Oiliúint ateangairí
Tá dul chun cinn déanta freisin i dtaca leis an teicneolaíocht i réimse na hoiliúna ateangairí. Is dócha gurb iad bunachair chainte ar líne an fhorbairt is suntasaí. Cuireann tionscnaimh amhail Stór Óráidí Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta nó bealaí físeán ar líne éagsúla go leor ábhair ar fáil lena úsáid i rang nó le haghaidh cleachtadh féinstiúrtha.
An Stór Óráidí
Tá tionscnaimh ateangaireachta eile ann atá ag cur le bunachair chainte, ag cruthú, mar shampla, pobal ar líne inar féidir le gairmithe agus le mic léinn a gcuid ama a dheonú chun aiseolas a chur ar fáil agus aiseolas a fháil ar ais dá réir. Bíonn taighdeoirí, ar oiliúnóirí iad, ag cur tuilleadh spéise i saincheist na bpobal cleachtas, idir phobail ar líne agus as líne araon.
Úsáidtear réitigh físchomhdhála chun teagasc ar an láthair a fheabhsú nó fiú in ionad teagasc ar an láthair (‘an fhoghlaim chumaisc’). I gcás amháin, is ar líne a reáchtáiltear an chéad bhliain iomlán de chlár máistreachta san Ateangaireacht Chomhdhála. I ngeall ar ghéarchéim COVID-19, rinneadh príomhshruthú ar an bhfoghlaim ar líne in go leor ollscoileanna. Pléann roinnt pobal ar an KCI leis na ceisteanna sin.
Tá tuilleadh forbartha déanta ag SCIC ar an méid a chuireann sé ar fáil ar mhaithe leis an bhfoghlaim ar líne, agus tá sraith comhdhálacha bréagacha taifeadta le fáil anois ar SCICtrain
Táibléid san oiliúint ateangairí
Cén fáth táibléid?
Is iomaí cúis ar cairde móra de chuid ateangairí iad na táibléid. Ar an gcéad dul síos, tá siad beag, éadrom agus ní ghlacann siad mórán spáis i mála nó i mboth. Níl gaothráin thorannacha acu agus ní chloistear iad dá bharr sin. Agus is iondúil go maireann an ceallra ar feadh lá iomlán gan aon fhadhb. Sa bhreis air sin, tá réimse leathan aipeanna le fáil chun freastal ar go leor cásanna úsáide. Ar bhealach, is fóin chliste ar scála níos mó iad táibléid – gléasanna soghluaiste ar a bhfuil cur amach ag beagnach gach mac léinn sa lá atá inniu ann. (Mar a tharlaíonn sé, go leor de na húsáidí a luaitear sa bhunleabhar seo, oibríonn siad i gceart freisin ar fhón cliste.)
Cur in úsáid
Tá dhá phríomhshamhail ann maidir le táibléid a chur in úsáid san oiliúint ateangairí: BYOD ('beir leat do ghléas féin') nó gléasanna a chuireann ollscoileanna ar fáil. Baineann buntáistí agus míbhuntáistí leis an dá shamhail.
Maidir leis an tsamhail BYOD, baineann mic léinn úsáid as a dtáibléid féin, ar dócha go mbeidh cur amach maith acu air. Ar an lámh eile, sa chás sin, bheadh ar theagascóirí agus ar bhaill foirne ollscoile dul i ngleic le cineálacha éagsúla gléasanna agus leaganacha éagsúla de chórais oibriúcháin dhifriúla á rith acu.
I gcás ina gcuireann ollscoileanna nó cúrsaí táibléid ar fáil dá mic léinn, is dócha gurb é an branda agus an cineál céanna a bheidh i gceist, rud a fhágfaidh go mbeidh an cur in úsáid níos éasca agus níos éifeachtaí. D’fhéadfaí gléas a eisiúint do mhic léinn a bheidh siad in ann a choinneáil agus a úsáid le linn a gcuid oiliúna (‘cur in úsáid aon duine aon ghléas’) nó d’fhéadfaí foireann táibléad a chur ar fáil do mhic léinn a bheidh le húsáid acu sa seomra ranga. Arís, baineann buntáistí agus míbhuntáistí leis an dá shamhail.
