Skip to main content
Knowledge Centre on Translation and Interpretation

Téarmaíocht Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta

Córas téarmaíochta AS na hAteangaireachta

Is cur síos gairid é seo ar chóras téarmaíochta Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta, atá bunaithe ar na príomhghnéithe seo a leanas:

Gluaiseanna AS na hAteangaireachta

Thiomsaigh téarmeolaithe agus ateangairí AS na hAteangaireachta gluaiseanna na hArd-Stiúrthóireachta i gcaitheamh na mblianta, bídís ina mbaill den líonra Terminologica (líonra ionadaithe ó gach aonad ateangaireachta) nó ná bídís. Tá na gluaiseanna a d’ullmhaigh Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta bunaithe ar dhá phríomhfhoinse: ar fhaisnéis ó na cruinnithe ina mbíonn ateangairí ag obair agus ar dhoiciméid an Choimisiúin nó ar dhoiciméid ón taobh amuigh atá le fáil i roinnt teangacha éagsúla.

Ina theannta sin, is iomaí gluais atá ann ó eagraíochtaí seachtracha (eagraíochtaí de chuid na NA, ECFE, srl). Ar an iomlán, cuimsíonn an bunachar sonraí faoi láthair 1,089 ngluais lena gcuimsítear breis agus 200,000 téarma.

 

 

Lithos

Is inneall cuardaigh é Lithos a d’fhorbair AS na hAteangaireachta go hinmheánach. Cuireann sé ar chumas ateangairí téarmaí a chuardach i ngach gluais de chuid AS na hAteangaireachta ar bhonn a bpróifílí réamhshainithe féin. Nuashonraítear an bunachar sonraí a cruthaíodh chun na críche sin gach mí ionas go ndéanfar gach iontráil nua agus aon ghluais nua a chorprú.

Is féidir le hateangairí na buntáistí seo a leanas a bhaint as Lithos i gcomparáid le hinnill chuardaigh eile ar nós IATE:

Is féidir Lithos a úsáid ar líne (ó leathanaigh maidir le hullmhúchán le haghaidh cruinnithe de chuid AS na hAteangaireachta) nó as líne: is féidir ábhar iomlán Lithos a íoslódáil, rud a fhágann gur féidir le hateangairí gluaiseanna uile AS na hAteangaireachta a chuardach as líne, rud atá thar a bheith praiticiúil i gcás misean agus cruinnithe déthaobhacha.

 

Leathanaigh maidir le hullmhúchán le haghaidh cruinnithe

Is féidir teacht ar na leathanaigh maidir le hullmhúchán le haghaidh cruinnithe tríd an leathanach inmheánach inlín (SCICnet). Ní hamháin go mbíonn teacht iontu ar ghluaiseanna AS na hAteangaireachta agus ar Lithos ach ar go leor uirlisí téarmaíochta, ar dhoiciméadúchán agus ar uirlisí faisnéise eile freisin: e.g. IATE (bunachar sonraí idirinstitiúideach téarmaíochta), Euramis (cuardach téarmaíochta i gcuimhní aistriúcháin AS an Aistriúcháin), EUR-lex (Doiciméad a chuardach ó reachtaíocht an Aontais), foclóirí ar líne, bunachar sonraí preaseisiúintí an Choimisiúin Eorpaigh, faisnéis ar thír srl.

An blag le haghaidh cruinnithe

Is uirlis é an blag le haghaidh cruinnithe a n-úsáideann ateangairí é chun faisnéis a mhalartú maidir le téarmaíocht agus maidir le saincheisteanna eile a bhaineann le cruinnithe (e.g. le cur in iúl d’ateangairí a bheadh páirteach sa chéad chruinniú eile cé na hailt de chuid togra ón gCoimisiún a bheadh le plé ar lá áirithe, le go mbeadh a fhios acu cén chuid de théacs ar cheart dóibh a gcuid ullmhúcháin a dhíriú uirthi).

Malartaíonn ateangairí téarmaí a úsáidtear go minic nó a éiríonn níos coitianta i gcruinnithe áirithe (“dordfhocail”) ar an mblag go háirithe, agus d’fhéadfaí na téarmaí sin a chur le gluaiseanna AS na hAteangaireachtaí ar ball.

Bileoga maidir le hullmhúchán le haghaidh cruinnithe

Is uirlis iad na bileoga maidir le hullmhúchán le haghaidh cruinnithe atá leathbhealach idir an téarmaíocht agus an doiciméadúchán. Cuirtear faisnéis bhunúsach ar fáil iontu maidir le cruinniú, coiste, grúpa oibre nó fóram; cé a bhíonn páirteach iontu (baill), an sainordú lena mbaineann, na nósanna imeachta a gcloítear leo i gcruinniú (vótáil, cathaoirleach, srl), agus cé na hábhair a bheadh le plé sa chruinniú.

Líonra Terminologica

Is ó na foinsí a leanas an príomh-ionchur i gcóras téarmaíochta AS na hAteangaireachta: an bheirt téarmeolaithe lánaimseartha de chuid AS na hAteangaireachta, an bheirt “rotateur” (ateangairí a dhéanann obair théarmaíochta aon lá amháin sa tseachtain), agus an líonra Terminologica, ina gcomhoibríonn beirt ionadaithe ó gach both chun gluaiseanna a chur le chéile agus saincheisteanna téarmaíochta a phlé ag cruinnithe Terminologica, cruinnithe a reáchtáiltear roinnt uaireanta sa bhliain.

Cúrsaí maidir le hullmhúchán le haghaidh cruinnithe

Riarann na téarmeolaithe ag AS na hAteangaireachta roinnt cineálacha éagsúla cúrsaí maidir le hullmhúchán le haghaidh cruinnithe chun bun agus barr chóras téarmaíochta AS na hAteangaireachta a mhíniú do nuatheachtaithe agus d’ateangairí níos oilte.