EULITA
Tá sé d’aidhm ag EULITA cumainn ghairmiúla ateangairí agus aistritheoirí Bhallstáit an Aontais Eorpaigh a thabhairt le chéile mar bhaill iomlána den eagras, chomh maith leis na cumainn ghinearálta a bhfuil ateangairí agus aistritheoirí dlí ina mbaill díobh. Tá fáilte á fearadh ag EULITA roimh gach eagraíocht, institiúid agus duine aonair ar suim leo a bheith ina mbaill, ach iad a bheith tiomanta d’fheabhsú an chaighdeáin san ateangaireacht dhlíthiúil agus san aistriúchán dlíthiúil.
Tá sé d’aidhm ag EULITA leasanna agus ábhair imní na gcumann agus a mball a neartú agus a chur in iúl i dtaca le heagraíochtaí agus institiúidí náisiúnta, Eorpacha agus idirnáisiúnta, bunú cumann ateangairí agus aistritheoirí dlíthiúla a spreagadh i mBallstáit nach bhfuil siad iontu fós, dlúthchomhar a chur chun cinn le hinstitiúidí acadúla i réimse na hoiliúna agus an taighde agus bunú clár d’ateangairí agus aistritheoirí dlíthiúla cáilithe a spreagadh ar an leibhéal náisiúnta agus ar fud an Aontais, agus, san am ceanna, urraim a thabhairt don éagsúlacht sna córais agus cultúir bhreithiúnacha.
Tá EULITA tiomanta freisin do chaighdeán ard san ateangaireacht dhlíthiúil agus san aistriúchán dlíthiúil a chur chun cinn trí aitheantas a thabhairt do stádas gairmiúil ateangairí agus aistritheoirí dlí, trí eolas agus dea-chleachtais a mhalartú mar chuid den oiliúint agus den fhorbairt ghairmiúil leanúnach agus trí imeachtaí a eagrú a bhaineann le saincheisteanna amhail oiliúint, taighde, gairmiúlacht, etc. Ar an mbealach sin beidh comhar breithiúnach agus muinín fhrithpháirteach na mBallstát i gcórais ateangaireachta dlí agus aistriúcháin dlí a chéile á gcur chun cinn.
Agus ar deireadh, tá sé d’aidhm ag EULITA comhar agus dea-chleachtais a chur chun cinn i ndáil le socruithe oibre leis na seirbhísí dlí agus le gairmithe dlí.