Uirlisí agus acmhainní oiliúna ar líne do mhic léinn agus d’oiliúnóirí na hateangaireachta comhdhála
Anseo thíos gheobhaidh tú acmhainní agus uirlisí oiliúna ar líne do mhic léinn ateangaireachta. Is féidir leo a bheith ina spreagadh freisin d’oiliúnóirí agus d’ateangairí gairmiúla.
Uirlisí Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta
Tá roinnt uirlisí oiliúna forbartha ag Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta thar na blianta.
An Stór Óráidí
Cuimsítear sa Stór Óráidí níos mó ná 5,000 óráid i mbreis agus 30 teanga chun ateangaireacht chomhdhála a chleachtadh. Is féidir le duine ar bith é a rochtain chun éisteacht le hóráidí i dteangacha éagsúla agus chun a gcuid ateangaireachta a chleachtadh.
Mo Stór Óráidí
Do na hollscoileanna, na heagraíochtaí idirnáisiúnta, na baill foirne agus na hateangairí comhdhála ar conradh a n-oibrímid i gcomhar leo, chruthaigh Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta Mo Stór Óráidí, cuid shrianta den Stór Óráidí a bhfuil feidhmiúlachtaí breise ag gabháil leis.
Cuireann Mo Stór Óráidí ar chumas úsáideoirí dul i gcomhar le chéile trí chuirí a chur amach chun leaganacha ateangaireachta d’óráidí a thaifeadadh. A bhuí leis an uirlis taifeadta SCICrec, is féidir le húsáideoirí éisteacht leis an óráid bhunaidh agus leis an taifeadadh ag an am céanna trí dhá chainéal fuaime. Is féidir leo an comhad a chomhroinnt le húsáideoirí eile freisin agus aiseolas a iarraidh orthu.
Mo Bhailiúcháin
Is gné nua laistigh de Mo Stór Óráidí é Mo Bhailiúcháin. Cuireann an rannán seo ar chumas ollscoileanna agus eagraíochtaí, a bhfuil teacht acu ar Mo Stór Óráidí, ach faoi réir ag faomhadh ó Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta, a mbainc óráidí príobháideacha féin a chruthú agus ag an am céanna na feidhmiúlachtaí uile a ghabhann le Mo Stór Óráidí a choimeád.
Is féidir leat scríobh chugainn ag SCIC-Speech-Repository@ec.europa.eu más mian leat tús a chur le do bhailiúchán féin.
SCICtrain
Is bailiúchán físeán é SCICtrain lena léirítear an chaoi a dtéann ateangaire gairmiúil i ngleic le cleachtadh ateangaireachta. Is féidir leat amharc orthu i mbun cleachtaidh, ag fáil aiseolais agus ag plé deacracht óráide nó na straitéisí a chuir siad i bhfeidhm i leith cainteoir ar leith. Tá físeáin le fáil ann freisin faoin dóigh ar féidir cleachtadh a dhéanamh, teanga a chur leis an teaglam teangacha atá agat cheana féin, nó pas a fháil i dtástáil chreidiúniúcháin.
Ábhar oiliúna Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta
Tá ábhar oiliúna forbartha ag Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta ar féidir lena hateangairí a úsáid nuair a thugann siad cuairteanna ar ollscoileanna chun cúnamh teagaisc a chur ar fáil.
D’fhoilsigh sí freisin Coimre an Retouriste ina liostaítear 100 próta-bhriathar d’ateangairí a bhfuil retour go Béarla acu.
ORCIT
Is leabharlann phoiblí ar líne é ORCIT ina bhfuil ábhar in 8 dteanga maidir le teagasc agus foghlaim na hateangaireachta comhdhála. Rinne roinnt ollscoileanna Eorpacha éagsúla an tionscadal seo a fhorbairt, le tacaíocht airgeadais ón gCoimisiún Eorpach.
Eile
Acmhainní Oiliúna d’Ateangairí
Is éard is Acmhainní Oiliúna d’Ateangairí ann suíomh ina dtiomsaítear ábhar agus naisc chun tacú le hateangairí comhdhála faoi oiliúint agus lena n-oiliúnóirí.
A word in your ear
Is éard is A word in your ear ann bailiúchán fairsing físeán faoi ghairm na hateangaireachta a chruthaigh Lourdes de Rioja, ateangaire comhdhála AIIC.
The Interpreter Diaries
Is blag faoi ateangaireacht le hateangaire comhdhála ar conradh de chuid an Aontais Eorpaigh é The Interpreter Diaries.
Troublesome Terps
Is podchraoladh é Troublesome Terps faoi ‘na rudaí a choinníonn ateangairí ina suí san oíche’.
Grúpa Cleachtaidh na nAteangairí sa Bhruiséil (IBPG)
Is grúpa cleachtaidh é IBGP (IBPG YouTube) d’ateangairí gairmiúla agus do chéimithe nua atá lonnaithe sa Bhruiséil. Is é is aidhm dó barr feabhas a chur ar scileanna ateangaireachta comhuainí agus ar scileanna ateangaireachta leantaí araon trí chleachtas grúpa agus aiseolas frithpháirteach.
Skilliga
Eagraíonn Skilliga cúrsaí agus imeachtaí forbartha gairmiúla d’aistritheoirí agus d’ateangairí. Uirlis chuardaigh saor in aisce d’Fhorbairt Ghairmiúil Leanúnach.
Interpreters know everything
Is blag é Interpreters know everything faoi na forbairtí is déanaí sa teicneolaíocht agus san ateangaireacht.