Conas cuntas EU Login a chruthú agus do phróifíl úsáideora a chur in eagar.
Cláraigh
Chun logáil isteach san Ionad Eolais Aistriúcháin agus Ateangaireachta, ní mór duit clárú le EU Login ar dtús.
Tá trí fhéidearthacht ann:
1. Tá cuntas EU Login agat cheana féin agus níl tú logáilte isteach go fóill:
Cliceáil ar an gcnaipe logála isteach ar bharr an scáileáin agus atreorófar chuig leathanach EU Login thú. Sa chás sin, téigh go díreach chuig Céim 3.
2. Tá cuntas EU Login agat agus tá tú logáilte isteach cheana féin:
Is féidir cliceáil ar an gncaipe logála isteach ar bharr an scáileáin agus atreorófar go díreach chuig an suíomh thú.
3. Níl cuntas EU Login agat go fóill:
Cliceáil ar an gcnaipe logála isteach ar bharr an scáileáin. Gheobhaidh tú an deis cuntas EU Login a chruthú.
CÉIM 1 – Cuntas EU Login a chruthú
Cliceáil ar an nasc Cruthaigh cuntas.

Cuir isteach do shonraí pearsanta:
- Céadainm – Is gá d’ainm a líonadh isteach agus ceadaítear litreacha ó gach aibítir
- Sloinne – Is gá do shloinne a líonadh isteach agus ceadaítear litreacha ó gach aibítir
- Seoladh ríomhphoist – Seoladh ríomhphoist a bhfuil teacht agat air
- Deimhnigh an seoladh ríomhphoist – Scríobh do sheoladh ríomhphoist arís lena chinntiú go bhfuil sé cruinn
- Teanga na ríomhphost – An teanga atá le húsáid sna ríomhphoist (gan beann ar an teanga atá á húsáid sa chomhéadan). Cinntíonn an méid sin go mbeidh tú in ann na ríomhphoist a thuiscint, fiú má sheoltar trí thimpiste iad. Ní sheolann EU Login ríomhphoist chugat ach amháin ar mhaithe le do chéannacht a chruthú agus le fógra a thabhairt duit faoi theagmhais slándála a théann i bhfeidhm ar do chuntas;
- Cliceáil ar an nasc chun an ráiteas príobháideachais a léamh agus cuir tic sa bhosca chun glacadh leis na coinníollacha;
- Cliceáil ar Cruthaigh cuntas chun dul ar aghaidh.
Má tá an fhoirm líonta isteach i gceart, seolfar ríomhphost chuig an seoladh a thug tú.
CÉIM 2 – Pasfhocal a shocrú
Tar éis cúpla soicind, ba cheart ríomhphost a bheith faighte agat a fhágann gur féidir leat pasfhocal a chruthú. Mura bhfuair tú é, seiceáil an fillteán turscair nó an fillteán bruscair. Cliceáil ar an nasc sa ríomhphost nó déan é a chóipeáil agus a ghreamú isteach sa bharra seoltaí i do bhrabhsálaí.

Nuair a chliceálann tú ar an nasc, beidh tú in ann pasfhocal a chruthú agus é a dheimhniú. Tá an réimse ríomhphoist líonta isteach roimh ré agus ní féidir é a athrú. Ba cheart go mbeadh an seoladh ríomhphoist a thug tú roimhe istigh ann.
Clóscríobh an pasfhocal is mian leat a úsáid sa réimse Pasfhocal nua. Is gá 10 gcarachtar ar laghad a bheith sa phasfhocal, agus caithfear meascán den mhéid seo a leanas a bheith san áireamh ann:
- litreacha i gcás uachtair
- litreacha i gcás íochtair
- uimhreacha
- saincharachtair
Roghnaigh pasfhocal atá chomh fada agus chomh casta is féidir chun do chuntas a dhéanamh níos sláine.
Clóscríobh do phasfhocal arís in Deimhnigh an pasfhocal nua agus cliceáil Seol.
Tá tú fíordheimhnithe anois agus is féidir leat dul ar aghaidh chuig an tseirbhís atá uait.
Cliceáil ar Ar Aghaidh chun é sin a dhéanamh.
CÉIM 3 – Logáil isteach
Nuair a bheidh do chuntas EU Login cruthaithe, beidh tú in ann é a úsáid chun líon mór seirbhísí a rochtain. Má bhíonn ort do chuntas a fhíordheimhniú chun teacht ar na seirbhísí sin, cuirfear sin in iúl duit ar scáileán EU Login. Chun síniú isteach chuig an Ionad Eolais Aistriúcháin agus Ateangaireachta, téigh chuig an gcnaipe Logáil isteach ar bharr scáileán shuíomh gréasáin an Ionaid Eolais Aistriúcháin agus Ateangaireachta.
Is féidir leat ansin an seoladh ríomhphoist a chuir tú ar fáil nuair a chruthaigh tú do chuntas EU Login a chur isteach sa réimse Cuir isteach do sheoladh ríomhphoist agus cliceáil ar Ar aghaidh.
Cuimhneofar go huathoibríoch ar do phasfhocal ionas nach mbeidh ort dul tríd an gcéim sin an chéad uair eile a mbainfidh tú úsáid as an mbrabhsálaí céanna ar an ríomhaire céanna.

