Is seisiúin oiliúna ar líne iad ranganna fíorúla a mhaireann idir 2 agus 2.5 uair an chloig. Is í Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta a eagraíonn na ranganna sin, agus cuirtear ar fáil iad d’ollscoileanna lena gcomhoibríonn Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta. Is iad ateangairí foirne, a bhfuil taithí acu ar oiliúint a chur ar ateangairí comhdhála, a stiúrann na seisiúin sin mar oiliúnóirí agus mar chainteoirí.
Stair an tionscadail
Cuireadh tús leis an tionscadal thart ar 2009, nuair a tugadh le chéile an Coimisiún Eorpach, Parlaimint na hEorpa agus grúpa ollscoileanna Eorpacha. Bhí institiúidí agus grúpaí de 3 ollscoil páirteach sna ranganna fíorúla ar dtús.
Le himeacht ama, d’fhorbair gach institiúid a clár ranga fíorúil féin, agus béim á leagan ar ranganna fíorúla duine le duine (institiúid amháin de chuid an Aontais agus ollscoil chomhpháirtíochta amháin).
Ábhar na ranganna
Clúdaíonn na modúil atá ar fáil faoi láthair cleachtadh ateangaireachta leantaí agus comhuainí do thosaitheoirí agus do dhaoine a bhfuil cumas maith ateangaireachta acu, ateangaireacht retour san áireamh, i dteangacha oibre gach grúpa.
I gcás na hateangaireachta comhuainí, cuirtear ranganna fíorúla ar fáil go cianda trí úsáid a bhaint as an Uirlis Oiliúna Ateangairí. Cuireann an uirlis seo ar chumas oiliúnóirí éisteacht le dhá chainéal (an ateangaireacht agus an óráid bhunaidh) trí ghléas cinn amháin.