Ardán comhoibríoch
Is ardán comhoibríoch é an tIonad Eolais Ateangaireachta agus braitheann rath an ardáin ar d’ionchur féin.
Tá do chuid díograise, fuinnimh agus saineolais ag teastáil uainn!
Sa dearadh atá ar an ardán, ag barr an leathanaigh tá trí rannán “statacha” ann ina bhfuil ábhar agus eolas – is iad sin Eolas, Nuálaíocht, Comhpháirtithe – agus tá na rannáin níos “dinimiciúla” ag an mbun – mar atá Spásanna Comhoibríocha, Líonrú, Nuacht agus Imeachtaí.
Oibríonn na rannáin ar fad le chéile áfach:
Ar an dóigh sin, níl na rannáin statacha iomlán statach le fírinne mar is féidir an méid a fheictear sna rannáin dhinimiciúla a fhothú sna rannáin statacha ábharbhunaithe.
Mar shampla, trí úsáid a bhaint as na pobail, is féidir le grúpaí úsáideoirí teacht le chéile agus ábhar a chruthú do na rannáin statacha. Leis an bhfeidhm WIKIdocs, is féidir le húsáideoirí comhoibriú ar théacs agus ansin an téacs sin a chur isteach chuig foireann eagarthóireachta an Ionaid Eolais ionas go bhféadfaidh an fhoireann é a bhailíochtú sula bhfoilseofar é.
Le bheith in ann a bheith páirteach, is gá gur úsáideoir fíordheimhnithe thú agus is gá duit próifíl úsáideora a chruthú. Tá tuilleadh eolais faoin dóigh chun sin a dhéanamh le fáil anseo.
Ionchur ginearálta
Tá go leor bealaí éagsúla eile ann chun cur leis na rannáin agus na leathanaigh “statacha”:
- Is féidir leat úsáid a bhaint as an bhfoirm theagmhála chun cabhrú linn an t-eolas a líonadh isteach ar roinnt de na leathanaigh sna rannán statacha, mar shampla:
- soláthraithe cúrsaí
- cumainn ghairmiúla
- rialacháin agus cleachtais
- leabhair agus acmhainní úsáideacha
- Iarrtar ort aon ábhar oiliúna a sheoladh chugainn lena fhoilsiú
- Má tá barúlacha nó moltaí agat, is féidir leat ríomhphost a chur chugainn am ar bith
- Ar gach leathanach tá cnaipe lenar féidir leat aiseolas a sheoladh go díreach chuig an bhfoireann eagarthóireachta
Spásanna comhoibríocha
Is rannán “dinimiciúil” é seo a thugann tuilleadh deiseanna d’úsáideoirí ar bheith páirteach i múnlú an Ionaid Eolais.
Is iad na pobail agus na fóraim na príomhbhealaí le páirt a ghlacadh san ardán comhoibríoch.
Is le haghaidh ceisteanna oscailte a ceapadh na fóraimagus tá súil againn go mbeidh tú in ann cabhrú chun ceisteanna daoine eile a fhreagairt agus do cheisteanna féin a chur.
Na pobail, áfach, díríonn siad sin ar ábhair faoi leith – is féidir leat do phobal féin a chruthú agus a bheith páirteach i bpobail atá ann cheana féin. Cabhraigh chun daoine a thabhairt le chéile le saincheisteanna tábhachtacha sonracha a phlé, agus má bhíonn sé oiriúnach, cruthaigh ábhar nua tríd an bhfeidhm WIKIdocs. An t-ábhar a chruthaíonn na pobail, d’fhéadfadh sé go gcuirfí é le hábhar an Ionaid Eolais.
Féach an Treoir d’úsáideoirí na bPobal agus na bhFóram le haghaidh treoirlínte cuimsitheacha maidir leis an dóigh chun na spásanna sin a úsáid.
Ionas go mbeidh gach gné de soiléir, tá Cód iompair ann le haghaidh na rannpháirtithe.