Cuireann an Lárionad Eolais um Aistriúchán agus Ateangaireacht (KCTI) agallamh ar shaineolaithe amhail ateangairí gairmiúla, aistritheoirí gairmiúla nó scoláirí ó dhisciplíní comhchosúla.
Ós rud é gur réimse ilfheidhmeach atá sna teangacha a bhfuil an iliomad gnéithe ag baint leo, déanann na hagallaimh trácht ar go leor ábhar a bhaineann leo. Idir mhionsonraí an aistriúcháin agus na hateangaireachta agus theicneolaíochtaí nua, déantar iniúchadh críochnúil ar gach réimse chun acmhainn luachmhar a chur ar fáil de réir mar a chomhroinneann siad léargais agus taithí ó dhaoine atá ag obair laistigh den réimse.
Agallaimh KCTI roimhe seo
Agallamh le Diego Cresceri
11 Márta 2025
Tá Diego ina úinéir cuideachta seirbhíse teanga, ina thionchaire tionscail teanga agus ina chomhalta reatha de Ghrúpa Saineolaithe an Tionscail Teanga in Ard-Stiúrthóireacht Aistriúcháin an Choimisiúin Eorpaigh.
Agallamh le Leonardo Doria de Souza
27 Samhain 2024
Is déantóir beartais agus comhairleoir sinsearach é Leonardo i Stiúrthóireacht Inimirce na hIorua. Labhraíonn sé faoina chonair ghairmiúil shaibhir shuimiúil, a chlúdaíonn limistéir éagsúla ón mBrasaíl go dtí an Iorua.
Agallamh le Minna Helminen
25 Meán Fómhair 2024
San agallamh, insíonn Minna dúinn faoina bealach chun bheith ina hateangaire foirne. Míníonn sí freisin cé na scileanna is gá chun oibriú mar ateangaire comhdhála.
Agallamh le Ágnes Farkas
8 Feabhra 2024
San agallamh, léiríonn Ágnes ról agus cúraimí na hearnála agus cuidíonn sí linn tuiscint a fháil ar an gcaoi a n-oibríonn eTranslation. Léiríonn sí freisin roinnt cásanna úsáide agus gnéithe sainiúla, agus tráchtann sí ar sheirbhísí eile atá bunaithe ar an intleacht shaorga.
Agallamh le Lidiia Bocharova
13 Deireadh Fómhair 2023
Don tríú hagallamh KCI, labhraíomar le Lidiia Bocharova a oibríonn san Aonad um ‘Chlársceidealú Ateangaireachta’ in AS SCIC sa Choimisiún Eorpach.
Agallamh le Eimear Ní Bhroin
27 Meitheamh 2023
Don dara hagallamh KCI, labhraíomar le hEimear Ní Bhroin, Oifigeach Gnóthaí Teanga an Choimisiúin Eorpaigh atá lonnaithe san Ionadaíocht in Éirinn.
Sraith nua
13 Márta 2023
Agallamh le Riccardo Bravi, ‘Buaiteoir Chomórtas Tráchtais Máistreachta EFNIL 2022’.