Skip to main content
Knowledge Centre on Translation and Interpretation

Caiféanna fíorúla KCTI

Tá caiféanna fíorúla KCTI dírithe go príomha (ach ní go heisiach) ar mhic léinn máistreachta lena bhfuil speisialtóireacht san aistriúchán agus san ateangaireacht chomhdhála i gceist. Sna cruinnithe ar líne seo, tugtar aghaidh ar ábhair a bhfuil spéis ar leith ag na mic léinn iontu agus tugtar an deis dóibh malartuithe fíorúla a dhéanamh lena chéile, le gairmithe aistriúcháin agus ateangaireachta ó institiúidí agus le heagraíochtaí éagsúla agus gairmithe i réimsí gaolmhara (taighdeoirí, mar shampla).

Coinnigh súil ar ár rannán faoi Imeachtaí go rialta chun eolas a fháil faoi na caiféanna fíorúla a bheidh ann amach anseo agus faoi conas páirt a ghlacadh iontu. Is féidir leat liostáil freisin lenár nuachtlitir chun an t-eolas is déanaí a fháil faoi imeachtaí for-rochtana arna n-eagrú ag Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta.

Caiféanna fíorúla KCTI roimhe seo

Lá Eorpach na dTeangacha

26 Meán Fómhair 2024

Comhcheiliúradh ar Lá Eorpach na dTeangacha agus ar chomóradh 20 bliain ar mhéadú an Aontais in 2004.

Sonraí   Taifeadadh

Na toghcháin Eorpacha

13 Bealtaine 2024

Ábhar an-tráthúil is ea na toghcháin Eorpacha.

Sonraí   Taifeadadh


Ón ateangaireacht iaruaineach go dtí an ateangaireacht chomhuaineach san oiliúint d’ateangairí

17 Eanáir 2024

Gnéithe oideolaíocha den aistriú ón ateangaireacht iaruaineach go dtí an ateangaireacht chomhuaineach san oiliúint d’ateangairí.

Sonraí   Taifeadadh


Lá Eorpach na dTeangacha agus an Bhliain Eorpach um Scileanna

26 Meán Fómhair 2023

Eagrán speisialta: ‘Teangacha, scileanna agus teicneolaíochtaí le haghaidh fás eacnamaíoch’.

Sonraí   Taifeadadh


Ateangaireacht – Modhanna seachadta nua

6 Meitheamh 2023

Forléargas ar ghnéithe éagsúla a bhaineann le modhanna seachadta nua.

Sonraí   Taifeadadh


Taighde san ateangaireacht

23 Márta 2023

Taighde san ateangaireacht.

Taifeadadh


Lá Eorpach na dTeangacha

26 Meán Fómhair 2022

Lá Eorpach na dTeangacha.

Taifeadadh


Ag obair mar ateangaire sa bhoth Fraincise – an tAontas Eorpach agus na Náisiúin Aontaithe

17 Meitheamh 2022

Deiseanna gairme d’ateangairí sa bhoth Fraincise – institiúidí an Aontais agus na Náisiúin Aontaithe. Mar thoradh ar an seisiún sin, forbraíodh formáid thiomnaithe le haghaidh gairmeacha, Cúinne Gairmeacha KCTI.

Taifeadadh