Skip to main content
Knowledge Centre on Translation and Interpretation

Seirbhísí eile teanga de chuid an Aontais

Seirbhísí an Aontais a bhíonn ag plé leis an ateangaireacht, leis an aistriúchán agus le teangacha trí chéile.

An Coimisiún Eorpach

AS EAC - Oideachas agus Cultúr

Is é an sainchúram atá ar AS EAC cur le hEoraip eolasbhunaithe a thugann geilleagar iomaíoch agus sochaí ionchuimsitheach le chéile. Maidir leis sin, cumhdaíonn misean AS EAC réimsí a bhfuil tábhacht mhór shochaíoch agus pholaitiúil ag baint leo – cuir i gcás, cáilíocht an oideachais, an cultúr mar ghléas chun an nuálaíocht a spreagadh agus an óige agus an spórt. I ngach ceann de na réimsí sin tá sé d’aidhm ag AS EAC dlús a chur le forbairt inniúlachtaí, soghluaisteacht daoine aonair, comhar trasteorann, rannpháirtíocht páirtithe leasmhara agus athchóiriú beartas. Tá an t-ilteangachas ar na riachtanais is mó a bhaineann leis sin.

Parlaimint na hEorpa

AS LINC – Lóistíocht agus Ateangaireacht do Chomhdhálacha

Cuireann an Ard-Stiúrthóireacht seo tacaíocht teanga, theicniúil agus lóistíochta ar fáil chun cruinnithe parlaiminteacha agus comhdhálacha de chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa agus de chomhlachtaí a eagrú.

Físeán: Ateangaireacht don Eoraip

AS an Aistriúcháin

Aistríonn an tseirbhís seo doiciméid go 24 theanga oifigiúla an Aontais, agus ó na teangacha sin, rud a thugann rochtain láithreach do gach saoránach san Aontas ar théacsanna Eorpacha ina dteanga féin agus a thugann an deis dóibh cumarsáid a dhéanamh leis na hinstitiúidí ina dteanga féin.

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

ARD-STIÚRTHÓIREACHT AN ILTEANGACHAIS

Stiúrthóireacht na hAteangaireachta

Is í Stiúrthóireacht na hAteangaireachta, ag a bhfuil thart ar 70 ateangaire buan, a chuireann an ateangaireacht ar fáil le linn imeachtaí os comhair na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta. Chomh maith leis sin, úsáideann an stiúrthóireacht seirbhísí saorateangairí a bhfuil taithí acu, nuair is gá.

Faigh tuilleadh eolais faoi ateangaireacht do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Stiúrthóireachtaí um Aistriúchán Dlíthiúil

Bunaítear aistriúcháin na Cúirte i gcomhréir leis na socruithe teanga éigeantacha agus cuimsíonn siad gach teaglaim de theangacha oifigiúla an Aontais. Níos mó ná 1,100,000 leathanach, sin é líon na leathanach a bhíonn le haistriú in aghaidh na bliana.

An tIlteangachas i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

Tairseach chun an t-ilteangachas i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a mhíniú agus an méid is gá a dhéanamh chun é a chur i bhfeidhm i suíomh dlíthiúil.