Breithnithe ginearálta
Sula mbreathnaímid ar na sonraíochtaí a bhaineann le táibléid a úsáid san oiliúint ateangairí, féachaimis ar roinnt gnéithe ginearálta. Chun go mbeidh sé iomlán úsáideach, ní mór don táibléad a bheith luchtaithe go hiomlán agus na bogearraí a bheith cothrom le dáta. Má bhíonn oiriúintí amhail stíleas nó méarchlár i gceist, ní mór dóibh sin a bheith luchtaithe go hiomlán agus ag feidhmiú freisin. Má úsáidtear an táibléad go mion minic, moltar cás nó clúdach a úsáid chun é a chosaint.
Braitheann cuid mhór de thairbhe na ngléasanna nua-aimseartha ar nasc maith idirlín. Ó tharla go bhfuil nascacht Wi-Fi ag gach táibléad, is féidir leo nascadh go héasca le líonra na hollscoile. Sa chomhthéacs sin, ba cheart cur amach a bheith ag mic léinn ar na gnéithe bunúsacha d'úsáid an idirlín agus den taighde ar líne, sin agus ba cheart tuiscint éigin a bheith acu ar shábháilteacht agus ar shlándáil dhigiteach, an príobháideachas agus cosaint sonraí ina measc. (Seans go bhfuil oiliúint mar sin á cur ar fáil ag ranna ollscoile eile nó ag seirbhísí lárnacha TF cheana féin.)
Nuair atá táibléad á úsáid le linn ranga nó le haghaidh tascanna ar leith, ba cheart na fógraí a mhúchadh (an modh ‘ná cur isteach’ a bheith ar siúl) chun a chinntiú nach gcuirtear isteach ar an úsáideoir.
Ar deireadh, tá sé ríthábhachtach sonraí a choinneáil slán sábháilte. Tá ateangairí faoi cheangal rúndachta agus ní mór dóibh a chinntiú nach bhfaigheann na daoine míchearta greim ar dhoiciméid an chruinnithe. Mar sin bí airdeallach i gcónaí ar an áit a stórálann tú do dhoiciméid agus ar cé acu a dhéanann nó nach ndéanann na haipeanna a úsáideann tú an rúndacht a urramú. Seo chugat sampla amháin: Nuair atá doiciméad á scanadh agus á chur trí aitheantas téacs, d’fhéadfaí faisnéis a sheoladh chuig an idirlíon i ngan fhios don úsáideoir.
Gnéithe teanga-shonracha maidir le táibléad a úsáid
Bealach iontach chun tosú ar tháibléid a úsáid san ateangaireacht is ea na socruithe a chur in oiriúint don úsáideoir féin. Áirítear leis sin teanga an ghléis a athrú go dtí teanga atá á foghlaim ag an mac léinn chun go mbeidh níos mó teagmhála aige léi, foclóirí tagartha a shuiteáil lena n-úsáid (má thacaíonn an córas oibriúcháin leis sin), teangacha oibre an mhic léinn a chur isteach mar mhéarchláir ionchuir le go mbeidh sé níos éasca téacs a chur isteach, sin agus foghlaim faoi ghnéithe breise chun máistreacht a fháil ar an ngléas (e.g. na socruithe a choigeartú do stíleas nó gothaí agus svaidhpeanna méire a fhoghlaim chun go mbeidh an mac léinn in ann an gléas a úsáid ar bhealach níos tapa).
Táirgiúlacht agus cumarsáid
Le táibléid is féidir tascanna laethúla a láimhseáil go héasca: ríomhphoist a léamh agus a scríobh, nótaí a ghlacadh sa rang, taighde a dhéanamh ar fhaisnéis ar líne nó páirt a ghlacadh i bhfísghlaonna don chianfhoghlaim. Ar an gcampas, is éasca iad a iompar thart ná ríomhairí glúine nua-aimseartha go fiú, agus is féidir iad a úsáid mar ‘ceap nótaí digiteach’ go tapa agus go héasca.
Foghlaim teangacha agus oiliúint ateangairí ghinearálta
Sa bhreis ar na haipeanna agus na foclóirí tagartha éagsúla, tugann táibléid rochtain ar fhormhór na n-acmhainní sa bhrabhsálaí. Is iondúil gurb é an buntáiste a bhaineann le haipeanna iomlána go n-oibríonn siad fiú nuair nach mbíonn aon rochtain ar an idirlíon. Braitheann cáilíocht agus infhaighteacht na mbogearraí go mór ar an teanga atá i gceist. Tá gnéithe breise amhail cuardach réamhfháistineach, liostaí de théarmaí a cuardaíodh cheana nó luaschártaí ionsuite an-úsáideach.
