Skip to main content
Knowledge Centre on Translation and Interpretation

Tionscadail taighde a mhaoiníonn SCIC

Deontais SCIC atá ar fáil don taighde

Tríd an gcóras deontais atá ag SCIC, is féidir leis tionscadail taighde a mhaoiniú. Féadfaidh tú tuilleadh eolais a fháil faoi dheontais ar an leathanach tiomnaithe.

Uathaithint Cainte (ASR)

Rinne AS SCIC, Ollscoil Gent agus Ollscoil Johannes Gutenberg Mainz tionscadal taighde chun measúnú a dhéanamh ar na buntáistí féideartha agus an úsáideacht a d’fhéadfadh a bheith ag baint le teicneolaíocht Uathaitheanta Cainte sa bhoth. Rinne AS SCIC cómhaoiniú ar an tionscadal taighde sin laistigh den scéim Deontais le haghaidh gníomhaíochtaí chun tacú leis an oiliúint san ateangaireacht chomhdhála. Cuireadh tús leis i mí Mheán Fómhair 2020 agus tháinig deireadh leis i mí Lúnasa 2021.

Is iad Bart Defrancq, ceann na hoiliúna ateangaire in Ollscoil Gent agus Claudio Fantinuoli (Ollscoil Johannes Gutenberg Mainz), an té a bhunaigh InterpretBank, na taighdeoirí atá bainteach leis. Is í Helena Snoeck (Ollscoil Gent) an cúntóir taighde don tionscadal.

Rinne na taighdeoirí suirbhé i measc ateangairí gairmiúla ó AS SCIC chun a fháil amach conas a d’fhéadfaidís obair na n-ateangairí a éascú agus uirlisí úsáideacha a fhorbairt dóibh. Mar chuid den chéad chéim eile, d’iarr siad ar ateangairí AS SCIC an réiteach a thástáil i dtimpeallacht ateangaireachta.

Conas is féidir le ASR cabhrú le hateangairí?

Uathaithint Cainte, nó ASR, féadfaidh sé feidhmiú go rathúil mar chóras tacaíochta d’ateangairí sa bhoth. Déanann an córas ASR faisnéis a asbhaint as fuaim an chainteora chun obair na n-ateangairí a éascú. ‘Áit a léiríonn daoine laigí, is iondúil gur láidre a bhíonn meaisíní sna réimsí sin, agus is fíor an méid sin freisin malairt treo’, a deir Bart Defrancq.

Léiríonn an córas uimhreacha, ainmneacha agus téarmaíocht a luann an cainteoir. An téarmaíocht a úsáidtear, tagann sé ó bhunachar sonraí ar leith, rud a chuireann ar chumas na n-ateangairí tairbhe a bhaint as blianta taithí na heagraíochta i gcomhdhálacha agus i gcruinnithe eile.

Tá sé tábhachtach a lua nach gcuirtear gach rud a luaitear ar taispeáin i ngeall go gcruthódh an méid sin ualach cognaíoch breise. Is é cuspóir an pháirtí shaorga sa bhoth cúnamh a thabhairt d’ateangairí i réimsí ar leith. ‘Féadfaidh ateangairí úsáid a bhaint as an gcóras ar an gcaoi chéanna a d’úsáidfí páirtí sa bhoth,’ a deir Claudio Fantinuoli, ‘agus dul i gcomhairle leis aon uair a theastaíonn cúnamh uathu.’

Cén chaoi ar eagraíodh na trialacha?

Léirigh turgnamh a rinne na taighdeoirí roimhe le mic léinn ateangaireachta torthaí a raibh gealladh fúthu. Mar shampla, cuireann uathaithint uimhreacha feabhas ar an bhfeidhmíocht fhoriomlán le haghaidh beagnach gach cineál uimhreach. Léirigh an tástáil go n-éiríonn leis an gcóras uimhreacha a phiocadh suas le cruinneas suntasach de 95%. Ba mhian leis na taighdeoirí na torthaí sin a fhíorú leis na hateangairí gairmiúla i AS SCIC chun a chinntiú go mbeidh an taithí is fearr acu siúd a bhainfidh leas agus tairbhe as an tionscadal.

Ghlac 20 ateangaire páirt sa tástáil ar bhonn deonach. Ina measc sin, bhí 10 as both na hOllainnise agus 10 as both na Spáinnise. Ba é an smaoineamh a bhí ann tástáil a reáchtáil i dteanga Rómánsach agus teanga Ghearmánach i ngeall ar na difríochtaí idir na bealaí a ndéantar uimhreacha a choimriú sa dá theaghlach teanga (cuir i gcás, féach an difear idir ‘treinta y dos’ sa Spáinnis agus ‘tweeëndertig’ san Ollainnis).

Le linn na dtrialacha rinne na rannpháirtithe ateangaireacht ar cheithre hóráid ghearra (5 nóiméad in aghaidh na hóráide agus dhá nóiméad idir gach óráid, i.e. 30 nóiméad san iomlán) isteach go dtí a dteanga féin le cuidiú ón réiteach aitheanta cainte. Chun críche an chleachtaidh sin, rinne na hateangairí taifeadadh ar a gcuid ateangaireachta ag baint úsáid as Stór Óráidí AS SCIC agus SCICrec, an bogearraí taifeadta a úsáidtear ar an ardán. Le SCICrec, tá an fhéidearthacht ann dhá chonair fuaime a leabú isteach in aon chomhad amháin, rud a chuir ar chumas na foirne taighde obair na n-ateangairí a chur i gcomparáid le chéile.

Na chéad imprisean

Ghlac Carmen Gomez von Styp Rekowski ó bhoth na Spáinnise páirt sna tástálacha agus dar léi, bhí sé an-suimiúil triail a bhaint as rud éigin nua a d’fhéadfadh réiteach a chabhróidh le hateangairí ina gcuid oibre laethúil a bheith mar thoradh air. ‘D’fhéadfadh an tUathpháirtí sa Bhoth a bheith an-úsáideach sa bhoth, ar choinníoll go bhfuil na torthaí iontaofa’, a dúirt sí. ‘Dar liom, is uirlis an-úsáideach é. Ní ionadaí don pháirtí sa bhoth é, ach d’fhéadfadh sé cuidiú go mór.’

Is cabhair sa bhoth an uirlis sin, cé go gcuireann sé leis an méid faisnéis a chuirtear ar fáil, agus bíonn ar ateangairí déileáil leis an bhfaisnéis sin i bhfíor-am. ‘Tá buntáistí agus míbhuntáistí ann. Sa bhoth, ní mór dúinn go leor faisnéise a phróiseáil ó fhoinsí éagsúla, agus níl sé éasca ár n-aird a dhíriú nuair a chuirtear le líon na n-uirlisí a úsáidimid. In amanna, ní mór dúinn faisnéis a aimsiú agus a aisghabháil ar an idirlíon i ngeall nár tháinig an fhaisnéis chugainn i ndoiciméad cruinnithe. Má tá an uirlis aitheanta cainte iontaofa, éasca le húsáid agus áisiúil, beidh sé an-chabhrach.’

Naisc

Le coinneáil ar an eolas faoin turgnamh, agus chun tuilleadh eolais a fháil ina leith, féadfaidh tú freisin cuairt a thabhairt ar leathanach Ollscoil Gent.