Aithint cainte – Caint go Téacs
Ag tús 2020 d’fhógair SCIC treoirthionscadal – Caint go Téacs (S2T) – chun réiteach corparáideach aitheanta cainte a fhorbairt a mbeadh tionchar aige ar an dul chun cinn is déanaí san intleacht shaorga agus i bpróiseáil teanga nádúrtha. Tá a lán dul chun cinn déanta ó shin i leith a bhuí le rannchuidiú ateangairí SCIC. Baineann SCIC úsáid as Microsoft Azure – an réiteach néalríomhaireachta atá ann faoi láthair sa Choimisiún lena gcuirtear seirbhís chaighdeánach aitheanta cainte ar fáil – chun tras-scríbhinní a chruthú, agus déanann ateangairí deonacha measúnú orthu sin ina dhiaidh. Ceartaítear aon earráidí agus cuirtear an tras-scríbhinn ar ais tríd an tsamhail chun a cruinneas a fheabhsú. Ar an gcaoi sin, ‘foghlaimíonn’ an meaisín agus cuirtear feabhas air dá réir.
Ghlac comhghleacaithe ó na 23 bhoth páirt sa tionscadal lena saineolas teanga: rinne siad tras-scríbhinní uathoibrithe a chuir Microsoft Azure ar fáil a fhíorú agus a bhailíochtú ina dteangacha féin. Cinntíonn sé sin nádúr ilteangach an tionscadail agus cuireann sé leis an gcaoi a bhfuil SCIC á bhunú féin mar phríomhghníomhaí i réimse na ngníomhaíochtaí cainte laistigh den Choimisiún.
Tar éis na chéad chéime píolótaí, cuireadh de réir a chéile le líon na n-ateangairí atá ag obair ar an tionscadal agus tá an tionscadal anois faoi lán seoil. Ó tharla go ndéanann ateangairí an tras-scríbhinn uathoibríoch a fhíorú, ní mór dóibh féachaint ar an téacs as an nua ar fad. Mar shampla, b’éigean dóibh foghlaim conas neamhaird a thabhairt ar phoncaíocht, ar cheannlitreacha agus ar fhleiscíní i ngeall go dtagann an tras-scríbhinn amach ag an gcéim sin agus í ‘lom’. Do ghairmithe teanga, is cleachtas frithiomasach é sin agus ní raibh an t-aistriú sin éasca dóibh.
Gach seachtain, tagann na hateangairí deonacha le chéile chun plé a dhéanamh ar shaincheisteanna a thagann aníos le linn a gcuid oibre. Baineann an plé le réimse leathan saincheisteanna tras-scríbhinne agus cuidíonn sé sin le feabhas a chur ar na treoirlínte tras-scríbhinne a chuirtear ar fáil do na rannpháirtithe uile. A bhuí le cuid de na seoda a chuireann an meaisín ar fáil, seoda amhail ‘Applebee’ arís agus arís eile i dtéacs Gréigise nó Brad Pitt i dtras-scríbhinn Phortaingéilise, is minic a bhíonn pléití spraíúla ag na hateangairí. Faoi láthair is fearr an toradh a bhíonn ag an meaisín i dteangacha áirithe i gcomparáid le teangacha eile, agus tháinig an meaisín aníos le tras-scríbhinní an-ghreannmhar, cuir i gcás ‘commissioner Wojciechowski’ tras-scríofa mar ‘commissioner virtual husky’, ‘charity’ mar ‘cherry tea’, ‘Brexit’ mar ‘backseat’, agus ‘to fill up vacancies’ mar ‘to fill in the cows’. Dar ndóigh, de réir mar a thagann feabhas ar an meaisín beidh na botúin sin chomh hannamh le sneachta sa samhradh.
Mar sin féin, do na hateangairí a dhéanann tras-scríbhinní a bhailíochtú, tarlaíonn go leor rudaí sa chúlra. Ní mór dóibh comhaid mhóra fuaime a íoslódáil, a ullmhú agus a uaslódáil i Microsoft Azure. Déanann na foirne teicniúla an méid sin, chomh maith le roinnt ateangairí ar cuireadh oiliúint ar leith orthu. Ní gá a rá, ach aon tionscadal lena mbíonn baint ag grúpa mór den sórt sin, ní mór go leor comhordúcháin a dhéanamh air. Tá triúr ateangairí i mbun an chomhordúcháin sin; duine ó bhoth na Rómáinise, ó bhoth na hOllainnise agus ó bhoth na Portaingéilise faoi seach. D’fhéadfaí a rá gurb iad sin comhéadan an tionscadail, idir an fhoireann teicniúil agus na hateangairí deonacha. Is iadsan atá i gceannas freisin ar na pacáistí oibre a sheoladh chuig comhghleacaithe, a gcuid ceisteanna a fhreagairt agus cabhair a chur ar fáil má bhíonn aon deacracht acu. Tar éis do na comhghleacaithe an tras-scríbhinn a rinne ‘an meaisín’ a bhailíochtú, seolann siad na moltaí atá acu i dtaca leis na ceartúcháin a chuir siad isteach ar ais chuig na comhordaitheoirí, agus déanann siadsan iad a thuairisciú don fhoireann teicniúil.
Ceann de na rudaí is mó a chuir ionadh ar an bhfoireann ná an chaoi a bhfeidhmíonn an córas agus conas é a fhorbairt; dar leis na hateangairí go mbíonn sé cosúil le bheith ag múineadh rudaí bunúsacha do leanbh ilteangach, cuir i gcás gan teangacha a mheascadh, ach ag an am céanna an tsaoirse a thabhairt don leanbh róbait sin forbairt a dhéanamh as a stuaim féin. Foghlaimíonn an meaisín conas déileáil leis na nithe deacra, é féin a cheartú, an teicníc atá aige a bheachtú i gcónaí agus gan na botúin chéanna a dhéanamh an athuair.
Is tionscadal é atá dírithe ar an todhchaí agus tá sé ceannródaíoch i dtaca leis an méid a d’fhéadfadh sé a sholáthar, go háirithe dóibh siúd a bhfuil laige éisteacha orthu. Is é an toradh a bheidh air réimse leathan feidhmeanna nithiúla a bheidh an-úsáideach, ní hamháin ar fud an Choimisiúin Eorpaigh; mar shampla, fotheidil uathoibrithe i bpreasagallaimh, agus trí réitigh shaincheaptha a chur ar fáil do shaoránaigh na hEorpa san fhadtéarma freisin. Ábhair a dhéanamh inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas, is é sin ceann de na rudaí a chuireann dlús leis an tionscadal.