An fhéidearthacht páirt a ghlacadh i bhfíschomhdhálacha trí aipeanna tiomnaithe nó fiú amháin sa bhrabhsálaí féin, cuireann an méid sin ar chumas na mac léinn páirt a ghlacadh i ngrúpaí oiliúna ar líne, bíodh sé le piaraí ag an ollscoil áitiúil nó ar fud an domhain trí thionscnaimh bhuana oiliúna ar líne. Ar an gcaoi chéanna, is ar éigean atá teorainn anois leis an soláthar ábhar oiliúna fuaime agus físe atá iontaofa barántúil.
A bhuí le micreafóin agus ceamaraí ionsuite ar ardchaighdeán, féadfar táibléid a úsáid freisin mar ghléasanna fuaime agus/nó físe chun críocha oiliúna. Féadfaidh mic léinn taifead a dhéanamh ar na hóráidí a thugann daoine eile mar aon lena n-óráidí féin. Maidir leis an oiliúint leantach, cuidíonn taifid físe d'obair an mhic léinn leis an oiliúnóir aiseolas sonrach a thabhairt i dtaca leis na scileanna go léir atá i gceist.
Tascanna a ullmhú
Tríd an mbrabhsálaí agus trí aip glactha nótaí (is iondúil go mbíonn an dá cheann réamhshuiteáilte) a chur i dtoll a chéile, is uirlisí den scoth iad táibléid chun tascanna a ullmhú. Tá sé an-éasca faisnéis a bhailiú agus a eagrú agus oibriú le hábhar ullmhúcháin – tá sé compordach fiú, i ngeall gur féidir an táibléad a úsáid mar a bheadh leabhar nótaí ann. Cuireann bainisteoirí comhad ar a gcumas do mhic léinn a gcáipéisí a íoslódáil ó fhoinsí ar líne (e.g. suíomh gréasáin nó ríomhphost) nó iad a chóipeáil ó mhaidí cuimhne. Go luath sa phróiseas oiliúna, ba cheart d’oiliúnóirí feasacht a ardú maidir le conas déileáil le doiciméid ar bhealach rúnda, go háirithe nuair atá úsáid á baint as seirbhísí stórála néalríomhaireachta.
Féadfar doiciméid ullmhúcháin ar páipéar a dhigitiú go díreach ar an táibléad trí úsáid a bhaint as an gceamara ionsuite agus as an bhfeidhmiúlacht scanta atá ar fáil in go leor aipeanna. Féadfar leathanach amháin nó roinnt leathanach a ghabháil agus a fheabhsú trí aitheantas optúil ar charachtair ionas go mbeidh an téacs sna doiciméid inúsáidte.
Nuair atá na doiciméid réidh agus eagraithe, féadfaidh mic léinn nótaí a chur leo le leaganacha digiteacha d'uirlisí amhail pinn, aibhsitheoirí agus nithe eile. Cé gur féidir é seo a dhéanamh leis an méar, is beaichte agus is eirgeanamaíche stíleas. Ní hamháin go bhfuil an próiseas maidir le nótaí a chur le doiciméid úsáideach chun eolas cúlra a fháil: is luachmhaire fós é agus téacs óráide á ullmhú don ateangaireacht chomhuaineach le téacs.
Maidir le gné théarmeolaíochta an ullmhúcháin, féadfaidh aipeanna luaschártaí a bheith úsáideach, go háirithe nuair a bhíonn siad bunaithe ar choincheap an athchleachtaidh spásáilte. Is ann d’uirlisí téarmeolaíochta tiomnaithe d’ateangairí, agus is féidir iad a úsáid ar tháibléad tríd an mbrabhsálaí gréasáin nó mar aipeanna móibíleacha.
Ateangaireacht leantach
Dar ndóigh, féadfar úsáid a bhaint as táibléid chun tagairt a dhéanamh do dhoiciméid an chruinnithe, téarmaí a chuardach i ngluais nó cuardach tapa a dhéanamh ar líne.
