Na rialacha agus na caighdeáin a bhaineann leis an ateangaireacht chomhdhála
Reachtaíocht lena ndaingnítear an t-ilteangachas in eagraíochtaí idirnáisiúnta
Ráthaítear carachtar ilteangach an Aontais agus a chuid institiúidí le Rialachán 1/58 ón gComhairle. Leagtar amach in Airteagal 1 gurb iad teangacha oifigiúla na mBallstát teangacha oifigiúla an Aontais.
Anuas air sin, luach bunúsach de chuid an Aontais is ea an meas ar an éagsúlacht teanga, maille leis an meas don duine agus an oscailteacht do chultúir eile. Tá an méid sin ionchorpraithe i mbrollach an Chonartha ar an Aontas Eorpach, ina dtagraítear d'ionsparáid a fháil ‘ó oidhreacht chultúrtha, reiligiúnach agus dhaonnach na hEorpa’, rud a dhaingníonn cion an Aontais ‘le prionsabail na saoirse, an daonlathais agus urramú chearta an duine’. In Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach leagtar an-bhéim ar urramú chearta an duine agus ar an neamh-idirdhealú, agus in Airteagal 3, luaitear go n-urramóidh an tAontas ‘saibhreas a éagsúlachta cultúrtha agus teanga’.
Le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, cairt a glacadh in 2000 agus atá ceangailteach faoin dlí de thoradh Chonradh Liospóin, cuirtear toirmeasc ar an idirdhealú ar bhonn teanga (Airteagal 21) agus cuirtear d'oibleagáid ar an Aontas an éagsúlacht teanga a urramú (Airteagal 22).
Cé go bhfuil 24 theanga oifigiúla ag an Aontas, tá 6 theanga oibre ag na Náisiúin Aontaithe – an Araibis, an tSínis, an Béarla, an Fhraincis, an Rúisis agus an Spáinnis (tuilleadh eolais faoi bheartas ilteangachais na Náisiún Aontaithe).
Fóram idirnáisiúnta agus líonra de bhainisteoirí eagraíochtaí idirnáisiúnta a fhostaíonn soláthraithe seirbhísí comhdhála agus teanga is ea IAMLADP (Cruinniú Bliantúil Idirnáisiúnta maidir le Socruithe Teanga, Doiciméadúchán agus Foilseacháin). Tionóltar faoi choimirce na Náisiún Aontaithe é, ach tá na hinstitiúidí Eorpacha páirteach ann freisin.
Ghlac eagraíochtaí IAMLADP téacs um ilteangachas freisin, dá ngairtear ráiteas Vín.
Cóipcheart
Cosnaítear feidhmíocht ateangairí comhdhála, a luaithe a thaifeadtar agus a chaomhnaítear iad, faoi dhlíthe idirnáisiúnta maidir le cóipcheart agus cosaint maoine intleachtúla. Cosnaíonn Coinbhinsiún Bheirn leasanna údar, aistritheoirí ina measc, trí aistriúcháin a láimhseáil mar shaothair bhunaidh. Agus an ateangaireacht socraithe i bhfoirm inláimhsithe, meastar gur aistriúchán é faoi Choinbhinsiún Bheirn, agus tá feidhm ag na cearta eisiacha a leagtar amach sa Choinbhinsiún maidir leis an údar (Foinse: AIIC).
Faoi Airteagal 18 de Rialacháin Foirne an Aontais, is maoin de chuid an Aontais iad na cearta a bhaineann le feidhmíocht ball foirne agus saorateangairí agus iad ag obair d’institiúidí an Aontais.
Séanadh
Nuair a dhéantar ateangaireacht a thaifeadadh agus a chur ar fáil don phobal nó a chraoladh, ní mór d’institiúidí an Aontais séanadh a chur san áireamh ar na meáin dáileacháin. Ní mór a lua sa séanadh go bhfuil an léiriú beartaithe chun cumarsáid a éascú agus nach féidir a mheas gur atáirgeadh barántúil ar an bplé é.
Caighdeáin in eagraíochtaí idirnáisiúnta
Tá nósanna imeachta creidiúnúcháin an-dian ag eagraíochtaí idirnáisiúnta d'ateangairí foirne agus do shaorateangairí araon chun cáilíocht na hateangaireachta a chinntiú.
Tá comhaontú ag Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta (‘An Comhaontú’) lena cuid ateangairí buana agus sealadacha ina leagtar amach na rialacha i dtaobh dálaí oibre. Tá comhaontú eile ann freisin ('La Convention') lena cuid saorateangairí.
Cumhdaíonn caighdeáin ghairmiúla agus eitic in Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta go leor gnéithe éagsúla, a ndéantar cur síos ar chuid acu thíos.
Obair foirne
Is obair aonair í obair an ateangaire, ach braitheann cáilíocht na hoibre sin ar gach ball d’fhoireann a bheith ag obair go maith mar chuid d’iarracht foirne chomhchoitinne. Bíonn sé sin i gceist i gcás meithleacha beaga atá ag roinnt botha agus foirne móra ag obair le chéile i gcruinniú. Ba cheart d’ateangairí caitheamh lena gcomhghleacaithe, lena mbainisteoirí agus lena gcustaiméirí i gcónaí le meas agus le tuiscint. Ba cheart urraim a thabhairt ní amháin don duine ach d’am agus do spás pearsanta an duine freisin.
