Ateangaireacht agus Teicneolaíocht
Bothanna cliste gan pháipéar
I gcomhréir le beartais atá i bhfeidhm ar fud an Choimisiúin, tá níos mó agus níos mó bothanna ateangaireachta gan pháipéar ann. Tá gléasanna soghluaiste á n-úsáid ag ateangairí leis na blianta, laistigh agus lasmuigh den bhoth, mar go mbíonn siad iniompartha, éadrom agus cumhachtach. Tugann siad rochtain ar dhoiciméid, ar bhogearraí suiteáilte (lena n-áirítear foclóirí agus uirlisí tagartha eile) agus, dar ndóigh, ar an idirlíon lenar féidir taighde agus cumarsáid ghasta ar líne a dhéanamh.
Réiteach gan pháipéar d’ateangairí
‘An t-ateangaire breisithe’
Is príomhchuspóir de chuid an digitithe é go cinnte cuidiú le hateangairí díriú ar an ateangaireacht, ní chun cuardach a dhéanamh ar fhaisnéis agus iad sa bhoth.
Is féidir tascanna deacra sa bhoth a éascú a thuilleadh nuair a úsáidtear na trí chomhpháirt seo le chéile:
- Le haithint cainte is féidir óráidí na rannpháirtithe a phróiseáil go téacs (nó tras-scríbhinn) sa bhunteanga; glac páirt sa phobal maidir leis an ábhar seo más spéis leat é, cliceáil anseo agus féach an rannán ar an tionscadal aitheanta cainte
- Ansin déantar an tras-scríbhinn sin a phróiseáil chun téarmaí, figiúirí agus “eintitis ainmnithe” a shainaithint sa teanga fhoinseach, agus úsáid á mbaint as uirlisí asbhainte téarmeolaíochta;
- Aisghabháltar an choibhéis i dteanga ghníomhach an ateangaire ó ghluaiseanna nó aistrítear í ar ala na huaire.
Tacar Uirlisí Digiteacha an Ateangaire
Is tionscadal nuálach é Tacar Uirlisí Digiteacha an Ateangaire a dhéanfaidh nuachóiriú ar na huirlisí doiciméadachta agus téarmaíochta atá ann faoi láthair a chuirtear ar fáil d’ateangairí Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta. Beidh roinnt comhpháirteanna ann chun na huirlisí atá ann cheana a ionadú de réir a chéile:
1. Comhéadan cruinnithe um dhoiciméadacht d’ateangairí agus do bhainisteoirí doiciméadachta a bhfuil feidhmeanna acu amhail ordú struchtúrtha, réamhamharc, anótáil, sórtáil agus leabharmharcáil doiciméad, chomh maith leis an deis doiciméid nua a uaslódáil agus a roinnt le linn cruinnithe. San fhoirm sin, is féidir an comhéadan a shamhlú mar uirlis lán-idir-inoibritheach a bheidh á húsáid ag rannpháirtithe na gcruinnithe chomh maith. Faoi chuimsiú tionscadal gaolmhar ach ceann ar leith, déanfar doiciméid cruinnithe a chuirfidh Ardrúnaíocht Chomhairle na nAirí ar fáil do na hateangairí a iompórtáil go huathoibríoch isteach sa Tacar Uirlisí.
2. Feabhas a chur ar na deiseanna atá ag ateangairí téarmaíocht a chuardach (‘oifig thosaigh’): Is féidir le hateangairí téarmaí a aithint i ndoiciméid agus cuardaigh a dhéanamh in inneall meiteachuardaigh (acmhainní iomadúla a rochtain) ar bhonn próifíl phearsanta úsáideora (acmhainní agus teangacha a shaincheapadh). Ina theannta sin, beidh ateangairí in ann bailiúchán IATE Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta agus príomhbhailiúcháin IATE araon a chuardach trí chomhéadan nua d’ateangairí atá bunaithe ar phrionsabal Lithos. Beidh ateangairí in ann bailiúcháin shealadacha a chruthú agus bailiúcháin théamacha ó IATE a cheadú agus a easpórtáil. Cuirfear aithint agus baint téarmaí IATE, chomh maith le EURAMIS, in oiriúint do riachtanais na n-ateangairí.
3. Comhéadan bainistíochta gluaise don fhoireann téarmaíochta (‘cúloifig’). Is féidir leis na téarmeolaithe téarmaí atá molta ag ateangairí a chruthú, a bhailíochtú agus a nuashonrú agus bailiúchán Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta a bhainistiú in IATE tar éis sonraí téarmaíochta Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta a aistriú.
4. Spás comhoibríoch trína mbeifear in ann téarmaíocht agus faisnéis faoi chruinnithe a mhalartú.