Skip to main content
Knowledge Centre on Translation and Interpretation

Tionscal teanga

Foghlaim faoin méid a dhéanann an tionscal teanga agus conas a chuidíonn Grúpa Saineolaithe an Tionscail Teanga leis an gCoimisiún Eorpach le treochtaí aistriúcháin, teicneolaíochtaí teanga agus forbairtí tionscail.

LIND logo

Tionscal teanga

Tá ról ríthábhachtach ag an tionscal teanga i dtaca le daoine, gnólachtaí agus pobail a nascadh le chéile trí sheirbhísí teanga a chur ar fáil le haghaidh réitigh ilteangacha. I measc na seirbhísí sin tá:

  • aistriúchán
  • ateangaireacht
  • teicneolaíocht teanga
  • aistriúchán closamhairc
  • iar-eagarthóireacht.

Taobh thiar de na seirbhísí sin tá gairmithe a chinntíonn go sroicheann teachtaireachtaí agus smaointe an spriocphobal san fhormáid cheart agus go bhfuil an t-ábhar ceart iontu. A bhuí leis na gairmithe sin agus le teicneolaíochtaí teanga ceannródaíocha – lena n-áirítear iad siúd atá taobh thiar den intleacht shaorga – is féidir le gnólachtaí agus leis an bpobal rochtain a fháil ar eolas sna teangacha is fearr atá ar eolas acu. 

Is cuid den tionscal teanga í Ard-Stiúrthóireacht Aistriúcháin (DGT) an Choimisiúin Eorpaigh mar gheall ar a cuid aistriúcháin, eagarthóireachta agus seirbhísí IS-bhunaithe. Téann sí i gcomhairle go rialta leis an nGrúpa Saineolaithe um an Tionscal Teanga (LIND) chun léargas breise a fháil ar fhorbairtí na hearnála dinimiciúla mearfhorbartha seo. 

I measc na n-ábhar leasa choitinn tá:

  • conas aghaidh a thabhairt ar bhearnaí scileanna a mheastar a bheith ann
  • an tionchar a bhíonn ag an intleacht shaorga ar ghairmeacha teanga
  • oiliúint a chur ar ghairmithe na todhchaí.

Is minic a phléitear iad sin i gcomhar le líonra EMT.

Doiciméid ábhartha LIND

Cuireann LIND saineolas tionscail ar fáil ní hamháin do DGT ach don phobal i gcoitinne i réimsí éagsúla, mar a phléitear thíos.

Tuarascálacha margaidh ELIS

In 2013 sheol Aontas Eorpach Chumainn na gComhlachtaí Aistriúcháin (EUATC) Suirbhé Thionscal Teanga na hEorpa (ELIS). Sa lá atá inniu ann, bíonn ELIS á chomheagrú le ELIAFIT EuropeGALA, líonra ollscoile EMT, grúpa LIND an Choimisiúin Eorpaigh, agus Women in Localization. Clúdaíonn an suirbhé treochtaí an mhargaidh, ionchais agus ábhair imní, dúshláin agus bacainní, agus athruithe ar chleachtais ghnó. Reáchtáiltear é gach bliain agus cuirtear i láthair é le linn seimineár gréasáin atá ar fáil don phobal.

Tuarascálacha ELIS

Feachtas Infheictheachta an Tionscail

Tá athrú ag teacht ar na gairmeacha teanga agus tá siad ag dul in oiriúint do ré nua na hintleachta saorga. Chun gairmithe na todhchaí a ullmhú, tá sraith treoracha tarraingteacha forbartha ag saineolaithe ón tionscal teanga le tacaíocht ó AS an Aistriúcháin, ar treoracha iad atá dírithe ar mhic léinn, ar mhúinteoirí agus ar thuismitheoirí. Déanann siad an éagsúlacht agus na deiseanna domhanda nach mór a chur ar fáil le haghaidh gairmréimeanna i dteangacha a chur ar taispeáint. 

Tréimhsí oiliúna a chur chun cinn

Bíonn ról ríthábhachtach ag tréimhsí oiliúna i dtaca le gairmeacha fónta a fhorbairt do dhaoine nua agus cuidíonn siad le heagraíochtaí fás. A bhuí le tréimhsí oiliúna dúntar an bhearna idir oiliúint agus cleachtas gairmiúil agus téann siad chun tairbhe d’oiliúnaithe agus d’ósteagraíochtaí ag an am céanna.

Trí fhíoreispéireas a thairiscint d’oiliúnaithe tugtar deis dóibh na scileanna a ghnóthaigh siad le linn a gcuid staidéir a chur i bhfeidhm agus cinn nua a fhoghlaim agus líonraí gairmiúla a thógáil a osclóidh doirse dóibh amach anseo.

Chun é a dhéanamh níos éasca tréimhsí oiliúna a aimsiú agus a eagrú, chuaigh saineolaithe LIND i gcomhar le líonra EMT agus d’ullmhaigh siad uirlisí agus treoracha do mhic léinn agus do chuideachtaí atá ag smaoineamh ar oiliúnaithe a fhostú.

Cuireann KCTI tréimhsí oiliúna chun cinn san Eoraip agus níos faide i gcéin ina Rannán Gairmeacha.