Tionscadal oiliúna ateangairí an Aontais-na Síne (EUCIPT)
Tá an tionscadal seo ar an bhfiontar comhoibrithe is fadbhunaithe idir an tAontas agus an tSín agus é ar an bhfód le haghaidh breis agus 30 bliain. Soláthraíonn sé oiliúint san ateangaireacht chomhdhála d’oifigigh óga na Síne, mar aon le cúnamh oideolaíoch d’ollscoileanna.
Tá comhpháirt láidir idir daoine i gceist leis an gcomhoibriú seo. Ní hamháin go gcuirtear ilteangachas chun cinn leis ach cuireann sé le tuiscint níos fearr ar an Aontas Eorpach sa tSín.
Tá dhá shraith i gceist leis:
1. Comhoibriú le hAireachtaí na Síne: Is í an Aireacht Tráchtála, a chomhordaíonn na gníomhaíochtaí sa tsraith seo ar thaobh na Síne, a bhí ina príomh-chomhpháirtí tionscadail riamh de chuid Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta.
2. Comhoibriú le hollscoileanna sa tSín: Comhoibríonn Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta le hionaid barr feabhais ainmnithe i mBéising agus Shang-hai ina gcuireann sí cúnamh teagaisc rialta ar fáil agus ina ndéantar ionadaíocht ar a son le linn scrúduithe
