Ríomhairí agus táibléid
Tá ríomhairí soghluaiste á n-úsáid ag ateangairí leis na blianta, laistigh agus lasmuigh den bhoth, toisc go mbíonn siad iniompartha, éadrom agus cumhachtach. Le ríomhaire soghluaiste is féidir teacht ar dhoiciméid, ar bhogearraí suiteáilte (foclóirí agus uirlisí tagartha eile san áireamh) agus, dar ndóigh, ar an idirlíon lenar féidir taighde ar líne agus cumarsáid mhear a dhéanamh.
Le blianta beaga anuas, tá ríomhairí táibléid á n-úsáid go pointe i measc ateangairí freisin. Is léir na buntáistí a bhaineann leo le haghaidh ateangairí: tá siad beag agus éadrom, ní ghlacann siad mórán spáis sa mhála ná sa bhoth. Níl torann - fadhb sheanaitheanta le ríomhairí glúine traidisiúnta - ina fhadhb leo ós rud é nach mbíonn gaothrán ná méarchlár ionsuite ag táibléid. Ar deireadh, is gléasanna fíor-iniompartha iad mar gheall ar fhadsaol a gceallra.
Agus gach rud á thabhairt san áireamh bíonn táibléid an-oiriúnach d’ateangairí, laistigh agus lasmuigh den bhoth. Go
hachomair, is uirlis iontaofa iad le haghaidh faisnéis a bhainistiú.
Ár n-uirlisí a dhéanamh agus a fhabhrú
Le tamall maith anuas, ós sainréimse í an ateangaireacht i gcomparáid le réimsí eile b’fhéidir, tá ateangairí ag déanamh agus/nó ag fabhrú a n-uirlisí TF féin, go príomha sa réimse maidir le bainistiú gluaiseanna. Tá sé sin intuigthe: cé go ndéanann cuideachtaí bogearraí freastal measartha maith ar aistritheoirí agus ar théarmeolaithe, ní raibh aon rud ann dáiríre a d'oir do riachtanais ateangairí sular thug cleachtóirí orthu féin comhoibriú le ríomhchláraitheoirí chun na huirlisí riachtanacha a chruthú agus iad a chur in oiriúint don ateangaireacht. Sa lá atá inniu ann, bíonn éagsúlacht mhór feidhmchlár bogearraí ag díriú ar ghnéithe éagsúla d’obair ateangaireachta, mar shampla ullmhúchán, cuardach tapa ar ala na huaire agus teicneolaíochtaí ceannródaíocha ar nós aithint cainte agus asbhaint téarmaí. I gcás cuid acu déantar speisialú ar ghnéithe sóisialta agus comhoibríocha.
Ar an gcaoi chéanna, bíonn ateangairí bainteach le hobair a bhíonn ar siúl go leanúnach ar roinnt ardáin ateangaireachta
tráchtála, lena ndírítear ar ghnéithe éagsúla den chumarsáid ilteangach ar líne.
Teicneolaíochtaí nua, modhanna nua
Tá bealaí nua ann chun tabhairt faoin ateangaireacht, amhail “an Ateangaireacht Chomhuaineach Iaruaineach”, a bhuí le húsáid teicneolaíochtaí nua. Is cosúil go raibh ateangaire de chuid Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta Michele Ferrari ar an gcéad duine chun an modh hibrideach nua sin a fhorbairt siar sna 1990idí. Rinne sé é sin i dtús báire trí PDA (Cúntóir Digiteach Pearsanta) a úsáid le linn preasagallamh san Iodáil le Neil Kinnock a bhí ina Choimisinéir an t-am sin. Is é an dóigh a n-oibríonn sé ná go ndéanann an t-ateangaire taifead fuaime den óráid (le gléas soghluaiste nó le “peann cliste” a bhfuil cumas fuaime ann) gan ach roinnt nótaí a bhreacadh síos, m.sh. figiúirí nó ainmneacha. Agus an t-ateangaire ag tabhairt faoina sheal, éisteann sé leis an taifeadadh agus cuireann sé ateangaireacht ar fáil arb ionann í go bunúsach agus ateangaireacht chomhuaineach. Ag brath ar an teicneolaíocht a bhíonn in úsáid, is féidir leis an ateangaire deighleoga den taifeadadh atá iomarcach nó níos deacra a luathú nó a mhoilliú. Bíonn roinnt ateangairí ag fobairt na teicníce sin go leanúnach, ag déanamh taighde uirthi agus á múineadh, agus is cosúil go bhfuil sí ar fónamh le haghaidh cásanna a bhíonn an-dúshlánach ó thaobh cruinnis agus iomláine de.
Le déanaí tháinig modh hibrideach nua eile chun cinn darb ainm “Consecutiva a la vista” (“Sight-Consec”). Baineann an teicníc sin le nótaí a bhreacadh agus le hóráid a thaifeadadh freisin. Cuirtear an taifeadadh go comhuaineach isteach in inneall aitheanta cainte a chuireann ar chumas an ateangaire an tras-scríobh a úsáid dá ateangaireacht iaruaineach nó chun aistriúchán a dhéanamh go díreach ar bhonn radhairc.
Oiliúint d’ateangairí
Ar deireadh, tá dul chun cinn déanta maidir le teicneolaíocht a úsáid le haghaidh ateangairí a chur faoi oiliúint. D’fhéadfadh bunachair chainte ar líne a bheith ar an bhforbairt is suntasaí. Cuireann tionscnaimh amhail Stór Óráidí Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta, nó bealaí físeán ar líne éagsúla, go leor ábhair ar fáil lena úsáid i rang nó le haghaidh cleachtadh féin-stiúrtha.
Bíonn tionscnaimh ateangaireachta eile ag cur le bunachair chainte, ag cruthú, mar shampla, pobal ar líne inar féidir le gairmithe agus le mic léinn a gcuid ama a dheonú chun aiseolas a chur ar fáil agus aiseolas a fháil ar ais ina chomaoin sin. Tá taighdeoirí, ar oiliúnóirí iad, ag cur tuilleadh spéise san ábhar maidir le pobail chleachtais, idir phobail ar líne agus phobail as líne araon.
Ar deireadh, úsáidtear réitigh físchomhdhála chun teagasc ar an láthair a fheabhsú nó in ionad teagasc ar an láthair a dhéanamh go fiú (“foghlaim chumaisc”). I gcás amháin, is ar líne a reáchtáiltear an chéad bhliain iomlán de chlár máistreachta le haghaidh Ateangaireacht Chomhdhála.
An “t-ateangaire breisithe”
Ceann de phríomhchuspóirí an digitithe is ea é cuidiú le hateangairí díriú ar ateangaireacht, ní cuardach a dhéanamh ar fhaisnéis agus iad sa bhoth.
Is féidir tascanna deacra sa bhoth a éascú a thuilleadh nuair a úsáidtear trí chomhpháirt le chéile:
- Leis an aithint cainte d'fhéadfaí óráidí na rannpháirtithe a phróiseáil go téacs (nó tras-scríbhinn) sa bhunteanga; cliceáil anseo chun páirt a ghlacadh sa phobal maidir leis an ábhar seo, más spéis leat é
- Ansin dhéanfaí an tras-scríbhinn sin a phróiseáil chun téarmaí, figiúirí agus “eintitis ainmnithe” a shainaithint sa teanga fhoinseach, agus úsáid á baint as uirlisí asbhainte téarmeolaíochta;
- D'aisghabhfaí an choibhéis i dteanga ghníomhach an ateangaire ó ghluaiseanna nó d'aistreofaí í ar ala na huaire.