Skip to main content
Knowledge Centre on Translation and Interpretation

Interpretation

Cláir ateangaireachta

Is é misean Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta cumarsáid ilteangach a chumasú ag croílár chinnteoireacht an Aontais trí sheirbhísí ateangaireachta ardcháilíochta a sholáthar.

Chun a chinntiú go mbeidh dóthain ateangairí comhdhála cáilithe ar fáil, cuireann Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta tacaíocht oiliúna ar fáil do líon teoranta cúrsaí sna Ballstáit agus sna tíortha is iarrthóirí a bhfuil sé d’aidhm acu a gcuraclam agus a gcleachtais oideolaíocha céimithe staidéir ateangaireachta a ullmhú ar féidir leo pas a fháil inár dtriail chreidiúnúcháin. 

Caiféanna fíorúla KCTI

Tá caiféanna fíorúla KCTI dírithe go príomha (ach ní go heisiach) ar mhic léinn máistreachta lena bhfuil speisialtóireacht san aistriúchán agus san ateangaireacht chomhdhála i gceist. Sna cruinnithe ar líne seo, tugtar aghaidh ar ábhair a bhfuil spéis ar leith ag na mic léinn iontu agus tugtar an deis dóibh malartuithe fíorúla a dhéanamh lena chéile, le gairmithe aistriúcháin agus ateangaireachta ó institiúidí agus le heagraíochtaí éagsúla agus gairmithe i réimsí gaolmhara (taighdeoirí, mar shampla).

Interpretation