Cuibhreannas Máistreachta Pan-Afracach um Ateangaireacht agus Aistriúchán (PAMCIT)
Is é atá in PAMCIT an Cuibhreannas Máistreachta Pan-Afracach um Ateangaireacht agus Aistriúchán. Is é an aidhm atá leis líonra ionad barr feabhais a bhunú sna disciplíní sin san Afraic agus cúnamh a thabhairt chun líon dóthanach mac léinn a oiliúint chun obair a dhéanamh mar aistritheoirí agus ateangairí ardcháilithe chun freastal ar na riachtanais atá ag teacht chun cinn, agus dá réir sin tionchar suntasach a imirt ar an margadh Afracach le haghaidh seirbhísí ateangaireachta comhdhála agus aistriúcháin.
Cuidíonn tionscadal PAMCIT chun poist mhaithe a chruthú mar ateangairí agus aistritheoirí san Afraic agus chun acmhainneacht a fhorbairt in eagraíochtaí mór-roinne agus réigiúnacha na hAfraice ina bhfruilítear céimithe PAMCIT mar shaorateangairí agus ateangairí foirne nó mar shaoraistritheoirí agus aistritheoirí foirne.
Tuilleadh eolais faoi ollscoileanna comhpháirtíochta
Is é an tAontas Eorpach is mó a mhaoiníonn tionscadal PAMCIT (tríd an gclár Pan-Afracach), lena gcumhdaítear an tréimhse 2015-2019 agus trína gcuirtear tacaíocht ar fáil d’ollscoileanna agus do mhic léinn araon.
Cuireann Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta gníomhaíochtaí comhlántacha i gcrích i bhfoirm cúnaimh oideolaíoch, lena gcumhdaítear raon seirbhísí amhail rannpháirtíocht i scrúduithe iontrála, ranganna fíorúla agus ranganna máistreachta agus tacaíocht le linn scrúduithe deiridh, oiliúint d’oiliúnóirí agus maitrís mháistreachta chaighdeánach a dhréachtú.