Anuas air sin, áfach, is féidir leabhar nótaí a dhéanamh de tháibléad le húsáid chun ateangaireacht leantach a dhéanamh. Is féidir an méid sin a dhéanamh ar go leor aipeanna glactha nótaí ach is rogha phearsanta í ar deireadh. Is é an rud is tábhachtaí go dtacaíonn an táibléad le stílis ghníomhacha: nascann siad gan sreang leis an ngléas agus ní aithníonn siad smearthaí fánach nó nuair a dhéantar cnaipe a thapáil de thaimse. D’fhéadfaí go mbeadh oiriúnú agus cleachtadh le déanamh chun roinnt gnéithe lárnacha a bhaineann leis an ateangaireacht leantach a úsáid – cuir i gcás nóta a chur le tús an phíosa ar a bhfuil ateangaireacht le déanamh nó úsáid a bhaint as ‘bileog leideanna’ ar a bhfuil faisnéis thábhachtach.
Féadfaidh táibléid cabhrú freisin chun glacadh nótaí a theagasc. Féadfaidh oiliúnóirí na táibléid a nascadh le scáileán nó teilgeoir ionas gur féidir le gach duine iad a leanúint nuair atá nótaí óráide á nglacadh acu. Mar mhalairt air sin, féadfaidh mic léinn an scáileán a thaifeadadh nuair a bhíonn nótaí á nglacadh agus é sin a chur ar taispeáint dá bpiaraí nó dá n-oiliúnóirí i ndiaidh na hóráide.
Ateangaireacht chomhuaineach, ar SIDPeanna san áireamh
Ar aon dul leis an ateangaireacht leantach, tá táibléid úsáideach chun tagairt a dhéanamh do dhoiciméid an chruinnithe, téarmaí a chuardach i ngluais nó cuardach tapa a dhéanamh ar líne. Anuas air sin, féadfaidh mic léinn nótaí a chur leis na doiciméid sin, píosaí a aibhsiú nó nótaí a ghlacadh de na hathruithe a dhéantar le linn cruinniú dréachtaithe.
Maidir leis an ateangaireacht chomhuaineach, tá cumarsáid le do pháirtí sa bhoth ríthábhachtach, más cruinniú fisiciúil nó cruinniú cianda é. Féadfar an chumarsáid sin a dhéanamh trí aipeanna teachtaireachtaí, trí dhoiciméid chomhroinnte nó trí chláir bhána ar líne. I gcás cruinniú cianda, féadfar an táibléad a úsáid mar áis tagartha de réir mar a bhíonn bogearraí an chruinnithe á rith ar an bpríomhríomhaire.
Focal scoir
Is féidir le táibléid agus gléasanna nua-aimseartha i gcoitinne a bheith an-chabhrach d’ateangairí agus a gcuid oibre a dhéanamh níos fusa agus níos éifeachtúla. Le linn a gcuid oiliúna, áfach, tá sé tábhachtach a chinntiú nach mbíonn barraíocht ar siúl ag mic léinn. Trí úsáid a bhaint as gléasanna is féidir go gcuirfear leis an ualach cognaíoch, agus mura ndéantar an úsáid sin a bhainistiú i gceart, is féidir go ndéanfar dochar d’fheidhmíocht an ateangaire. Úsáid gléasanna a chleachtadh ionas go rachaidís chun tairbhe do mhic léinn, is éasca agus sábháilte sin a dhéanamh le linn cúrsa ateangaireachta. Beidh na scileanna sin úsáideach tar éis do na mic léinn cáilíocht a fháil agus nuair a rachaidh siad isteach i margadh an tsaothair.
ReBooth
Le déanaí, chuir Ollscoil Bologna a hardán ar líne ar fáil do chách. Is ardán foinse oscailte é ReBooth don chianfhoghlaim san ateangaireacht chomhdhála.
Tháinig ann do ReBooth tar éis dianphróiseas deartha, forbartha agus tástála a thosaigh le InTrain, ardán teagaisc a ceapadh le haghaidh seisiúin duine le duine. Is i ngeall ar an ngá a bhí le hoibriú le grúpaí mac léinn a cruthaíodh ReBooth, ar ardán brabhsálaí é lenar féidir an ateangaireacht chomhdhála a theagasc go cianda.
Nascann an córas oiliúnóir agus grúpa mac léinn le chéile (idir 6-8 mac léinn; braitheann an líon beacht ar chrua-earraí an oiliúnóra agus ar cháilíocht an naisc atá aige) chun seisiúin ateangaireachta chomhuainigh agus leantaigh a dhéanamh.
Tá ReBooth le fáil ar GitHub.
Léirítear na príomhghnéithe de san fhíseán seo.