Ní liosta cuimsitheach é seo. Chun cur leis an liosta, bain úsáid as an bhfoirm aighneachta, le do thoil.
Ar an leibhéal idirnáisiúnta tá an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Chaighdeánú (ISO) ag obair ar chaighdeán don ateangaireacht dhlíthiúil; ISO/AWI 20228 “Treoirlínte le haghaidh na hAteangaireachta Dlíthiúla” De réir ISO, “is é is caighdeán ann doiciméad ina sonraítear riachtanais, sonraíochtaí, treoirlínte nó tréithe is féidir a úsáid go comhsheasmhach lena chinntiú go bhfuil ábhair, táirgí, próisis agus seirbhísí oiriúnach dá gcuspóir.”
Tá roinnt treoracha a bhaineann leis an ateangaireacht i suíomhanna dlíthiúla glactha ag an Aontas Eorpach;
Treoir 2010/64/AE maidir leis an gceart chun ateangaireachta agus aistriúcháin in imeachtaí coiriúla.
Treoir 2012/13/AE maidir leis an gceart chun faisnéise in imeachtaí coiriúla.
Treoir 2012/29/AE lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh na coireachta.