí oilte sin le feiceáil go háirithe le linn na sreafaí imirce eisceachtúla in 2015 agus 2016, nuair a bhí dúshláin roimh thíortha an Aontais, na teophointí a bhunaigh an tAontas ina measc, maidir le dóthain seirbhísí ateangaireachta a eagrú.
Chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin, tá méadú ag teacht ar líon na n-institiúidí oideachais agus na n-ollscoileanna a bhfuil tús curtha acu le cúrsaí ateangaireachta speisialaithe a fhorbairt. D’iarr cuid de na hinstitiúidí sin tacaíocht ó Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta chun cabhrú leo caighdeáin a shocrú agus curaclam a fhorbairt. Léigh tuilleadh faoi fhothú acmhainneachta san ateangaireacht seirbhíse poiblí.
Ról Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta
Is é príomh-shainordú Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta ateangaireacht chomhdhála a chur ar fáil don Choimisiún Eorpach agus do roinnt institiúidí eile de chuid an Aontais. Tá an ateangaireacht seirbhíse poiblí, mar réimse ar leith, lasmuigh den sainchúram sin agus is iad tíortha an Aontais atá freagrach aisti. Cé nach n-eagraíonn Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta ateangaireacht seirbhíse poiblí ná nach gcuireann sí ateangaireacht seirbhíse poiblí ar fáil, tá sí tiomanta comhoibriú agus comhroinnt eolais a chothú.
Feidhmíonn KCTI mar acmhainn dóibh siúd a bhfuil baint acu le hateangaireacht seirbhíse poiblí. Is é seo a leanas an cuspóir atá leis:
- spás a chur ar fáil chun eolas agus dea-chleachtais a chomhroinnt
- tacú le forbairt pobal cleachtais
- cur chuige ón mbun aníos a éascú i leith caighdeáin a leagan síos san ateangaireacht seirbhíse poiblí
Tríd an ardán sin a chur ar fáil, tá sé d’aidhm ag Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta idirphlé agus comhar a chur chun cinn i measc na ndaoine atá ag obair sa réimse, rud a chuirfidh le forbairt fhadtéarmach na hateangaireachta seirbhíse poiblí ar fud an Aontais.
Conas cur leis
Tabhair cuairt ar an Mol Comhoibríoch chun na sonraí go léir a fháil faoin gcaoi ar féidir leat páirt a ghlacadh ann.
Déanaimis ateangaireacht!
Chuir Universitat Autònoma de Barcelona sraith físeán ar fáil maidir le hAteangaireacht Seirbhíse Poiblí agus Dúshláin na Mílaoise Nua, le tacaíocht airgeadais ó Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta.