Skip to main content
Knowledge Centre on Translation and Interpretation

Fothú acmhainneachta

Conas is féidir liom a bheith i m’ateangaire seirbhíse poiblí cáilithe?

Cineálacha cúrsaí ateangaireachta seirbhíse poiblí

Tá cúrsaí ateangaireachta seirbhíse poiblí á dtairiscint níos mó agus níos mó ar fud thíortha an Aontais Eorpaigh, rud a léiríonn tábhacht mhéadaitheach an réimse seo i gcomhthéacsanna éagsúla sochaíocha. Tá na cúrsaí sin deartha chun na scileanna agus an t-eolas is gá a thabhairt d’ateangairí chun cumarsáid éifeachtach a éascú i suíomhanna seirbhíse poiblí amhail seirbhísí sláinte, seirbhísí dlí agus seirbhísí sóisialta.

Cúrsaí ar leibhéal ollscoile

Cuirtear go leor cúrsaí ateangaireachta seirbhíse poiblí ar fáil ar leibhéal ollscoile, mar chláir neamhspleácha nó mar mhodúil atá ina gcuid de léann na hateangaireachta nó de léann an aistriúcháin ar bhonn níos leithne san ollscoil. Tá ról lárnach ag an Máistreacht Eorpach san Ateangaireacht Chomhdhála (EMCI) maidir le hoiliúint ardchaighdeáin d’ateangairí a chur chun cinn san Aontas. Cé go ndírítear go príomha ar an ateangaireacht chomhdhála, cuireann roinnt ollscoileanna ar baill de EMCI iad cúrsaí nó modúil a bhaineann le hateangaireacht na seirbhíse poiblí san áireamh ina gcuraclaim chomh maith.

Ina theannta sin, cuireann roinnt ollscoileanna eile san Aontas agus i réigiúin máguaird oiliúint speisialaithe san ateangaireacht seirbhíse poiblí ar fáil. Seo a leanas roinnt samplaí:

Ollscoil Alcalá (an Spáinn): Cuireann sí céim mháistreachta ar fáil i gCumarsáid Idirchultúrtha, Ateangaireacht Seirbhíse Poiblí agus Aistriúchán. Tá an clár seo curtha in oiriúint dóibh siúd atá ag iarraidh a bheith ag obair i suíomhanna seirbhíse poiblí, amhail cúram sláinte nó ateangaireacht dhlíthiúil. Tá oiliúint phraiticiúil san áireamh ann san idirghabháil chultúrtha agus úsáid na teicneolaíochta ateangaireachta.

Ollscoil Leeds (an Ríocht Aontaithe): Cuireann an Lárionad um Léann an Aistriúcháin modúl san Ateangaireacht Seirbhíse Poiblí ar fáil mar chuid dá chláir ateangaireachta. Tugann an modúl sin scileanna praiticiúla agus eolas teoiriciúil do na mic léinn maidir leis an ateangaireacht i suíomhanna dlí, cúraim sláinte agus pobail. Leagtar béim ann ar a chur i bhfeidhm faoi fhíordhálaí an tsaoil trí rólimirt agus trí oiliúint chásbhunaithe le hábhair ón bhfíorshaol.

Léiríonn na cláir ollscoile sin aitheantas méadaitheach ar an tábhacht a bhaineann le hoiliúint ghairmiúil san ateangaireacht seirbhíse poiblí, agus béim láidir ar chaighdeáin ghairmiúla lena dtugtar aghaidh ar na dúshláin shonracha a bhaineann le bheith ag obair i dtimpeallachtaí ilteangacha ilchultúrtha.

Tionscnaimh oiliúna ateangaireachta seirbhíse poiblí faoi stiúir an phobail

Níl oiliúint san ateangaireacht seirbhíse poiblí teoranta d’institiúidí acadúla. Cuireann eagraíochtaí pobail agus eagraíochtaí neamhrialtasacha ar fud an Aontais cúrsaí ar fáil chun a chur ar chumas daoine ateangaireacht a dhéanamh i gcomhthéacsanna seirbhíse poiblí, go háirithe mar fhreagairt ar riachtanais imirceach agus dídeanaithe. Ina measc sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh gearrchúrsaí nó ceardlanna i gceist chun scileanna ateangaireachta a thabhairt do dhaoine dátheangacha lena n-úsáid i seirbhísí sláinte, sóisialta agus dlí. Is minic a bhíonn na cláir sin ag gabháil leis an oideachas foirmiúil trí aghaidh a thabhairt ar riachtanais láithreacha an phobail.