Is fíorthábhachtach é freisin cabhrú le comhghleacaithe agus is scil riachtanach é mar caithfidh na hateangairí fios a bheith acu cén uair is ceart agus cén chaoi is ceart an chabhair a thairiscint. Níor cheart cabhair amh a bhrú ar chomhghleacaí ná fearg a ghlacadh leis má dhiúltaítear do chabhair. D’fhéadfadh sé gur leor dóibh a bheith ar an eolas go bhfuil cabhair ar fáil. Ar an gcaoi chéanna, bíonn sé úsáideach má chuireann ateangairí in iúl do chomhghleacaithe cén cineál cabhrach ba mhaith leo a fháil, go háirithe má bhraitheann siad nach bhfuil an chabhair a theastaíonn uathu á fáil acu.
Ullmhúchán le haghaidh cruinnithe:
I gcás na n-ateangairí, ceann de na príomhfhreagrachtaí is ea gach cruinniú a shanntar dóibh a ullmhú go críochnúil agus go córasach. Dá mhéad a thuigeann siad an t-ábhar, an cúlra agus an téarmaíocht, is ea is fearr a chuirfidh siad ateangaireacht ardcháilíochta ar fáil sa bhoth. Is féidir tacú go héifeachtúil le hullmhú críochnúil agus le hateangaireacht ardcháilíochta a chur ar fáil trí úsáid a bhaint as uirlisí IS i gcomhréir le treoirlínte Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta d’ateangairí maidir le húsáid na hintleachta saorga (IS). Ós rud é go bhfuil cruinnithe ag éirí níos speisialaithe agus níos casta ó thaobh na teicneolaíochta de, is féidir le scileanna digiteacha agus uirlisí intleachta saorga rannchuidiú go héifeachtúil le dlús a chur le hullmhú cruinnithe agus cuidiú le cáil AS na hAteangaireachta ó thaobh cáilíochta de a choinneáil.
Rúndacht
Ní mór na doiciméid uile a dháiltear go leictreonach roimh chruinniú nó a phriontáiltear agus a chuirtear ar fáil sna bothanna a láimhseáil go cúramach fiú má foilsíodh cheana iad. Is é is ciall leis sin nach ceart cóipeanna fisiciúla a fhágáil lasmuigh den bhoth ná leaganacha leictreonacha a chomhroinnt lasmuigh de líonraí slána an Aontais agus staonadh ó chruinnithe íogaire a phlé lasmuigh den ionad oibre. Ina theannta sin, níor cheart d’ateangairí doiciméid a chóipeáil ná a dháileadh gan ghá, agus ba cheart dóibh an prionsabal ‘ar bhonn riachtanais eolais’ a chur i bhfeidhm i gcónaí. Ní mór dóibh freisin doiciméid rúnaicmithe a scriosadh tar éis an chruinnithe.
Físeán maidir le hiompraíocht ghairmiúil sa bhoth
Lasmuigh d’institiúidí an Aontais, meastar gur ráthóir cáilíochta gairmiúla agus caighdeán gairmiúil é Cumann Idirnáisiúnta na nAteangairí Comhdhála (AIIC). Is trí athbhreithniú piaraí agus trí chóras urraíochta a ghnóthaítear ballraíocht in AIIC. Tugann baill AIIC gealltanas go gcloífidh siad lena gcóid ghairmiúlachta dochta.
Caighdeáin ISO maidir leis an ateangaireacht
Bíonn Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta rannpháirteach go rialta in ullmhú chaighdeáin ISO a bhaineann le hateangaireacht. Freastalaíonn lucht na hArd-Stiúrthóireachta ar chruinnithe ISO agus an stádas idirchaidrimh acu. Ciallaíonn sé sin gur féidir leo seasamh na hArd-Stiúrthóireachta a chur in iúl ag cruinnithe agus tionchar a imirt ar an toradh mar shaineolaithe, ach níl aon cheart vótála acu toisc nach féidir ach le comhaltaí de choistí náisiúnta na dtíortha vótáil.
An caighdeán ginearálta ISO lena sonraítear buncheanglais maidir le seirbhísí ateangaireachta a sholáthar, is é sin ISO 18841: Seirbhísí ateangaireachta - Riachtanais ghinearálta agus moltaí. Is é ISO 23155 an caighdeán a thagraíonn go sonrach don ateangaireacht chomhdhála.
Cloíonn Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta i gcónaí le caighdeáin ISO, cé nach bhfuil ar na hinstitiúidí Eorpacha deimhniú a fháil.
Caighdeáin Theicniúla
Tugann Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta cabhrú chun caighdeáin theicniúla úrscothacha (caighdeáin ISO ina measc) a fhorbairt freisin agus ní mór di cloí leo.