<p>Comhar idir Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta, Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin agus na hollscoileanna</p>
Cuireann seirbhísí teanga an Choimisiúin seirbhísí ilteangacha labhartha agus scríofa ar fáil. Chun na seirbhísí sin a chur ar fáil sa lá atá inniu ann agus amach anseo, tá gá le hoiliúint ateangaireachta agus aistriúcháin den scoth i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais agus níos faide i gcéin fiú.
Tacaíonn Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta agus Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin araon le hoiliúint ghairmiúil ateangairí agus aistritheoirí trí líonraí, cuibhreannais, tacaíocht oiliúna agus deontais.