Chuir InDialog agus Critical Link béim ar an ngá atá le hoiliúint logánta d’ateangairí i réimsí amhail cúram sláinte, oideachas agus córais dlí. Tugtar leis na comhdhálacha sin aghaidh ar éagsúlacht na gcleachtas ateangaireachta seirbhíse poiblí agus leagtar béim leo ar thionscnaimh réigiúnacha chun oiliúint a chur ar aistritheoirí agus ar ateangairí.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi cheanglais íosta agus moltaí maidir leis na croí-inniúlachtaí a theagasctar i gcláir ateangaireachta pobail, féach Caighdeáin, Rialáil agus Eitic.

Roghanna oiliúna solúbtha cuimsitheacha

Féadfaidh cláir oiliúna ateangaireachta seirbhíse poiblí a bheith an-éagsúil ó thaobh formáide agus inrochtaineachta de. D’fhéadfadh gearrchúrsaí diana agus cláir pháirtaimseartha a bheith i gceist leo, rud a chinntíonn go mbíonn siad cuimsitheach agus inoiriúnaithe do chúlraí éagsúla na n-ateangairí ionchasacha. Léirítear le hoiliúint den sórt sin go bhfuiltear ag aithint ról ríthábhachtach na hateangaireachta seirbhíse poiblí níos mó agus níos mó maidir le comhtháthú sóisialta a neartú agus rochtain chothrom ar sheirbhísí poiblí a chinntiú.

Mar shampla, sa Ríocht Aontaithe, tá Dioplóma Leibhéal 6 san Ateangaireacht Seirbhíse Poiblí (DPSI), rud atá á bhainistiú ag Institiúid Cairte na dTeangeolaithe, ina cháilíocht a aithnítear go náisiúnta d’ateangairí seirbhíse poiblí ionchasacha. Tá an clár sin ar fáil ar líne agus díríonn sé ar phríomhréimsí amhail suíomhanna sláinte, dlíthiúla agus rialtais áitiúil.

Cuireann institiúidí amhail Herts Interpreting & Translation Services (HITS) cúrsaí ullmhúcháin ar fáil le haghaidh scrúdú DPSI. Is minic a sholáthraítear na cúrsaí sin ar líne, rud a fhágann go mbíonn rochtain ag pobal leathan éagsúil orthu.

Cuireann HITS oiliúint phraiticiúil agus oiliúint atá bunaithe ar scileanna ar fáil, rud a chinntíonn go mbíonn na hateangairí dea-ullmhaithe le freastal ar na héilimh ghairmiúla a bhaineann le bheith ag obair sa tseirbhís phoiblí. Leis an gcur chuige sin, leagtar béim ar an treocht mhéadaitheach i dtreo múnlaí solúbtha oiliúna a fhreastalaíonn ar fhoghlaimeoirí ó chúlraí éagsúla geografacha agus gairmiúla.

Tacaíocht Eorpach níos leithne ó chomhlachtaí ionadaíocha san ateangaireacht seirbhíse poiblí

Tá ról ríthábhachtach ag an Líonra Eorpach um Ateangaireacht agus Aistriúchán Seirbhíse Poiblí (ENPSIT) maidir le hateangaireacht seirbhíse poiblí a chur chun cinn ar fud na hEorpa. Tugann ENPSIT pobal éagsúil páirtithe leasmhara le chéile, ina measc sin soláthraithe seirbhíse ateangaireachta seirbhíse poiblí, institiúidí oiliúna, ateangairí, aistritheoirí, oideachasóirí, measúnóirí agus taighdeoirí ó thíortha Eorpacha éagsúla.

