Ar an Lárionad Eolais um Aistriúchán agus Ateangaireacht, is féidir leat páirt a ghlacadh sna ‘pobail’. Is éard is pobail ann spásanna comhoibríocha inar féidir le húsáideoirí topaic ar leith a phlé le baill eile de chuid an ardáin. Agus tú ag idirghníomhú ar phobail, iarrtar ort cloí leis an gcód iompair.
Is féidir leat féachaint ar ár bhfíseán teagaisc YouTube, nó féach ar na treoracha thíos chun foghlaim conas na pobail a úsáid.
Pobal a chruthú
Chun pobal a chruthú, is féidir leat dul go dtí an leathanach baile, scrolláil síos chuig ‘Spásanna Comhoibríocha’ agus cliceáil ar ‘Pobail’. Ansin, is féidir leat cliceáil ar an gcnaipe ‘Pobal nua a chruthú’.

Treorófar thú ansin chuig an leathanach ‘Grúpa a chur leis’, áit a mbeidh ort ‘Pobal’ a roghnú.

Agus pobal á chruthú agat, is féidir leat na trí tháb ar chlé a úsáid chun ábhar a chur leis.
- Faoin táb ‘Ginearálta’, is féidir leat na nithe seo a leanas a roghnú:
- Teanga an phobail
- Teideal
- Ceannlíne: cur síos gearr ar an topaic
- Fotheideal: ní féidir le húsáideoirí eagarthóireacht a dhéanamh ar an réimse seo
- Corp: cur síos níos faide nó ceisteanna faoin topaic
- Faoin táb ‘Catagóiriú’, is féidir leat na nithe seo a leanas a roghnú:
- Catagóiriú: an cineál a fhreagraíonn do phríomhábhar an phobail (ateangaireacht chomhdhála, ateangaireacht seirbhíse poiblí, ateangaireacht dhlíthiúil nó nuálaíocht).
- Eochairfhocail: roghnaigh gach eochairfhocal atá ábhartha don phobal. Is féidir iad seo a úsáid níos déanaí chun pobal a chuardach.
-
Infheictheacht an ghrúpa: más grúpa poiblí atá sa ghrúpa, taispeánfar ar liosta na bpobal é agus beidh duine ar bith in ann páirt a ghlacadh ann. Más grúpa príobháideach é, ní thaispeánfar ar an liosta é agus ní bheidh ach baill a chuirfidh cruthaitheoir an phobail leis in ann é a fheiceáil agus páirt a ghlacadh ann.
- Faoin táb ‘Ilmheáin’, is féidir leat na nithe seo a leanas a roghnú:
- Ilmheáin sa spotsolas: má uaslódálann tú íomhá anseo, taispeánfar í i ‘corp’ an phobail. Is féidir freisin, áfach, íomhánna a chur isteach go díreach sa rannán ‘corp’ tríd an táb ‘Ginearálta’.
-
Comhaid: is féidir leat doiciméid a uaslódáil anseo. Beidh na baill in ann rochtain a fháil ar na doiciméid sin tríd an bpobal.
Tar éis duit na sonraí sin go léir a chur isteach, déan cinnte go gcliceálann tú ar an gcnaipe ‘Sábháil’ ag bun an scáileáin, agus cruthófar do Phobal.
Dréacht-téacs
I dtimpeallacht an phobail beidh deis agat téacs a dhréachtú, mar shampla chun corp-téacs an phobail a chruthú, postáil a chruthú nó doiciméad vicí a chruthú (míneofar na roghanna deireanacha thíos). Tá an chuma chéanna ar an gcomhéadan úsáideora chun téacs a dhréachtú sna cásanna sin go léir. Is féidir leat an barra uirlisí os cionn an bhosca téacs a úsáid chun an téacs a fhormáidiú. Is féidir leat an méid a leanas a dhéanamh:
- ceannteidil a chur leis ach úsáid a bhaint as an roghchlár anuas ar thaobh na láimhe clé den bharra uirlisí:
- an téacs a fhormáidiú le cló trom, cló iodálach nó líne a chur faoi.
- tábla a chur isteach ach úsáid a bhaint as an deilbhín atá roghnaithe san íomhá thíos:
-
hipearnasc a chur isteach. Is féidir leat an téacs ar mian leat é a thiontú ina hipearnasc a roghnú, cliceáil ar an deilbhín atá aibhsithe thíos agus greamaigh an URL ar mian leat tagairt a dhéanamh dó sa bharra atá le feiceáil:
-
néal eolais a chur leis. Is téacs é seo a bhíonn le feiceáil nuair a bhíonn úsáideoirí ar foluain leis an luchóg thar théarma ar chuir tú an néal eolais leis. Chun é sin a dhéanamh, is féidir leat téarma nó frása a roghnú, cliceáil ar an deilbhín atá aibhsithe thíos agus an téacs is mian leat a thaispeáint sa néal eolais a chur isteach. Is féidir an fheidhmiúlacht sin a úsáid, mar shampla, chun giorrúcháin a shoiléiriú mar a léirítear sa sampla thíos.


-
mar a léirítear san íomhá thíos, is féidir leat freisin (1) pointí urchair a chruthú, (2) sliocht athfhriotail a chur leis, (3) comhad a chur isteach, (4) íomhá a chur isteach, (5) meáin eile a chur isteach.

