Skip to main content
Knowledge Centre on Translation and Interpretation

Treoraíocht IS d’ateangairí ó Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta

Treoirlínte d’ateangairí maidir leis an intleacht shaorga agus feidhmchláir agus uirlisí uathoibrithe eile a úsáid

Tá treoirlínte inmheánacha foilsithe ag an gCoimisiún Eorpach dá fhoireann maidir le húsáid uirlisí intleachta saorga giniúnaí. Sna treoirlínte thíos tá treoir bhreise a bhaineann go sonrach le post ateangairí atá ag obair i gcruinnithe a dtacaíonn Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta leo.

Raon feidhme 

Baineann na treoirlínte sin le húsáid feidhmchlár agus uirlisí néalbhunaithe IS, uirlisí aistriúcháin tráchtála ina measc chomh maith le hasbhaint téarmaíochta, réitigh aithinte cainte agus néalstóráil (DeepL, Google Translate, InterpretBank, breiseáin IS in Microsoft Office, ChatGPT, iCloud, Google Docs, cuir i gcás). 

Srianta úsáide 

Ní cheadaítear na huirlisí sin a úsáid ach amháin le haghaidh doiciméid phoiblí agus cruinnithe poiblí. Ní féidir leat na huirlisí sin a úsáid ach amháin chun doiciméid, sonraí agus fuaim nach bhfuil rochtain éasca ag an bpobal orthu a phróiseáil (doiciméid inmheánacha oibre institiúidí an Aontais, ríomhphoist agus plé inmheánach ina measc) má tá cead sainráite agat ó na húdair. 

Rioscaí agus freagrachtaí 

Cé gur féidir leis na huirlisí sin cuidiú le hullmhú na hoibre ateangaireachta agus le hateangaireacht sa bhoth, d’fhéadfadh siad eolas íogair agus sonraí pearsanta a chur i mbaol freisin. Is amhlaidh atá toisc go mbaineann leaganacha poiblí de na huirlisí sin athúsáid as eolas, rud a d’fhéadfadh caighdeáin dhlíthiúla, eiticiúla agus ghairmiúla institiúid an Aontais a chur i mbaol. 

Sula n-úsáidfear aon uirlis nó feidhmchlár IS tráchtála, ní mór d’ateangairí athbhreithniú cúramach a dhéanamh ar na téarmaí agus na coinníollacha, chomh maith le haon bheartas príobháideachais nó prótacal slándála is infheidhme. Tá sé ríthábhachtach na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann a thuiscint agus a chinntiú go n-úsáidfear na huirlisí sin ar bhealach freagrach. 

Roghanna malartacha a mholtar 

In ionad réitigh tráchtála, moltar uirlisí eTranslation agus Aithinte Cainte an Choimisiúin Eorpaigh a úsáid mar roghanna malartacha sábháilte. Rinneadh na huirlisí sin a imréiteach lena n-úsáid le doiciméid an Choimisiúin agus le doiciméid íogaire institiúidí eile. 

Comhlíonadh 

Ní mór d’ateangairí creataí dlíthiúla agus beartais slándála agus rúndachta an Choimisiúin Eorpaigh agus institiúidí eile an Aontais a urramú. Ní mór na huirlisí sin a úsáid go cúramach, go freagrach agus i gcomhréir le treoirlínte dlíthiúla agus eiticiúla uile na gairme.