CÉIM 4 – An modh fíorúcháin a roghnú
Beidh ort modh fíorúcháin breise a roghnú anuas ar do phasfhocal. Is féidir modhanna fíorúcháin éagsúla a úsáid ar EU Login. Molaimid Aip EU Login a úsáid, mar is é an feidhmchlár is iomasaí é:
Chun an modh fíorúcháin sin a úsáid, beidh ort gléas móibíleach a chur le do chuntas EU Login. Áirítear físeán treorach sna treoirlínte seo. Éilítear le roinnt modhanna fíorúcháin úsáid a bhaint as Aip EU Login. Is éard atá san Aip EU Login feidhmchlár is féidir leat a shuiteáil ar do ghléas móibíleach ón Google Play Store (Android), ón App Store (iOS) nó ón Windows Store (Fón Windows). Beidh ort an aip a thúsú i dtosach báire. Beidh do chuntas níos sláine má úsáideann tú aip EU Login in éineacht leis an bpasfhocal. Tá treoir EU Login le fáil anseo.
Tabhair do d’aire go bhféadfadh sé nach mbeadh gach modh fíorúcháin ar fáil i gcás seirbhísí áirithe.
Céim 5 – Fan ar fhaomhadh
Nuair a úsáideann tú do chuntas EU Login chun logáil isteach san Ionad Eolais Aistriúcháin agus Ateangaireachta den chéad uair, gheobhaidh tú ríomhphost chun a chur in iúl duit go bhfuil do chuntas faoi réir faofa:
A luaithe a bheidh do chuntas faofa, gheobhaidh tú ríomhphost eile ina luafar gur gníomhachtaíodh do chuntas:
Ón sin ar aghaidh beidh tú in ann logáil isteach ar shuíomh gréasáin KCTI agus do phróifíl úsáideora a rochtain agus a chur in eagar.
CÉIM 6 - Do phróifíl úsáideora a chur in eagar
Tar éis duit logáil isteach san Ionad Eolais Aistriúcháin agus Ateangaireachta, beidh tú in ann do phróifíl úsáideora a rochtain agus a chur in eagar.
Chun do phróifíl a chur in eagar, cliceáil ar an tsaighead in aice le d’ainm ar bharr an scáileáin agus ansin ar Mo chuntas.
I do chuntas is féidir nascleanúint a dhéanamh ansin go dtí an táb Cuir in eagar
Ansin is féidir an t-eolas seo a leanas a chur isteach:
- Céadainm agus sloinne
- Roinn
- Eagraíocht
- Catagóir (roghnaigh ón roghchlár anuas)
- Ról (bosca téacs)
- Teangacha (cuir tic sna boscaí)
- Do chuntais ar na meáin shóisialta, más mian leat
- Léargas: má chuireann tú tic sa bhosca ‘Ceadaigh’, beidh úsáideoirí eile in ann tú a aimsiú ar an liosta líonraithe, agus taispeánfar d’ainm sna pobail a bhfuil tú i do bhall díobh. Má chuireann tú tic sa bhosca ‘Diúltaigh’, ní bheidh úsáideoirí eile in ann tú a fheiceáil áit ar bith.
- Ríomhphost a chur i bhfolach: má chuireann tú tic sa bhosca seo, ní bheidh an cnaipe “Déan teagmháil liom” le feiceáil ar do phróifíl agus, mar sin de, ní bheidh úsáideoirí eile in ann teachtaireachtaí a chur chugat. Mura gcuireann tú tic sa bhosca, taispeánfar an cnaipe “Déan teagmháil liom” ar do phróifíl agus beidh úsáideoirí eile in ann teagmháil a dhéanamh leat trí do chuntais ar na meáin shóisialta nó beidh siad in ann teachtaireachtaí a chur chugat. Seolfar na teachtaireachtaí sin chuig bosca isteach an chuntais ríomhphoist a d’úsáid tú chun do chuntas EU Login a chruthú.
- Eolas fúm (bosca téacs): scríobh rud éigin faoi do ghairm bheatha, faoi do chuid suimeanna, faoin taithí atá agat... Is féidir leat an modh cumarsáide is rogha leat a chur in iúl d’úsáideoirí eile freisin
- Cliceáil ar “Sábháil”
Faoin táb Cumraíochta sa roghchlár ar chlé, is féidir leat pictiúr próifíle a chur leis, más mian leat.
Má bhíonn aon fhadhb agat, ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh linn.