Postáil a chruthú
Laistigh den phobal atá cruthaithe agat, is féidir leatsa agus le baill eile postálacha a chruthú. Is féidir postálacha a úsáid, mar shampla, chun léargais a roinnt nó ceisteanna a chur. Is féidir le baill eile freagra a thabhairt ar phostálacha lena gceadaítear idirghníomhaíocht idir baill an phobail.
Chun postáil a chruthú, téigh chuig an bpobal agus cliceáil ar an gcnaipe ‘postáil nua a scríobh’:
Tiocfaidh tú ansin ar an leathanach seo a leanas, áit ar féidir leat do phostáil a chruthú (ar a dtugtar ‘nóta tráchta’ freisin) trí ábhar a chur ar fáil agus téacs a dhréachtú sa rannán ‘Nóta tráchta’:
Ball a chlibeáil
Agus postáil á chruthú agat, is féidir leat baill a chlibeáil ach ‘@’ a chur isteach roimh a n-ainm. Tiocfaidh roghchlár anuas aníos inar féidir leat an ball is mian leat a chlibeáil a roghnú. Gheobhaidh sé fógra tríd an seoladh ríomhphoist a d’úsáid sé chun a chuntas EU Login a chruthú.

Idirghníomhú le postálacha
Nuair a bheidh postáil cruthaithe, is féidir leat ‘is maith liom é’ a thabhairt di, í a thuairisciú, a scriosadh nó freagra a thabhairt uirthi. Ní bheidh ach baill a bhfuil ‘ról riarthóra’ acu in ann postálacha a scriosadh.

Nótaí tráchta a bhainistiú
I do cháil mar chruthaitheoir an phobail, agus dá bhrí sin mar mhodhnóir, tá sé de fhreagracht ort súil a choinneáil ar na nótaí tráchta a tuairiscíodh agus iad a scriosadh más gá.
Chun forléargas a fháil ar na nótaí tráchta a tuairiscíodh, is féidir leat nascleanúint a dhéanamh chuig an táb ‘Tuarascálacha’ sa phobal:
Ina theannta sin, is féidir leat forléargas a fháil ar na nótaí tráchta ar tugadh ‘is maith liom é’ dóibh ach nascleanúint a dhéanamh chuig an táb ‘Is maith liom é’:

Na baill a bhainistiú
Nuair a chliceálann tú ar an táb ‘baill’ de phobal feicfidh tú liosta de na baill ar fad.
Chun ball sa liosta seo a bhainistiú, is féidir leat cliceáil ar an tsaighead in aice le ‘féach ar bhall’:
Is féidir leat ‘ball a chur in eagar’ a roghnú chun a ról a athrú (riarthóir/gnáthbhall), nó is féidir leat ‘ball a bhaint’ a roghnú.
Ball a chur leis
Nuair a chliceálann tú ar an gcnaipe ‘Ball a chur leis’, beidh tú in ann ainm an duine a chuardach is mian leat a chur leis an bpobal:

Ansin is féidir leat iad a roghnú ón roghchlár anuas. Más mian leat go mbeadh na cearta céanna ag an duine sin agus atá ag cruthaitheoir an phobail, cuir tic sa bhosca ‘Riarthóir’. Beidh siad in ann eagarthóireacht a dhéanamh ar an bpobal ansin. Mura mian, fág an bosca seo bán. Beidh baill nach ‘riarthóir’ iad fós in ann idirghníomhú leis an bpobal (e.g. postáil a scríobh nó freagra a thabhairt ar phostáil eile), ach ní bheidh siad in ann eagarthóireacht a dhéanamh ar an bpobal féin.
Nuair a chliceálann tú ar ‘sábháil’ gheobhaidh an t-úsáideoir fógra gur cuireadh leis an bpobal é tríd an seoladh ríomhphoist a d’úsáid sé chun a chuntas EU Login a chruthú.
Doiciméad vicí a dhréachtú
Is doiciméad comhroinnte é doiciméad vicí ar féidir le baill de phobal é a dhréachtú, mar shampla le príomhchonclúidí phlé an phobail nó le hábhar a cheapann siad a bheadh úsáideach chun cur leis an Lárionad Eolais um Aistriúchán agus Ateangaireacht.
Chun doiciméad vicí a chruthú, téigh chuig an táb ‘amhairc’ de phobal agus roghnaigh ‘Doiciméid vicí’ sa roghchlár ar chlé.
Nuair a chliceálann tú ar an gcnaipe ‘Doiciméad vicí a chruthú’, rachaidh tú chuig leathanach inar féidir leat tosú ar dhoiciméad a dhréachtú le gach duine eile den phobal. Is féidir leat teideal a chur leis agus an téacs a scríobh sa rannán ‘Corp’.
Pobal a chur in eagar
Ní bheidh tú in ann pobal a chur in eagar ach amháin más tusa a chruthaigh é, nó má thug cruthaitheoir an phobail ról riarthóra duit.
Is féidir leat pobal a chur in eagar ach cliceáil ar tháb ‘cuir in eagar’ an phobail lena mbaineann:
Ansin beidh tú in ann athrú a dhéanamh ar na réimsí a líonadh isteach nuair a cruthaíodh an pobal.
Páirt a ghlacadh i bpobal atá ann cheana
Ar an leathanach baile, nuair a scrollaíonn tú síos go ‘Spásanna Comhoibríocha’ agus nuair a chliceálann tú ar ‘Pobail’ is féidir leat pobal atá ann cheana a chuardach leis an mbarra cuardaigh nó le ceann ar bith de na scagairí ar thaobh na láimhe clé (féach thíos).
Nuair a aimsíonn tú pobal a bhfuil spéis agat ann, roghnaigh an pobal agus cliceáil ar an gcnaipe ‘Glac páirt sa phobal’.
Chun forléargas a fháil ar na pobail go léir a bhfuil tú páirteach iontu, cliceáil ar an tsaighead in aice le d’ainm ar bharr an leathanaigh, roghnaigh ‘Mo chuntas’ agus ‘Mo Phobail’.
