Skip to main content
Knowledge Centre on Translation and Interpretation

Formáidí digiteacha KCTI

Féach leat Formáidí Digiteacha KCTI agus faigh léargas ar réimse an aistriúcháin agus na hateangaireachta

Baineann ceithre fhormáid dhigiteacha éagsúla le KCTI, is iad sin: Caiféanna Fíorúla KCTI, Cúinní Gairmeacha KCTI, Cúinní Taighde KCTI, agus Agallaimh KCTI. 

Tá Caiféanna Fíorúla KCTI dírithe go príomha (ach ní go heisiach) ar mhic léinn, agus tugann siad deis dóibh malartuithe fíorúla a dhéanamh eatarthu féin, chomh maith le hateangairí gairmiúla nó gairmithe i réimsí gaolmhara (e.g. taighdeoirí), agus aghaidh á tabhairt acu ar ábhair a bhfuil spéis ar leith acu iontu. 

Tionóladh an chéad Chaifé Fíorúil an 17 Meitheamh 2022. Féach an liosta iomlán (tá sruthú gréasáin ar fáil). 

Mar chuid dá iarrachtaí leanúnacha chun an méid a chuireann sé ar fáil a thabhairt cothrom le dáta agus a éagsúlú, agus é á chur in oiriúint d’fhíor-riachtanais, tá formáidí nua anois in KCTI, cuir i gcás Cúinní Gairmeacha KCTI agus Cúinní Taighde KCTI.

Gné bhreise atá chomh hábhartha céanna is ea Agallaimh KCTI, le gairmithe aonair agus a scéalta pearsanta.