Ag éisteacht agus ag ateangaireacht ag an am céanna
Cad is ateangaireacht chomhuaineach ann?
Is éard is ateangaireacht chomhuaineach ann modh ateangaireachta ina ndéanann cainteoir óráid agus athmhúnlaíonn an t-ateangaire an óráid sin i dteanga a thuigeann an lucht éisteachta ag an am céanna (nó go comhuaineach). Is i mboth ateangaireachta a bhíonn ateangairí comhuaineacha ag obair, ach d’fhéadfadh siad bidule a úsáid chomh maith (trealamh ateangaireachta iniompartha gan bhoth) nó ag cogarnach (chuchotage). Chun chuchotage a dhéanamh, bíonn an t-ateangaire ina shuí nó ina sheasamh leis na rannpháirtithe agus déanann sé ateangaireacht go comhuaineach díreach isteach ina gcluas.
Na scileanna riachtanacha
Is ionann na scileanna riachtanacha agus na scileanna don ateangaireacht leantach.
Is ionann, go bunúsach, na trí phríomhghníomhaíocht:
- éisteacht go gníomhach (tuiscint)
- anailísiú (an teachtaireacht a struchtúrú)
- aithris (cur in iúl)
Is í an difríocht idir an ateangaireacht leantach agus an ateangaireacht chomhuaineach go gcaithfear na nithe sin ar fad a dhéanamh ag an am céanna.
Tá na scileanna a bhfuil cur síos orthu ar an leathanach faoin ateangaireacht leantach fós ag teastáil: bealach ar leith chun éisteacht le heolas, eolas a chur in ord tosaíochta agus idirdhealú a dhéanamh idir eolas príomhúil agus eolas tánaisteach, cuimhne ghearrthéarmach a ghníomhachtú, cumarsáid a dhéanamh, etc. Caithfidh ateangaire comhuaineach maith a bheith ábalta a bhféadfadh an cainteoir a rá a dhéanamh amach roimh ré (go háirithe nuair is struchtúr an-éagsúil atá sa teanga atá á labhairt ag an gcainteoir i gcomparáid leis an teanga ina bhfuil an ateangaireacht á déanamh). San ateangaireacht chomhuaineach bíonn sé níos tábhachtaí fós fanacht socair faoi bhrú agus acmhainn a bheith agat ar strus chomh maith.
Cúnamh digiteach
Ó tharla go bhfuil cruinnithe ag éirí níos speisialaithe agus níos casta ó thaobh na teicneolaíochta de, is féidir le scileanna digiteacha agus uirlisí intleachta saorga an t-ullmhúchán a dhéanamh níos éifeachtúla. Sa bhoth, is féidir le huirlisí IS cabhrú le hateangairí an téarmaíocht agus na huimhreacha beachta a aimsiú ar an bpointe. Mar sin féin, ní mór don ateangaire a úsáideann na huirlisí sin máistreacht a fháil ar na scileanna a bhfuil cur síos orthu thíos.
Dúshláin sa bhoth
Sa mhodh ateangaireachta sin, tá níos mó brú ar theanga ghníomhach (labhartha) an ateangaire, toisc nach mór dó labhairt agus é ag éisteacht agus ag anailisiú ag an am céanna. Dá bhrí sin, tá gá níos mó le sárscileanna sa teanga dhúchais nó sa teanga ghníomhach ná mar atá san ateangaireacht leantach.
Is mó an baol a bhíonn ann go gcuirfeadh an teanga éighníomhach (an teanga lena bhfuiltear ag éisteacht) isteach ar an teanga ghníomhach san ateangaireacht chomhuaineach, agus mar sin ní mór don ateangaire níos mó airde a thabhairt ar a n-aschur. D’fhéadfadh sé go gciallódh sé sin imeacht ón gcomhréir bhunaidh, abairtí fada a ghearradh suas agus a dhéanamh níos giorra agus ‘cairde bréagacha’ a sheachaint (focail i dteangacha éagsúla atá cosúil le chéile sa litriú agus/nó san fhógairt, ach a bhfuil bríonna éagsúla acu).
Sin an fáth a bhfoghlaimíonn ateangairí faoi oiliúint an ateangaireacht iaruaineach ar dtús, mar is uaithi sin a fhoghlaimíonn siad na scileanna lárnacha ateangaireachta. San ateangaireacht chomhuaineach baintear úsáid as na scileanna ceannann céanna, ach baineann roinnt sraitheanna breise castachta agus deacrachta léi.
Chun ateangaireacht chomhuaineach a dhéanamh, ní mór meascán de scileanna éagsúla a shealbhú. Cé go bhfuil sé ríthábhachtach níos mó ná teanga amháin a labhairt, níl sa mhéid sin ach cuid amháin den phost. Tá go leor ollscoileanna ann a chuireann cúrsaí ar fáil san ateangaireacht chomhdhála.
Acmhainní
I gcás na hateangaireachta comhuainí, tá roinnt acmhainní ar an ardán seo:
- Stór Óráidí (le haghaidh óráidí cleachtaidh)
- Ábhar oiliúna Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta
- ORCIT Acmhainní ar líne d’Oiliúint Ateangairí Comhdhála
Chun eolas níos mionsonraithe a fháil, is féidir leat féachaint ar líon mór leabhar faoin ateangaireacht chomhuaineach. Tá teidil cuid acu agus acmhainní úsáideacha breise le fáil ar ár leathanaigh maidir le leabhair agus ríomhleabhair, ailt agus irisí.