Tá an méid seo a leanas ar phríomh-rannchuidiú ENPSIT:

  • Abhcóideacht beartais: Oibríonn ENPSIT go gníomhach chun beartas Eorpach comhtháite a bhunú agus chun maoiniú a fháil don ateangaireacht agus don aistriúchán seirbhíse poiblí. Ceapann sé moltaí beartais le haghaidh an Choimisiúin Eorpaigh agus téann sé i mbun idirphlé le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa.
  • Caighdeánú agus oiliúint: Tá ról tábhachtach ag an líonra maidir le caighdeáin íosta a fhorbairt le haghaidh oiliúint agus measúnú ateangaireachta seirbhíse poiblí. Trí thionscadail chomhoibríocha amhail tionscnamh EU-WEBPSI, cuidíonn ENPSIT chun modúil ríomhoiliúna agus uirlisí TF a chruthú darb aidhm cáilíocht agus inrochtaineacht seirbhísí ateangaireachta seirbhíse poiblí a fheabhsú.
  • Tógáil pobail: Trí naisc a neartú i measc gairmithe agus institiúidí a bhfuil baint acu leis an ateangaireacht seirbhíse poiblí, cuireann ENPSIT malartú dea-chleachtas, torthaí taighde agus cur chuige nuálach chun cinn maidir le hoiliúint ateangairí agus aistritheoirí.

Cuireann iarrachtaí ENPSIT go mór le gairmiúlú agus caighdeánú na hateangaireachta seirbhíse poiblí ar fud na hEorpa. Cinntíonn an méid sin go bhfuil ateangairí agus aistritheoirí in ann freastal ar riachtanais teanga éagsúla úsáideoirí seirbhíse poiblí.

Is eagraíocht ríthábhachtach é Cumann Eorpach na nAteangairí agus na nAistritheoirí Dlíthiúla (EULITA) atá tiomanta feabhas a chur ar cháilíocht agus aitheantas na hateangaireachta dlíthiúla agus an aistriúcháin dhlíthiúil ar fud na hEorpa. Tugann EULITA comhlachais náisiúnta, cleachtóirí aonair agus institiúidí acadúla le chéile chun tacú le caighdeáin ghairmiúla agus le hoiliúint i suíomhanna dlíthiúla.

Tá an méid seo a leanas ar phríomh-rannchuidiú EULITA:

  • Abhcóideacht agus forbairt beartais: Oibríonn EULITA go gníomhach le hinstitiúidí an Aontais chun caighdeáin agus cleachtais chomhsheasmhacha a chur chun cinn d’ateangairí agus d’aistritheoirí dlíthiúla. Déanann sé ionadaíocht ar leasanna na gcomhlachas náisiúnta agus oibríonn sé chun an ateangaireacht dhlíthiúil agus an t-aistriúchán dlíthiúil a aithint mar ghairmeacha speisialaithe.
  • Oiliúint agus forbairt ghairmiúil: Tacaíonn an cumann le forbairt sainchlár oiliúna agus acmhainní atá curtha in oiriúint do riachtanais na n-ateangairí agus na n-aistritheoirí dlíthiúla. Trí cheardlanna, comhdhálacha agus tionscadail chomhoibríocha a éascú, cuireann EULITA forbairt ghairmiúil leanúnach agus malartú dea-chleachtas chun cinn i measc cleachtóirí.
  • Caighdeánú agus deimhniú: Rannchuidíonn EULITA le cruthú agus scaipeadh treoirlínte agus próiseas deimhniúcháin darb aidhm a chinntiú go bhfuil ateangairí agus aistritheoirí dlíthiúla inniúil iontaofa. Ina measc sin tá rannpháirtíocht i bhforbairt caighdeán Eorpach agus i gcur chun cinn cód iompair eiticiúil.

Trí na tionscnaimh sin, tá ról ríthábhachtach ag EULITA maidir leis an mbonneagar don ateangaireacht dhlíthiúil agus don aistriúchán dlíthiúil san Eoraip a neartú, agus ar an gcaoi sin, maidir le rochtain ar cheartas a fheabhsú agus cearta daoine a chaomhnú in imeachtaí dlíthiúla ilteangacha.

Ina theannta sin, tacaíonn Lárionad Eorpach na Nuatheangacha de chuid Chomhairle na hEorpa le hoideachas teanga agus le forbairt ghairmiúil ateangairí agus aistritheoirí. Trí thionscadail, ceardlanna agus tionscnaimh taighde, spreagann sé dea-chleachtais agus cineálacha cur chuige nuálacha maidir le hoiliúint teanga agus oiliúint idirchultúrtha, rud a thagann le spriocanna go leor clár ateangaireachta seirbhíse poiblí ar fud an Aontais.