Skip to main content
Knowledge Centre on Translation and Interpretation

Mol comhoibríoch

Conas is féidir liom cur le heolas comhchoiteann i réimse na hateangaireachta seirbhíse poiblí?

GLAC PÁIRT

Mol comhoibríoch is ea rannán ateangaireachta seirbhíse poiblí an Lárionaid Eolais do gach duine a bhfuil baint aige leis an ateangaireacht seirbhíse poiblí, nó spéis aige inti. Tá éagsúlacht mhór idir cineálacha ateangaireachta chun freastal ar éilimh suíomhanna cumarsáide sonracha, amhail cúram sláinte, tearmann, póilíneacht, suíomhanna dlíthiúla nó limistéir choinbhleachta. Dírítear sa rannán sin ar chineálacha ateangaireachta atá ag éirí níos suntasaí mar gheall ar an tírdhreach geopholaitiúil a bhfuil athrú ag teacht air.

Le blianta beaga anuas, tá méadú tagtha ar an ngá atá le hateangairí cáilithe laistigh de sheirbhísí poiblí ar fud an Aontais mar gheall ar an méadú ar an tsoghluaisteacht agus ar an imirce. Cé gur faoi inniúlacht Bhallstáit an Aontais a thagann an ateangaireacht seirbhíse poiblí go príomha, is é is aidhm don ardán sin an t-idirphlé a neartú, saineolas a chomhroinnt agus comhar a spreagadh i measc phobal na hateangaireachta agus páirtithe leasmhara gaolmhara.

Cé dó ar ceapadh é?

Tá an rannán ceaptha dóibh siúd a bhfuil baint acu leis an ateangaireacht seirbhíse poiblí (ateangaireacht phobail), an ateangaireacht dhlíthiúil agus ateangaireacht cúraim sláinte ina measc:

  • Ateangairí
  • Mic léinn
  • Múinteoirí, oiliúnóirí, oideoirí
  • Taighdeoirí
  • Eagraíochtaí gairmiúla
  • Soláthraithe cúrsaí
  • Údaráis phoiblí

Cén chaoi a n-oibríonn sé?

Ós rud é nach bhfuil saineolas ná inniúlacht shonrach ag an gCoimisiún maidir leis an ateangaireacht seirbhíse poiblí féin, tá sé beartaithe go príomha leis an rannán sin crostoirchiú a spreagadh thar chineálacha éagsúla ateangaireachta agus sineirgí a chur chun cinn i measc páirtithe leasmhara. Moltar do pháirtithe leasmhara cuidiú chun eolas comhchoiteann a leathnú agus é a chur ar fáil do phobal níos leithne. Trí eolas a chomhroinnt agus ábhar a chur leis, is féidir leat cuidiú chun bunachar sonraí níos cuimsithí agus pobal bríomhar a thógáil do ghairmithe ateangaireachta seirbhíse poiblí agus do dhíograiseoirí ar fud an domhain. An bhfuil tú páirteach in eagraíocht ateangaireachta seirbhíse poiblí agus ar mhaith leat rannchuidiú? An bhfuil dlí nó cód iompair ag do réigiún nó do thír i réimse na hateangaireachta seirbhíse poiblí? Iarraimid ort do léargais a chomhroinnt, go háirithe maidir le páirtithe leasmhara, rialacháin, cleachtais, tionscadail taighde agus imeachtaí.


Is féidir leat pobail a chruthú freisin chun ábhair spéise a phlé agus ionchur a mholadh lena fhoilsiú. Sampla amháin de spás comhoibríoch atá tiomnaithe go sonrach do thopaicí agus d’ábhar a bhaineann le hateangaireacht na seirbhíse poiblí is ea an Pobal um an Ateangaireacht Seirbhíse Poiblí a Mhapáil.


D’fhéadfadh staidéir acadúla, scéalta ratha nó acmhainní ábhartha eile, in aon teanga, a bheith i gceist leis an ionchur. Is ar rannpháirtíocht ghníomhach a úsáideoirí a bhraitheann luach agus tionchar an ardáin.


GLAC PÁIRT