Skip to main content
Knowledge Centre on Translation and Interpretation

Conference Interpretation

 

Leabhair agus ríomhleabhair ar an ateangaireacht chomhdhála

An ateangaireacht leantach

Gillies, Andrew. (2017). Note-taking for consecutive interpreting: A short course. Routledge.

Gillies, Andrew. (2019). Consecutive interpreting: A short course. Routledge.

Ilg, Gérard, & Lambert, Sylvie. (1996). Teaching consecutive interpreting. John Benjamins Publishing Company.

Rozan, Jean-François. (1974). La prise de notes en interprétation consécutive. Librairie de l'Université Georg. 

Cláir ateangaireachta

Is é misean Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta cumarsáid ilteangach a chumasú ag croílár chinnteoireacht an Aontais trí sheirbhísí ateangaireachta ardcháilíochta a sholáthar.

Chun a chinntiú go mbeidh dóthain ateangairí comhdhála cáilithe ar fáil, cuireann Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta tacaíocht oiliúna ar fáil do líon teoranta cúrsaí sna Ballstáit agus sna tíortha is iarrthóirí a bhfuil sé d’aidhm acu a gcuraclam agus a gcleachtais oideolaíocha céimithe staidéir ateangaireachta a ullmhú ar féidir leo pas a fháil inár dtriail chreidiúnúcháin. 

Caiféanna fíorúla KCTI

Tá caiféanna fíorúla KCTI dírithe go príomha (ach ní go heisiach) ar mhic léinn máistreachta lena bhfuil speisialtóireacht san aistriúchán agus san ateangaireacht chomhdhála i gceist. Sna cruinnithe ar líne seo, tugtar aghaidh ar ábhair a bhfuil spéis ar leith ag na mic léinn iontu agus tugtar an deis dóibh malartuithe fíorúla a dhéanamh lena chéile, le gairmithe aistriúcháin agus ateangaireachta ó institiúidí agus le heagraíochtaí éagsúla agus gairmithe i réimsí gaolmhara (taighdeoirí, mar shampla).

Acmhainní téarmaíochta seachtracha

Ar an leathanach seo, cuirtear rogha acmhainní téarmaíochta seachtracha ar fáil a roghnaíodh trí na critéir seo a leanas a chur i bhfeidhm:

  • an t-ilteangachas (acmhainní atá dírithe ar theangacha an Aontais)
  • iomasach (an cumas teacht ar choibhéisí ilteangacha)
  • iontaofacht (acmhainní a chuireann institiúid oifigiúil nó ag eagraíocht oifigiúil ar fáil).

 

Téarmaíocht

CÉ MUID FÉIN

Cuireann foirne téarmaíochta sheirbhísí aistriúcháin agus ateangaireachta an Choimisiúin ábhar téarmaíochta cothrom le dáta ar fáil chun cur ar chumas ár n-aistritheoirí agus ár n-ateangairí aistriúchán agus ateangaireacht ar ardchaighdeán a chur ar fáil le linn próisis chinnteoireachta ilteangacha. Cuidímid freisin chun uirlisí téarmaíochta a fhorbairt agus chun oiliúint a bhaineann le téarmaíocht a chur ar fáil.

Ollscoileanna

Cuireann seirbhísí teanga an Choimisiúin seirbhísí ilteangacha labhartha agus scríofa ar fáil. Chun na seirbhísí sin a chur ar fáil sa lá atá inniu ann agus amach anseo, tá gá le hoiliúint ateangaireachta agus aistriúcháin den scoth i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais agus níos faide i gcéin fiú. 

Tacaíonn Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta agus Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin araon le hoiliúint ghairmiúil ateangairí agus aistritheoirí trí líonraí, cuibhreannais, tacaíocht oiliúna agus deontais. 

Ailt agus irisí faoin ateangaireacht chomhdhála

Tá flúirse alt agus irisí faoin ateangaireacht chomhdhála ina ndéantar torthaí an taighde is déanaí sa ghort sin a chur in iúl. Ní liosta uileghabhálach é seo thíos. Bain úsáid as an gcnaipe aiseolais dá mba mhaith leat go liostófaí cinn eile.

Ailt

Babcock, L., Capizzi, M., Arbula, S. et al. (2017). Short-Term Memory Improvement After Simultaneous Interpretation Training. Journal of Cognitive Enhancement 1, 254–267. https://doi.org/10.1007/s41465-017-0011-x

Conference Interpretation