Skip to main content
Knowledge Centre on Translation and Interpretation

An Mhongóil

Forbairt acmhainní sa Mhongóil

In 2021 d’eagraigh AS SCIC cúrsa oiliúna fíorúil ateangaireachta le haghaidh rannpháirtithe ón Mongóil agus é mar chuspóir foriomlán aige cur le cumas ateangaireachta na saorateangairí gairmiúla atá ar fáil sa tír. Ní mór an cúrsa a mheas i gcomhthéacs níos leithne an chaidrimh idir an tAontas Eorpach agus an Mhongóil agus eagrófar é i gcomhar le Toscaireacht an Aontais Eorpaigh chuig an Mongóil.

Dá gcuirfí líon breise ateangairí ar a bhfuil oiliúint mhaith ar fáil sa Mhongóil, is amhlaidh a chuideodh sé sin le Toscaireacht an Aontais déileáil le líon na gcuairteanna agus na gcruinnithe atá ag méadú leo in Ulaanbaatar ó bunaíodh é in 2017 agus chuirfí le cumarsáid níos fearr agus le comhar níos éifeachtaí lenár gcomhpháirtithe sa Mhongóil dá bharr.

Ba é an dara cúrsa oiliúna den chineál sin don Mhongóil é. Eagraíodh an chéad cheann in 2015 mar ullmhúchán don 11ú cruinniú Áise-Eoraip (ASEM) a tionóladh sa Mhongóil i mí Iúil 2016.