Is Cód Iompair é seo le haghaidh rannpháirtithe san Ionad Eolais Ateangaireachta
An Cód Iompair
Rannpháirtíocht san Ionad Eolais Ateangaireachta
Ar mhaithe le pobal oscailte fáilteach a chothú, táimid tiomanta go mbeidh rannpháirtíocht san Ionad Eolais Ateangaireachta ina heispéireas urramach saor ó chiapadh do chách.
Dá réir sin iarraimid ort a bheith urramach, tuisceanach agus comhoibríoch.
Is ionann rannchuidiú leis an Ionad Eolais agus aontú nach ndéanfaidh tú aon cheann de na nithe a leanas:
- Ráiteas míchuí a dhéanamh, nó ráiteas ar bith a dhéanamh a d'fhéadfaí a thuiscint mar ráiteas maslach nó bagrach
- Cearta rannpháirtithe nó úsáideoirí eile a shárú ar dhóigh ar bith, trí bhagairt a dhéanamh orthu, drochíde a thabhairt dóibh, iad a chiapadh nó stalcaireacht a dhéanamh orthu mar shampla
- Aon ábhar atá mígheanasach, gáirsiúil nó míchuí ar bhealach eile a uaslódáil nó a úsáid nó aon téacs nó ábhar eile a sháraíonn cearta maoine intleachtúla daoine eile a sholáthar
- Aon ábhar nó faisnéis atá bréagach, míthreorach, mealltach nó clúmhillteach a tharchur
- Aon ábhar nach mbaineann le hábhar, atá neamhábhartha nó nach mbíonn ag teacht le cuspóir an ardáin a phostáil
- Cur isteach a dhéanamh ar an bplé nó ar an bpobal le hiompar áirithe mar atá briseadh isteach, cur isteach, nó bacadh ar chomhar pobail (i.e. trolláil) ar bhonn leanúnach
- Líomhaintí gan chruthúnas a dhéanamh i gcoinne daoine aonair nó i gcoinne eagraíochtaí
- Aon duine nó eintiteas a phearsanú, nó do chleamhnacht le duine nó le heintiteas a lua go bréagach nó mífhaisnéis a thabhairt i leith na cleamhnachta sin
- Aon ghníomhaíocht neamhdhleathach a dhéanamh nó feidhmiú gníomhaíochta neamhdhleathaí a iarraidh
- Aon earraí nó seirbhísí a fhógairt nó tairiscint a dhéanamh iad a dhíol chun críche tráchtála
Coimeádann Foireann Eagarthóireachta an Lárionad Eolais Ateangaireachta an ceart:
- Do rochtain ar an Ionad Eolais Ateangaireachta ina iomláine nó ar aon chuid de a shrianadh, a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh má tá tú ag sárú an Chóid Iompair seo
- Aon ábhar a chuireann tú leis an Lárionad Eolais Ateangaireachta a dhiúltú, a mhodhnú (scriosadh nó cur in eagar san áireamh), a aistriú nó a bhaint má sháraíonn sé an Cód Iompair seo, arna chinneadh faoi lánrogha na Foirne Eagarthóireachta
Chun aon sárú atá ar eolas agat a chur in iúl don Fhoireann Eagarthóireachta scríobh chugainn. Is féidir leat an cnaipe “tuairiscigh” a úsáid freisin ar gach pobal agus fóram.